+5. Méid iomchuí cothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí
---+19. Ba cheart a mheas gurb iomchuí méid an chothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí le luach na …
---+20. Chun críocha mhír 19 de na Treoirlínte seo, ní cháilíonn ach na hinfheistíochtaí sin a dhéanann …
---+21. Is éard is cothromas arna ranníoc ag an bhféichiúnaí ann méid iomlán na n-infheistíochtaí atá …
|
5. Méid iomchuí cothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí
5. Méid iomchuí cothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
19. Ba cheart a mheas gurb iomchuí méid an chothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí le luach na …
|
Ba cheart a mheas gurb iomchuí méid an chothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí le luach na maoine cónaithe nuair a chríochnaítear í chun críocha Airteagal 126a(2), pointe (b), de CRR, i gcás ina bhfuil an cóimheas idir méid an chothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí agus luach na maoine cónaithe nuair a chríochnaítear í cothrom le 25 % nó níos airde ná sin.
|
|
20. Chun críocha mhír 19 de na Treoirlínte seo, ní cháilíonn ach na hinfheistíochtaí sin a dhéanann …
|
Chun críocha mhír 19 de na Treoirlínte seo, ní cháilíonn ach na hinfheistíochtaí sin a dhéanann an féichiúnaí sa mhaoin dhochorraithe mar chothromas arna ranníoc ag an bhféichiúnaí nach ndéanann, más ann dó, ach éileamh iarmharach ar an maoin a thíolacadh don fhéichiúnaí, cibé acu i bhfoirm úsáid féin na maoine nó trí na sreafaí airgid a ghintear tríd an maoin a dhíol nó a ligean ar léas, atá fo-ordaithe go háirithe le haon éileamh a d’fhéadfadh a bheith ag an institiúid ón maoiniú a sholáthraítear, agus ar infheistíochtaí iad i bhfoirm ceann amháin díobh seo a leanas nó teaglaim díobh: - a. Airgead tirim arna infheistiú sa tionscadal agus arna leithscaradh ó shócmhainní eile an fhéichiúnaí, atá ar fáil chun costas réamh-mheasta an tionscadail a chumhdach, arna thomhas in airgeadra an mhaoinithe don fhéichiúnaí agus tráth ríomha na gceanglas caipitil;
- b. Fóirdheontais agus deontais a infheistíodh cheana féin chun costais thabhaithe an tionscadail a chumhdach nó a leithscaradh ó shócmhainní eile an fhéichiúnaí atá ar fáil chun costas réamh-mheasta an tionscadail a chumhdach, arna dtomhas in airgeadra an mhaoinithe don fhéichiúnaí agus tráth ríomha na gceanglas caipitil;
- c. Maidir le sócmhainní nach bhfuil faoi eire atá indíolta go héasca agus atá nasctha go díreach leis an tionscadal agus atá ar fáil chun costas réamh-mheasta an tionscadail a chumhdach, ba cheart iad a thomhas in airgeadra an mhaoinithe don fhéichiúnaí agus ba cheart iad a luacháil ag margadhluach na sócmhainní sin tráth ríomha na gceanglas caipitil. Ba cheart na sócmhainní sin a dhíol nó a thrádáil go héasca ar an margadh. Ba cheart na sócmhainní sin a bheith faoi cheangal conarthach lena n-úsáid chun costais forbartha nó tógála a bhaineann leis an tionscadal a íoc, agus ba cheart go mbeadh siad saor ó aon éilimh dhlíthiúla, liain nó srianta;
- d. Speansais le haghaidh forbartha nó tógála, íoctha ag an bhféichiúnaí as póca atá nasctha go díreach leis an tionscadal, arna dtomhas in airgeadra an mhaoinithe don fhéichiúnaí tráth ríomha na gceanglas caipitil;
- e. Talamh nó feabhsuithe, arna n-íoc as póca nó atá faoi úinéireacht an fhéichiúnaí cheana féin, atá nasctha go díreach leis an tionscadal, arna dtomhas in airgeadra an mhaoinithe don fhéichiúnaí agus ar luach an mhargaidh tráth ranníoca an fhéichiúnaí leis an tionscadal.
|
|
21. Is éard is cothromas arna ranníoc ag an bhféichiúnaí ann méid iomlán na n-infheistíochtaí atá …
|
Is éard is cothromas arna ranníoc ag an bhféichiúnaí ann méid iomlán na n-infheistíochtaí atá cáilithe de réir mhír 20 a ranníoc an féichiúnaí cheana féin, arna laghdú ag aon chostais iomarcacha a bhfuiltear ag súil leo faoi láthair chun an mhaoin dhochorraithe a chur i gcrích. Déantar costais iomarcacha a chainníochtú tríd an difríocht, más dearfach í, idir na costais iomlána a bhaineann leis an maoin dhochorraithe a chur i gcrích, idir chostais a tabhaíodh cheana féin agus costais a bhfuiltear ag súil leo fós, agus luach na maoine arna thomhas nuair a chuirtear i gcrích é arna thomhas mar a cheanglaítear le hAirteagal 229(1) CRR, i.e. dá mbeadh an mhaoin dhochorraithe curtha i gcrích cheana féin, agus saolré na hiasachta á cur san áireamh agus an acmhainneacht atá ann go mbeadh an margadhluach reatha do mhaoin mar sin a cuireadh i gcrích i bhfad níos airde ná an luach a bheadh inbhuanaithe thar shaolré na hiasachta. Chun críocha an tsainmhínithe seo, tagraíonn “costais iomarcacha” don mhéid ar mó na costais iomlána chun an mhaoin dhochorraithe a chur i gcrích ná luach na maoine tráth a chríochnaithe, agus ní don mhéid a sháraíonn na costais na costais mheasta tráth an tionscanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|