+Prionsabail agus breithnithe modheolaíochta
---+30. Ag brath ar shofaisticiúlacht an chur chuige, d’fhéadfadh cásanna a bheith i bhfoirm insintí …
---+31. Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh na cásanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach …
---+32. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cur chuige ó bharr anuas i …
---+33. Agus cur chuige ó bhun aníos á úsáid acu, ba cheart d’údaráis inniúla creataí modheolaíochta …
---+34. D’fhéadfaí smaoineamh ar chur chuige hibrideach a ghlacadh, d’fhonn láidreachtaí an dá …
---+35. Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an leibhéal gráinneachta, ba cheart do na húdaráis …
---+36. Ar a laghad, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe gráinneachta seo a leanas a mheas: a. …
---+37. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta …
---+38. Chun anailís a dhéanamh ar chistí, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, nuair is …
---+39. Maidir le tástálacha struis CSR, ba cheart d’údaráis inniúla tosú trí chur chuige an chláir …
---+40. Maidir le cleachtaí a bhfuil tréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, d’fhéadfaí cur …
---+41. I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le conairí aistrithe, forbairtí beartais agus …
---+42. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht bhainistíochta a aithníonn eintitis …
---+43. Ba cheart do na húdaráis inniúla sampla iomchuí na n ‑ eintiteas airgeadais a shainiú chun …
---+44. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtaí spriocdhírithe a …
---+45. Ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, lena …
---+46. I bhfianaise na luathchéime d’fhorbairt shamhaltú tástála struis CSR agus na hinfhaighteacht …
---+47. Ba cheart d’údaráis inniúla a aithint go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint le gach …
---+48. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar acmhainní daonna agus ábhartha …
---+49. Ba cheart cumais bhainistíochta agus bailithe sonraí a bheith ag na húdaráis inniúla lena …
---+50. Ba cheart do na húdaráis inniúla amlínte iomchuí a leagan síos chun tástálacha struis CSR agus …
---+51. Ba cheart an próiseas a struchtúrú d’fhonn anailís éifeachtúil, cumarsáid chomhsheasmhach …
---+52. I gcás cleachtaí ó bharr anuas, ba cheart do na húdaráis inniúla brath, a mhéid is féidir, ar …
---+53. I gcás inarb ann do bhearnaí sonraí, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid ionadaí réasúnta …
---+54. Ba cheart dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme chun cruinneas …
---+55. Ba cheart d’údaráis inniúla idirphlé éifeachtach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le …
---+56. I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart d’údaráis inniúla comhordú a dhéanamh ar fud …
|
Prionsabail agus breithnithe modheolaíochta
Prionsabail agus breithnithe modheolaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
30. Ag brath ar shofaisticiúlacht an chur chuige, d’fhéadfadh cásanna a bheith i bhfoirm insintí …
|
Ag brath ar shofaisticiúlacht an chur chuige, d’fhéadfadh cásanna a bheith i bhfoirm insintí simplí nó réamh-mheastacháin chainníochtúla níos mionsonraithe.
|
|
31. Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh na cásanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach …
|
Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh na cásanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach eintiteas airgeadais le haghaidh inchomparáideachta nó cásanna a chur in oiriúint do chatagóirí sonracha eintiteas airgeadais, agus a bpróifílí riosca agus a samhlacha gnó á gcur san áireamh. Cur chuige ó bharr anuas i gcomparáid le cur chuige ó bhun aníos
|
|
32. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cur chuige ó bharr anuas i …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cur chuige ó bharr anuas i gcomparáid le cur chuige ó bhun aníos, agus an modh is oiriúnaí á roghnú acu bunaithe ar na cuspóirí sonracha, ar aibíocht eintiteas airgeadais i dtástáil struis CSR, agus ar chineál na neamhchosaintí a chumhdaítear leis an measúnú, agus na breithnithe seo a leanas á gcur san áireamh: - ▪ Le cur chuige ó bharr anuas, ina ndéanann údaráis inniúla tionchair na gcásanna tástála struis a ríomh go lárnach, áirithítear leibhéal áirithe inchomparáideachta ar fud na n ‑ eintiteas airgeadais agus cuirtear smacht níos láidre ar an bpróiseas agus ar an modheolaíocht ar fáil d’údaráis inniúla, rud lena laghdaítear an t ‑ ualach ar an tionscal.
