+6.2. Anailís athléimneachta
---+53. Ba cheart d’institiúidí a n - anailís athléimneachta a fhorbairt d’fhonn measúnú a dhéanamh ar …
---+54. Mar thúsphointe don anailís athléimneachta, ba cheart d’institiúidí anailís chríochnúil a …
---+55. Ar an mbonn sin, ba cheart d’institiúidí a gcás tagartha féin a shocrú, i.e. an cás lena …
---+56. Chomh maith leis an gcás tagartha, ba cheart d’institiúidí sraith cásanna malartacha ar leith a …
---+57. Agus anailís athléimneachta á déanamh acu, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar na …
---+58. I gcomhthráth leis an anailís chríochnúil sin ar a dtimpeallacht, ba cheart d’institiúidí …
---+59. Agus an anailís seo ar fhoinsí brabúsachta a samhla gnó agus a gcás tagartha á gcur le chéile …
---+60. Ba cheart d’institiúidí an anailís a mhiondealú i roinnt tréimhsí ama, agus comhsheasmhacht …
---+61. Ar mhaithe le hanailís athléimneachta, ba cheart d’institiúidí toimhde shrianta dinimiciúil …
---+62. Le hanailís athléimneachta, ba cheart measúnú a sholáthar d’institiúidí ar inmharthanacht a …
|
6.2. Anailís athléimneachta
6.2. Anailís athléimneachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
53. Ba cheart d’institiúidí a n - anailís athléimneachta a fhorbairt d’fhonn measúnú a dhéanamh ar …
|
Ba cheart d’institiúidí a n - anailís athléimneachta a fhorbairt d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a gcumas a dtreo straitéiseach agus a mbrabúsacht a chothú faoi dhálaí díobhálacha.
|
|
54. Mar thúsphointe don anailís athléimneachta, ba cheart d’institiúidí anailís chríochnúil a …
|
Mar thúsphointe don anailís athléimneachta, ba cheart d’institiúidí anailís chríochnúil a dhéanamh ar an timpeallacht ina n - oibríonn siad, agus ar an éabhlóid a mheastar a thiocfaidh uirthi thar thodhchaí intuartha.
|
|
55. Ar an mbonn sin, ba cheart d’institiúidí a gcás tagartha féin a shocrú, i.e. an cás lena …
|
Ar an mbonn sin, ba cheart d’institiúidí a gcás tagartha féin a shocrú, i.e. an cás lena léirítear an chonair chomhshaoil is dóchúla maidir le forbairtí amach anseo, de réir na hinstitiúide. Cuireann an cás tagartha inmheánach seo leis an gcás bunlíne a ús áidtear le haghaidh tástálacha struis ach leathnaíonn sé thar thréimhse fhadtéarmach agus d’fhéadfadh sé, mar thoradh air sin, imeacht go céimeanna éagsúla ó leanúint de threochtaí inbhraite.
|
|
56. Chomh maith leis an gcás tagartha, ba cheart d’institiúidí sraith cásanna malartacha ar leith a …
|
Chomh maith leis an gcás tagartha, ba cheart d’institiúidí sraith cásanna malartacha ar leith a roghnú atá deartha chun raon leathan todhchaíochtaí sochreidte a chumhdach.
|
|
57. Agus anailís athléimneachta á déanamh acu, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar na …
|
Agus anailís athléimneachta á déanamh acu, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar na lúba aiseolais a eascraíonn as oiriúnú na hearnála airgeadais do rioscaí atá ag dul i méid (e.g. cumhdach árachais laghdaithe i réigiúin atá leochaileach ó thaobh na haeráide de lena n- íslítear luachanna sócmhainní agus acmhainneacht creidmheasa, rud a mhéadaíonn caillteanais airgeadais agus a chuireann teorainn le hinfheistíocht amach anseo) agus a rannchuidiú le riachtanais mhaoiniúcháin an gheilleagair. Chuige sin, ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí ath - leithdháilte caipitil agus ar éifeachtaí plódaithe féideartha in earnálacha nó i bhfo - earnálacha is mó a ndéanann iarrachtaí aistrithe difear dóibh (e.g. aistriú ó earnálacha atá dian ar charbón mar gheall ar thuiscint mhéadaithe ar riosca, nó fócas iomarcach infheisteoirí ar shócmhainní glasa as a dtagann praghsáil mhíchruinn agus infhaighteacht maoinithe laghdaithe d’earnálacha idirthréimhseacha nó do FBManna leochaileacha).
