+Cuspóirí
---+19. Cé nach gcumhdaítear leis na treoirlínte comhpháirteacha seo tástáil struis ar fud an chórais …
---+20. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú, a mhéid is féidir, go gcuirfear idirnaisc agus …
---+21. Agus na prionsabail agus na breithnithe modheolaíochta á gcinneadh, ba cheart do na húdaráis …
---+22. Ba cheart do na húdaráis inniúla an cumhdach a shainiú go soiléir i dtéarmaí punanna …
---+23. I gcás grúpaí airgeadais trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear na …
---+24. Bunaithe ar an gcuspóir agus ar an tréimhse ama lena mbaineann, ba cheart do na húdaráis …
---+25. Ba cheart an t ‑ eatramh ama roghnaithe a ailíniú le cuspóir beartaithe an chleachtaidh: ▪ Agus …
---+26. Ba cheart do na húdaráis inniúla cásanna tástála struis a shainaithint agus a roghnú bunaithe …
---+27. Nuair is féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar chomhtháthú rioscaí …
---+28. D’fhonn rioscaí ábhartha CSR a chomhtháthú i gcleachtaí tástála struis gearrthéarmacha, ba …
---+29. Agus tástáil struis CSR níos fadtéarmaí á déanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla roinnt …

Cuspóirí

Cuspóirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
19. Cé nach gcumhdaítear leis na treoirlínte comhpháirteacha seo tástáil struis ar fud an chórais …

Cé nach gcumhdaítear leis na treoirlínte comhpháirteacha seo tástáil struis ar fud an chórais san earnáil airgeadais, ba cheart d’údaráis inniúla, i gcás inar féidir, comhordú a dhéanamh ar fud na n ‑ earnálacha airgeadais chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir le measúnú riosca CSR agus comhroinnt sonraí a éascú i gcás inarb iomchuí. Ba cheart do na rialtóirí baincéireachta, árachais agus urrúis oibriú i gcomhar le chéile d’fhonn cuidiú le bealaí tarchurtha a shainaithint agus a shamhaltú (mar shampla ról an árachais i dtaca le comhthaobhachtaí iasachtaí na mbanc), toimhdí cásanna a ailíniú, agus caochspotaí rialála a chosc.

20. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú, a mhéid is féidir, go gcuirfear idirnaisc agus …

Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú, a mhéid is féidir, go gcuirfear idirnaisc agus éifeachtaí seach-iarmharta idir na hearnálacha airgeadais san áireamh i dtástálacha struis CSR. Ba cheart dóibh a mheas an chaoi ar féidir le rioscaí a bhaineann le CSR forleathadh tríd an gcóras airgeadais, rud lena méadaítear leochaileachtaí ar fud na n ‑ earnálacha baincéireachta, árachais agus bainistithe sócmhainní, maille le hearnálacha eile airgeadais.

21. Agus na prionsabail agus na breithnithe modheolaíochta á gcinneadh, ba cheart do na húdaráis …

Agus na prionsabail agus na breithnithe modheolaíochta á gcinneadh, ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an dearadh agus na gnéithe is oiriúnaí den tástáil struis bunaithe ar na cuspóirí atá beartaithe léi.

Raon feidhme

22. Ba cheart do na húdaráis inniúla an cumhdach a shainiú go soiléir i dtéarmaí punanna …

Ba cheart do na húdaráis inniúla an cumhdach a shainiú go soiléir i dtéarmaí punanna, earnálacha, limistéir gheografacha agus gníomhaíochtaí chun cur chuige cothrom pragmatach a áirithiú lena léirítear aibíocht na modheolaíochtaí agus na sonraí atá ar fáil.

23. I gcás grúpaí airgeadais trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear na …

I gcás grúpaí airgeadais trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear na heintitis ábhartha uile san áireamh sa mheasúnú.

24. Bunaithe ar an gcuspóir agus ar an tréimhse ama lena mbaineann, ba cheart do na húdaráis …

Bunaithe ar an gcuspóir agus ar an tréimhse ama lena mbaineann, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go mbeidh an chothromaíocht idir faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil leordhóthanach chun críche an chleachtaidh6 .

