+5.5 Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil agus próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta
---+60. Ba cheart d’institiúidí rioscaí ábhartha ESG agus a dtionchar ar chatagóirí riosca airgeadais a …
---+61. Nuair a chuireann institiúidí tréimhsí níos faide san áireamh chun rioscaí ESG a chumhdach, ba …
---+62. Ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as léargais a fuarthas óna modheolaíochtaí measúnaithe …
---+63. Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí léargas réamhbhreathnaitheach ar a …
---+64. Ba cheart d’institiúidí rioscaí ábhartha comhshaoil agus a dtionchar ar leachtacht a ionchorprú …
---+65. Ba cheart d’institiúidí cur síos a áireamh ina gcreataí ICAAP agus ILAAP ar an inghlacthacht …
---+66. Agus rioscaí ESG á gcomhtháthú ina ICAAP agus rioscaí comhshaoil á gcomhtháthú ina ILAAP, ba …
|
5.5 Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil agus próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta
5.5 Próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil agus próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
60. Ba cheart d’institiúidí rioscaí ábhartha ESG agus a dtionchar ar chatagóirí riosca airgeadais a …
|
Ba cheart d’institiúidí rioscaí ábhartha ESG agus a dtionchar ar chatagóirí riosca airgeadais a ionchorprú ina ICAAP chun measúnú a dhéanamh ar mhéideanna, ar chineálacha agus ar dháileadh an chaipitil inmheánaigh a mheasann siad a bheith leordhóthanach chun cineál agus leibhéal na rioscaí ESG a chumhdach agus d’fhonn iad a choinneáil ar bhonn leanúnach, agus an ghearrthéarma, an meántéarma agus an fadtéarma á gcur san áireamh.
|
|
61. Nuair a chuireann institiúidí tréimhsí níos faide san áireamh chun rioscaí ESG a chumhdach, ba …
|
Nuair a chuireann institiúidí tréimhsí níos faide san áireamh chun rioscaí ESG a chumhdach, ba cheart na tréimhsí sin a úsáid mar fhoinse faisnéise chun tuiscint leordhóthanach a áirithiú ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí ESG do phleanáil chaipitil laistigh de ghnáth-thréimhsí ICAAP. Ba cheart go mbeadh na tréimhsí a mheastar chun caipiteal inmheánach leordhóthanach a chinneadh d’fhonn rioscaí ESG a chumhdach a bheith comhsheasmhach leis na tréimhsí a úsáidtear mar chuid de ICAAP foriomlán na n institiúidí. Ba cheart go mbeadh ICAAP sách réamhbhreathnaitheach agus i gcás ina measann institiúid ‑ nár cheart rioscaí a chumhdach le caipiteal ach go ndéanfaí iad a mhaolú trí uirlisí nó gníomhaíochtaí eile, ba cheart é sin a mhíniú.
|
|
62. Ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as léargais a fuarthas óna modheolaíochtaí measúnaithe …
|
Ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as léargais a fuarthas óna modheolaíochtaí measúnaithe riosca, lena n áirítear iad siúd dá dtagraítear i Roinn 4.2, chun riachtanais chaipitil inmheánacha le haghaidh neamhchosaintí nó punanna a mheastar a bheith níos leochailí i ‑ leith rioscaí ESG a shainaithint agus a thomhas, agus leibhéil éagsúla infhaighteachta agus aibíochta na modheolaíochtaí cainníochtaithe maidir le rioscaí comhshaoil i gcomparáid le rioscaí sóisialta agus rialachais á gcur san áireamh.
|
|
63. Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí léargas réamhbhreathnaitheach ar a …
|
Maidir le rioscaí comhshaoil, ba cheart d’institiúidí léargas réamhbhreathnaitheach ar a leordhóthanacht chaipitil a áireamh ina ICAAP faoi chás díobhálach lena n áireofaí eilimintí sonracha a bhaineann le rioscaí comhshaoil. Ina theannta sin, ba cheart d’institiúidí aon ‑ athruithe ar phlean gnó na hinstitiúide nó ar bhearta eile a dhíorthaítear ó thástáil struis ar rioscaí aeráide nó comhshaoil agus/nó ó thástáil struis droim ar ais a shonrú, i gcomhréir le mír 90 de Threoirlínte ÚBE maidir le Tástáil Struis15 .
|
|
64. Ba cheart d’institiúidí rioscaí ábhartha comhshaoil agus a dtionchar ar leachtacht a ionchorprú …
|
Ba cheart d’institiúidí rioscaí ábhartha comhshaoil agus a dtionchar ar leachtacht a ionchorprú ina bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht leachtachta (ILAAP) thar thréimhsí iomchuí laistigh de raon feidhme chumhdach ILAAP.
|
|
65. Ba cheart d’institiúidí cur síos a áireamh ina gcreataí ICAAP agus ILAAP ar an inghlacthacht …
|
Ba cheart d’institiúidí cur síos a áireamh ina gcreataí ICAAP agus ILAAP ar an inghlacthacht riosca, ar na tairseacha agus ar na teorainneacha a leagtar síos le haghaidh rioscaí ábhartha ESG agus rioscaí ábhartha comhshaoil faoi seach, agus ar an tionchar atá acu ar a sócmhainneacht nó ar a leachtacht, chomh maith leis an bpróiseas a chuirtear i bhfeidhm 15 Treoirlínte ÚBE maidir le tástáil struis na n institiúidí (EBA/GL/2018/04) 20 ‑ chun na tairseacha agus na teorainneacha sin a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart d’institiúidí faisnéis chomhthéacsúil leordhóthanach a chur ar fáil chun tuiscint a fháil ar a n anailís ar na himpleachtaí caipitil agus leachtachta a bhaineann le rioscaí ESG agus rioscaí comhshaoil, faoi seach, lena n áirítear trí shoiléireacht a sholáthar maidir leis na ‑ modheolaíochtaí a úsáidtear agus na boinn tuisceana bhunúsacha. ‑
|
|
66. Agus rioscaí ESG á gcomhtháthú ina ICAAP agus rioscaí comhshaoil á gcomhtháthú ina ILAAP, ba …
|
Agus rioscaí ESG á gcomhtháthú ina ICAAP agus rioscaí comhshaoil á gcomhtháthú ina ILAAP, ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcastacht na bpróiseas agus i leibhéal sofaisticiúlachta na modheolaíochtaí a úsáideann institiúidí a méid agus a gcastacht agus torthaí a measúnaithe ábharthachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|