|
|
58. I gcomhthráth leis an anailís chríochnúil sin ar a dtimpeallacht, ba cheart d’institiúidí …
|
I gcomhthráth leis an anailís chríochnúil sin ar a dtimpeallacht, ba cheart d’institiúidí príomhghnéithe dá samhail ghnó reatha a shainaithint, lena n - áirítear brabúsacht fholuiteach, meascán sócmhainní agus dliteanas, sciar den mhargadh, struchtúr cistiúc háin, príomhspreagthaí ratha agus príomhspleáchais.
|
|
59. Agus an anailís seo ar fhoinsí brabúsachta a samhla gnó agus a gcás tagartha á gcur le chéile …
|
Agus an anailís seo ar fhoinsí brabúsachta a samhla gnó agus a gcás tagartha á gcur le chéile, ba cheart d’institiúidí réamh - mheastacháin a dhéanamh ar a mbrabúsacht riosca - choigeartaithe agus ar roinnt méadrachtaí fóinteacha eile (lena n áirítear méadrachtaí comhshaoil) dá ngníomhaíochtaí éagsúla thar thréimhse 10 mbliana ar a laghad. Chun - dúshlán a thabhairt d’athléimneacht a straitéise, ba cheart d’institiúidí na réamh - mheastacháin a rinneadh ar bhonn a gcáis tagartha a atáirgeadh leis an tacar de chásan na malartacha.
|
|
60. Ba cheart d’institiúidí an anailís a mhiondealú i roinnt tréimhsí ama, agus comhsheasmhacht …
|
Ba cheart d’institiúidí an anailís a mhiondealú i roinnt tréimhsí ama, agus comhsheasmhacht idir na tréimhsí éagsúla á háirithiú ag an am céanna. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart go mbeadh siad in ann réamh - mheastacháin níos beaichte a dhéanamh thar th réimhse ghearrthéarmach (e.g. faoi bhun cúig bliana). De réir mar a shíneann an tréimhse ama, féadfaidh institiúidí raonta a úsáid ar fheidhmíocht ionchasach a straitéise agus ar na príomh - mhéadrachtaí eile.
|
|
61. Ar mhaithe le hanailís athléimneachta, ba cheart d’institiúidí toimhde shrianta dinimiciúil …
|
Ar mhaithe le hanailís athléimneachta, ba cheart d’institiúidí toimhde shrianta dinimiciúil punainne a úsáid lena dteorannófar na hathruithe laistigh dá bpríomhphunainn go dtí na hathruithe dá bhforáiltear ina straitéis reatha. Go sonrach, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil a réamh - mheastacháin ailínithe leis na spriocanna atá leagtha síos ina bplean i gcomhréir le hAirteagal 76(2) de Threoir 2013/36/AE. Mar chomhlánú air sin, féadfaidh institiúidí úsáid a bhaint as toimhde punainne dhinimiciúil i omlán ina n- ionchorpraítear éabhlóidí réamh - mheasta na dtosca comhshaoil agus an fhreagairt a bhfuiltear ag súil leo ar na héabhlóidí sin.
|
|
62. Le hanailís athléimneachta, ba cheart measúnú a sholáthar d’institiúidí ar inmharthanacht a …
|
Le hanailís athléimneachta, ba cheart measúnú a sholáthar d’institiúidí ar inmharthanacht a samhla gnó agus ar inbhuanaitheacht a straitéise faoi gach ceann de na cásanna a tástáladh. Ba cheart d’institiúidí na torthaí ó raon iomlán na gcásanna a mheas agus ní hamháin díriú ar chásanna meánraoin (i.e. cásanna nach n - imíonn ach go measartha óna gcás tagartha). Mar thoradh air sin, ba cheart go dtacódh cur chun feidhme anailíse athléimneachta leis an institiúid measúnú a dhéanamh ar a straitéis (lena n -áiríte ar a plean aistrithe) agus, i gcás inar gá, í a choigeartú chun a hathléimneacht in aghaidh cásanna díobhálacha malartacha a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|