- ▪ Le cur chuige ó bhun aníos, ina ríomhtar eintitis airgeadais tionchar na gcásanna tástála struis iad féin, cuirtear leibhéal níos airde gráinneachta ar fáil, rud a fhágann gur féidir eilimintí neamhghnácha a bhaineann go sonrach le roinnt punanna, contrapháirtithe agus neamhchosaintí a ghabháil. Cothaíonn sé freisin rannpháirtíocht níos mó sa phróiseas tástála struis agus cuidíonn sé le fothú acmhainní na n ‑ eintiteas airgeadais a fheabhsú.
|
|
33. Agus cur chuige ó bhun aníos á úsáid acu, ba cheart d’údaráis inniúla creataí modheolaíochta …
|
Agus cur chuige ó bhun aníos á úsáid acu, ba cheart d’údaráis inniúla creataí modheolaíochta soiléire a bhunú chun comhsheasmhacht agus cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na n ‑ eintiteas airgeadais, lena n ‑ áirítear breithnithe comhréireachta maidir leis na hionchais i dtaca le sofaisticiúlacht a ríomha tionchair.
|
|
34. D’fhéadfaí smaoineamh ar chur chuige hibrideach a ghlacadh, d’fhonn láidreachtaí an dá …
|
D’fhéadfaí smaoineamh ar chur chuige hibrideach a ghlacadh, d’fhonn láidreachtaí an dá mhodheolaíocht a ghiaráil. Féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige iomchuí bunaithe ar infhaighteacht sonraí agus ar úinéireacht na samhla, ag cur san áireamh go bhféadfadh gá a bheith le sonraí agus samhaltú níos mionsonraithe i bpunanna nó i ngníomhaíochtaí sonracha, amhail riosca frithgheallta, mar shampla, ná mar is féidir i gcás cur chuige ó bharr anuas. Leibhéal gráinneachta
|
|
35. Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an leibhéal gráinneachta, ba cheart do na húdaráis …
|
Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an leibhéal gráinneachta, ba cheart do na húdaráis inniúla cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir simplíocht agus beachtas, agus infhaighteacht sonraí, cáilíocht agus aibíocht mhodheolaíochta á gcur san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sonraí ní ba mhionsonraithe chun, mar shampla, tionchair riosca aistrithe ar leibhéal na gníomhaíochta nó an eintitis nó tionchair réigiúnacha/áitiúla rioscaí fisiceacha a ghabháil go hiomchuí.
|
|
36. Ar a laghad, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe gráinneachta seo a leanas a mheas: a. …
|
Ar a laghad, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe gráinneachta seo a leanas a mheas: - a. Leibhéal punainne: Difreáil de réir cineál sócmhainní (e.g. iasachtaí corparáideacha, morgáistí, neamhchosaintí ceannasacha, sealúchais cothromais agus bannaí corparáideacha).
- b. Leibhéal earnála: Aicmiú bunaithe ar earnáil tionscail (e.g. tionscail ardcharbóin, fuinneamh, réadmhaoin, talmhaíocht). I gcás earnálacha sonracha, féadfar iniúchadh a dhéanamh ar ghráinneacht níos airde (e.g. cumhacht leictreach, earnáil a mbíonn tionchar ag teicneolaíocht cheannródaíoch uirthi, tionscail atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise). I gcás réadmhaoine, féadfar idirdhealú a fhiosrú idir neamhchosaintí ar eastát réadach tráchtála agus cónaithe.
- c. Leibhéal geografach: Idirdhealú de réir réigiúin (e.g. leibhéal NUTS 3 [aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh]) chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint ar rioscaí CSR a bhaineann go sonrach le suíomh, go háirithe rioscaí fisiceacha.