Eatramh ama

25. Ba cheart an t ‑ eatramh ama roghnaithe a ailíniú le cuspóir beartaithe an chleachtaidh: ▪ Agus …

Ba cheart an t ‑ eatramh ama roghnaithe a ailíniú le cuspóir beartaithe an chleachtaidh:

  • ▪ Agus measúnú á dhéanamh ar athléimneacht airgeadais in aghaidh suaití díobhálacha ach sochreidte, ba cheart eatramh gearrthéarmach (e.g. suas le 5 bliana) a úsáid, i gcomhréir le cleachtais thraidisiúnta tástála struis;
  • ▪ Agus measúnú á dhéanamh ar athléimneacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó na n ‑ eintiteas airgeadais, ba cheart eatramh ionchais níos fadtéarmaí a ghlacadh (10 mbliana ar a laghad, ag brath ar an ngníomhaíocht ghnó agus i gcomhréir le gealltanais fhadtéarmacha na n ‑ eintiteas airgeadais).

Dearadh cáis

26. Ba cheart do na húdaráis inniúla cásanna tástála struis a shainaithint agus a roghnú bunaithe …

Ba cheart do na húdaráis inniúla cásanna tástála struis a shainaithint agus a roghnú bunaithe ar chuspóirí an chleachtaidh. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar chásanna a úsáid bunaithe ar an eolas eolaíoch is déanaí agus arna mionsaothrú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha a aithnítear go forleathan7 . Moltar dóibh freisin conairí earnála agus réigiúnacha a ghiaráil chun miondealú leordhóthanach ar athróga maicreacnamaíocha a sholáthar d’eintitis airgeadais, agus comhsheasmhacht inmheánach fhoriomlán na gcásanna á coinneáil ar bun an tráth céanna.

27. Nuair is féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar chomhtháthú rioscaí …

Nuair is féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar chomhtháthú rioscaí cumaisc, i.e. an tionchar breise a eascraíonn as suaití iomadúla a tharlaíonn go comhuaineach nó i ndiaidh a chéile (cibé acu suaití a bhaineann le CSR nó suaití maicreacnamaíocha níos leithne). Ina theannta sin, agus i gcás inarb ábhartha, ba cheart dóibh a ndícheall a dhéanamh measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an dara babhta, is é sin na hiarmhairtí indíreacha agus aimplithe a eascraíonn as suaití tosaigh CSR, ach iad a ionchorprú go díreach sna cásanna nó mar anailís chomhlántach.

28. D’fhonn rioscaí ábhartha CSR a chomhtháthú i gcleachtaí tástála struis gearrthéarmacha, ba …

D’fhonn rioscaí ábhartha CSR a chomhtháthú i gcleachtaí tástála struis gearrthéarmacha, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, tógáil ar dhearadh an cháis a úsáidtear i dtástálacha struis traidisiúnta, agus é a oiriúnú chun bealaí tarchurtha a bhaineann go sonrach le CSR a léiriú agus athróga nua atá ábhartha do rioscaí CSR a ionchorprú.

(6 ) I bhfianaise na toimhdean is gá maidir leis an gcalabrú cáis agus saincheisteanna ó thaobh an tsamhaltaithe de, mar phrionsabal ginearálta, dá fhaide an tréimhse ama, is ea is airde an spleáchas ar fhaisnéis níos cáilíochtúla seachas faisnéis chainníochtúil (e.g. ní bhíonn coinne le haon athríomh cruinn ar mhéadracht chaipitil agus sócmhainneachta thar thréimhse fhadtéarmach).

(7 ) Mar shampla, le haghaidh rioscaí aeráide: an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS), an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC AE) nó comhlachtaí rialtais náisiúnta nó neamhrialtasacha;

29. Agus tástáil struis CSR níos fadtéarmaí á déanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla roinnt …

Agus tástáil struis CSR níos fadtéarmaí á déanamh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla roinnt cásanna ar leith a mheas lena gcumhdaítear raon leathan d’fhéidearthachtaí éagsúla ó thaobh na todhchaí de agus leibhéil déine (e.g. lena n ‑ áirítear pointí iompaithe). Féadfar leas a bhaint as cás lárnach an eintitis airgeadais féin leis an gcás tagartha, ar féidir leis a bheith ina thagarmharc chun tionchair conairí malartacha, atá difriúil go hábhartha ar straitéis agus ar athléimneacht samhlacha gnó a thástáil (e.g. trí bhíthin meastacháin bhrabúsachta arna gcoigeartú ó thaobh riosca de).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/