- d. Leibhéal an chontrapháirtí: Gráinneacht de réir oibleagáideoir aonair nó grúpaí oibleagáideoirí i gcás inarb ann do rioscaí comhchruinnithe suntasacha.
- e. Catagóir riosca: Rioscaí fisiceacha (guaiseacha aeráide géara agus ainsealacha), rioscaí aistrithe (athruithe beartais, teicneolaíochta agus margaidh), agus tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais eile (e.g. cailliúint bithéagsúlachta, truailliú, rioscaí sóisialta agus rialachais) a shainaithint ar leithligh.
|
|
37. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta sonraí ag brath ar an gcineál sócmhainne/punainne agus ar chuspóir an chleachtaidh. Mar shampla, i gcás neamhchosaintí ceannasacha d’fhéadfadh leibhéal tíre a bhei th leordhóthanach, agus i gcás punanna iasachtaithe nó frithgheallta, ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar ghráinneacht réigiúnach suas le sonraí geoshuímh ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar riosca fisiciúil.
|
|
38. Chun anailís a dhéanamh ar chistí, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, nuair is …
|
Chun anailís a dhéanamh ar chistí, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, nuair is féidir agus nuair atá sé comhsheasmhach leis an rialachán earnála is infheidhme, ach cur chuige na trédhearcachta a ghlacadh maidir le sealúchais cistí. Toimhdí maidir leis an gclár comhardaithe
|
|
39. Maidir le tástálacha struis CSR, ba cheart d’údaráis inniúla tosú trí chur chuige an chláir …
|
Maidir le tástálacha struis CSR, ba cheart d’údaráis inniúla tosú trí chur chuige an chláir comhardaithe stataigh a ghlacadh, ar cur chuige é a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtástálacha struis traidisiúnta. Mar sin féin, féadfaidh siad tionchair struchtúracha phlean aistrithe na n ‑ eintiteas airgeadais a mheas, i gcás inarb indéanta agus inarb infheidhme, ag brath ar an tréimhse ama.
|
|
40. Maidir le cleachtaí a bhfuil tréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, d’fhéadfaí cur …
|
Maidir le cleachtaí a bhfuil tréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, d’fhéadfaí cur chuige dinimiciúil i leith an chláir comhardaithe (le srianta nó gan iad) a ghlacadh chun réadúlacht ní b’fhearr a áirithiú, a d’fhéadfadh díriú ar phríomhmhírean na an chláir comhardaithe, lena léirítear athruithe ar chomhdhéanamh punainne (neamhchosaintí atá ag teacht chun cinn, ath-leithdháileadh sócmhainní agus gníomhaíochtaí maolaithe riosca mar fhreagairt ar shuaití a bhaineann le CSR).
|
|
41. I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le conairí aistrithe, forbairtí beartais agus …
|
I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le conairí aistrithe, forbairtí beartais agus freagairtí margaidh, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar cheangal a chur ar eintitis airgeadais údar a thabhairt lena bhfreagairtí pleanáilte, lena n ‑ áiritheofar go mbeidh coigeartuithe ar an gclár comhardaithe – amhail athdháileadh punainne, athruithe ar bheartais iasachtaithe nó frithgheallta, nó athruithe ar struchtúir chistiúcháin – réadúil agus comhsheasmhach lena straitéisí aistrithe a nochtar go poiblí.
|
|
42. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht bhainistíochta a aithníonn eintitis …
|
Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht bhainistíochta a aithníonn eintitis airgeadais bunaithe ar a n ‑ indéantacht, ar a dtráthúlacht agus ar na hiarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus spleáchas iomarcach ar thoimhdí dóchasa cha á sheachaint. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear feabhas ar réalachas agus ar chineál réamhbhreathnaitheach na dtástálacha struis CSR le cur chuige dinimiciúil i leith an chláir comhardaithe le srianta ach pleananna inchreidte agus freagairtí bainistíochta a ionchorprú, agus coimircí íosta á gcoinneáil i gcoinne solúbthacht iomarcach i dtoimhdí agus inchomparáideacht i dtaobh thorthaí na dtástálacha struis á bhfeabhsú ag an am céanna. Sampla d’eintitis airgeadais
|
|
43. Ba cheart do na húdaráis inniúla sampla iomchuí na n ‑ eintiteas airgeadais a shainiú chun …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla sampla iomchuí na n ‑ eintiteas airgeadais a shainiú chun páirt a ghlacadh i dtástáil struis CSR agus/nó in anailís ar chásanna CSR, lena n ‑ áiritheofar cumhdach leordhóthanach earnála/margaidh, agus na cuspóirí sonraithe agus, i gcás measúnuithe téamacha, fócas an chleachtaidh á gcur san áireamh. Ba cheart dearadh na tástála struis a oiriúnú, i gcás inar gá, chun saintréithe na gcatagóirí éagsúla d’eintitis airgeadais a léiriú.
|
|
44. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtaí spriocdhírithe a …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtaí spriocdhírithe a dhéanamh ar fhothacair shonracha eintiteas d’fhonn aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí ar leith nó ar threochtaí riosca CSR atá ag teacht chun cinn. Comhréireacht
|
|
45. Ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, lena …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, lena gceadaítear simplithe modheolaíochta i dtaca le méid, cineál agus castacht ghníomhaíochtaí na n ‑ eintiteas airgeadais, chomh maith le hábharthacht na rioscaí. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a leathnú chuig ceanglais tuairiscithe, dearadh cásanna agus ionchais samhaltaithe, lena n ‑ áiritheofar cothromaíocht leordhóthanach idir stóinseacht anailíseach agus indéantacht phraiticiúil.
|
|
46. I bhfianaise na luathchéime d’fhorbairt shamhaltú tástála struis CSR agus na hinfhaighteacht …
|
I bhfianaise na luathchéime d’fhorbairt shamhaltú tástála struis CSR agus na hinfhaighteacht sonraí, féadfaidh na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar raon feidhme na hanailíse a theorannú, cothromaíocht leordhóthanach costais is tairbhe a áirithiú d’údaráis inniúla agus do na heintitis airgeadais araon. Teorainneacha na samhla
|
|
47. Ba cheart d’údaráis inniúla a aithint go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint le gach …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a aithint go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint le gach samhail, agus tá feidhm aige sin go háirithe maidir le samhlacha CSR atá ag teacht chun cinn. I gcás tástáil struis ó bhun aníos, chun na teorainneacha sin a mhaolú, agus chun stóinseacht agus inchreidteacht thástáil struis agus anailís athléimneachta CSR a fheabhsú, ba cheart anailís chomhlántach a úsáid chun torthaí a chros-bhailíochtú agus a n ‑ inchreidteacht a áirithiú, teicnící tagarmharcála a úsáid, agus torthaí a chros-bhailíochtú le modheolaíochtaí malartacha.
|
|
48. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar acmhainní daonna agus ábhartha …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar acmhainní daonna agus ábhartha leordhóthanacha a shannadh don phróiseas. Áirítear leis sin rannpháirtíocht bhuan nó ad hoc foirne a bhfuil saineolas acu ar mheasúnú riosca CSR, ar mhodheolaíochtaí tástála struis, agus ar mhaoirseacht airgeadais.
|
|
49. Ba cheart cumais bhainistíochta agus bailithe sonraí a bheith ag na húdaráis inniúla lena …
|
Ba cheart cumais bhainistíochta agus bailithe sonraí a bheith ag na húdaráis inniúla lena dtacaítear le rochtain ar shonraí ardcháilíochta CSR. Ba cheart dóibh freisin bonneagar TF a fhorbairt agus a chothabháil lenar féidir sonraí a bhailiú go héifeachtúil, cás leordhóthanach a chinneadh, agus anailís a dhéanamh ar thorthaí. Amlínte don chleachtadh
|
|
50. Ba cheart do na húdaráis inniúla amlínte iomchuí a leagan síos chun tástálacha struis CSR agus …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla amlínte iomchuí a leagan síos chun tástálacha struis CSR agus anailísí ar chásanna a dhéanamh, agus cothromaíocht á baint amach idir an gá atá le hiomláine agus cruinneas agus ceanglais an phróisis cinnteoireachta. Ba cheart am leordhóthanach um ullmhúchán a thabhairt d’eintitis airgeadais chun faisnéis ábhartha a thiomsú agus a measúnuithe a dhéanamh agus, ag an am céanna, é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh agus tuairisciú cruinn a áirithiú.
|
|
51. Ba cheart an próiseas a struchtúrú d’fhonn anailís éifeachtúil, cumarsáid chomhsheasmhach …
|
Ba cheart an próiseas a struchtúrú d’fhonn anailís éifeachtúil, cumarsáid chomhsheasmhach torthaí agus comhtháthú sa chreat maoirseachta níos leithne a éascú. Bailiú sonraí
|
|
52. I gcás cleachtaí ó bharr anuas, ba cheart do na húdaráis inniúla brath, a mhéid is féidir, ar …
|
I gcás cleachtaí ó bharr anuas, ba cheart do na húdaráis inniúla brath, a mhéid is féidir, ar thuairisciú rialála agus creataí nochta atá ann cheana agus acmhainní seachtracha a ghiaráil i gcás inarb ábhartha. Féadfaidh siad bailiúcháin sonraí ad hoc a mheas mar fhoinse riachtanach chomhlántach faisnéise. Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear a bheith teoranta don fhaisnéis a úsáidtear le haghaidh na n ‑ anailísí agus an bhailíochtaithe.
|
|
53. I gcás inarb ann do bhearnaí sonraí, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid ionadaí réasúnta …
|
I gcás inarb ann do bhearnaí sonraí, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid ionadaí réasúnta, meastachán réasúnta agus breithiúnas saineolach a chur chun cinn, agus eintitis airgeadais á spreagadh ag an am céanna chun feabhas a chur ar chumais sonraí inmheánacha le himeacht ama. Próiseas dearbhaithe cáilíochta
|
|
54. Ba cheart dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme chun cruinneas …
|
Ba cheart dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme chun cruinneas, comhsheasmhacht agus iontaofacht thorthaí na tástála struis a fhíorú. Ba cheart do na húdaráis inniúla sásraí athbhreithnithe a bhunú (e.g. tagarmharcáil nó athbhreithnithe piaraí) chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht sonraí, ar stóinseacht modheolaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar leordhóthanacht cáis. I gcás inar gá, ba cheart breithiúnas saineolaithe a bheith ina chomhlánú ar thorthaí cainníochtúla d’fhonn teorainnea cha samhla a mhaolú. Idirphlé éifeachtach le heintitis airgeadais
|
|
55. Ba cheart d’údaráis inniúla idirphlé éifeachtach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla idirphlé éifeachtach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le heintitis airgeadais le linn an phróisis tástála struis. Áirítear leis sin treoraíocht shoiléir a sholáthar maidir le hionchais, rannpháirtíocht ag príomhchéimeanna a éascú, agus a áirithiú go mbeidh an deis ag eintitis airgeadais gnéithe modheolaíochta a shoiléiriú. Le hidirghníomhaíocht thráthrialta, cuirfear feabhas ar inchreidteacht an chleachtaidh agus ar chumas eintiteas airgeadais breithnithe riosca CSR a ionchorprú ina gcreataí bainistíochta riosca féin. Comhordú trasteorann agus comhordú ar fud an chórais
|
|
56. I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart d’údaráis inniúla comhordú a dhéanamh ar fud …
|
I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart d’údaráis inniúla comhordú a dhéanamh ar fud dlínsí chun cur chuige comhchuibhithe a cheadú maidir le tástáil struis CSR do ghrúpaí airgeadais trasteorann. Áirítear leis sin comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta eile chun modheolaíochtaí a ailíniú, dea-chleachtais a roinnt, agus ilroinnt rialála a sheachaint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|