+1. Beartais luach saothair do gach ball foirne
---+12. I gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2019/2034, ceanglaítear ar ghnólachtaí …
---+13. Ba cheart go sonrófaí sa bheartas luach saothair gach comhpháirt den luach saothair agus go …
---+14. Ba cheart go dtiocfadh luach saothair seasta na mball foirne lena dtaithí ghairmiúil agus lena …
---+15. I gcás go mbaineann gnólacht infheistíochta leas as tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ba …
---+16. Ba cheart go mbeadh beartas luach saothair an ghnólachta infheistíochta do gach ball foirne …
---+17. Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil …
---+18. I gcás go ndámhtar luach saothair inathraithe, ba cheart go mbeadh dámhachtainí dá leithéid …
---+19. Ba cheart go mbeadh an beartas luach saothair comhsheasmhach leis an gceanglas go bhfuil bonn …
---+20. Ba cheart go gcuimseofaí an méid seo a leanas as bheartas luach saothair: a. na cuspóirí …
---+21. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go sainaithneofar agus go mbainisteofar …
---+22. I gcás go gcuirtear beartais luach saothair nó grúpbheartais luach saothair chun feidhme i …
---+23. Gan dochar do bhearta ar bith arna nglacadh ag na Ballstáit chun míbhuntáistí i ngairmeacha …
---+24. Ba cheart go n-áiritheofaí le beartas luach saothair atá neodrach ó thaobh inscne de go bhfuil …
---+25. Agus an pá in aghaidh an aonaid tomhais nó ama á chinneadh, ba cheart do ghnólachtaí …
---+26. Chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeartas luach saothair atá neodrach ó thaobh …
---+27. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta gnéithe breise a bhreithniú ar bhealach atá neodrach ó …

1. Beartais luach saothair do gach ball foirne

1. Beartais luach saothair do gach ball foirne

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
12. I gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2019/2034, ceanglaítear ar ghnólachtaí …

I gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2019/2034, ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta beartas luach saothair a bheith acu do gach ball foirne, agus na critéir laistigh d’Airteagail 28 go 33 den Treoir seo agus sna treoirlínte seo á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh an beartas luach saothair do gach ball foirne neodrach ó thaobh inscne de, i.e. ba cheart go mbeadh an luach saothair céanna ag baill foirne, neamhspleách ar a n-inscne, as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach i gcomhréir le pointe 12 d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034 agus Airteagal 157 CFAE. Ba cheart go mbeadh cur chuige atá neodrach ó thaobh inscne de ann maidir le harduithe pá agus dul chun cinn gairme.

13. Ba cheart go sonrófaí sa bheartas luach saothair gach comhpháirt den luach saothair agus go …

Ba cheart go sonrófaí sa bheartas luach saothair gach comhpháirt den luach saothair agus go gcuimseofaí ann freisin an beartas pinsin, lena n-áirítear, más ábhartha, an creat le haghaidh luathscoir. Ba cheart go ndéanfaí creat a leagan síos sa bheartas luach saothair chomh maith do dhaoine eile a ghníomhaíonn thar ceann an ghnólachta infheistíochta (e.g. gníomhairí ceangailte), lena n-áiritheofaí go ndéanfar dreasachtaí a sholáthar leis na híocaíochtaí a dhéantar le haghaidh glacadh stuama rioscaí agus nach ndéantar foráil iontu maidir le haon dreasacht le haghaidh rioscaí iomarcacha a ghlacadh nó le haghaidh mídhíol táirgí.

14. Ba cheart go dtiocfadh luach saothair seasta na mball foirne lena dtaithí ghairmiúil agus lena …

Ba cheart go dtiocfadh luach saothair seasta na mball foirne lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagracht eagraíochtúil ag cur san áireamh an leibhéal oideachais, méid na sinsearachta, an leibhéal saineolais agus scileanna, na srianta (e.g. tosca sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha nó tosca ábhartha eile) agus taithí oibre, an ghníomhaíocht ghnó ábhartha agus leibhéal luach saothair an tsuímh gheografaigh. Ba cheart go mbeadh an luach saothair seasta neodrach ó thaobh inscne de mar atá sé leis an luach saothair inathraithe.

15. I gcás go mbaineann gnólacht infheistíochta leas as tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ba …

I gcás go mbaineann gnólacht infheistíochta leas as tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ba cheart don ghnólacht infheistíochta a áirithiú go bhfuil an beartas luach saothair do na baill foirne go léir comhsheasmhach leis na ceanglais faoi Airteagal 31 de Threoir (AE) 2019/2034.

16. Ba cheart go mbeadh beartas luach saothair an ghnólachta infheistíochta do gach ball foirne …

Ba cheart go mbeadh beartas luach saothair an ghnólachta infheistíochta do gach ball foirne comhsheasmhach le cuspóirí straitéis ghnó agus riosca an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (CSR4 ), cultúr agus luachanna corparáideacha, cultúr riosca, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le tosca riosca comhshaoil, shóisialta agus rialachais (CSR), leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta, agus na bearta a úsáidtear chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, rioscaí a ghlacadh go stuama agus EBA Public

iompar freagrach gnó a spreagadh. Ba cheart athruithe ar chuspóirí agus ar bhearta dá leithéid a chur san áireamh agus an beartas luach saothair á nuashonrú. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go bhfuil cleachtais luach saothair ag teacht lena n-inghlacthachta riosca fhoriomlán, agus na rioscaí uile á gcur san áireamh, lena n-áirítear rioscaí clú agus rioscaí oibriúcháin a thagann as mídhíol táirgí. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta leasanna fadtéarmacha na scairshealbhóirí nó na n-úinéirí a chur san áireamh chomh maith, ag brath ar fhoirm dhlíthiúil an ghnólachta infheistíochta.


4 Féach chomh maith Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Márta 2019 maidir le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

17. Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil …

Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil an beartas agus na cleachtais luach saothair comhsheasmhach le bainistíocht fhónta agus éifeachtach riosca agus go gcuirtear chun cinn í leo.

18. I gcás go ndámhtar luach saothair inathraithe, ba cheart go mbeadh dámhachtainí dá leithéid …

I gcás go ndámhtar luach saothair inathraithe, ba cheart go mbeadh dámhachtainí dá leithéid bunaithe ar fheidhmíocht na ngnólachtaí infheistíochta, na mball foirne agus, más infheidhme, na n-aonad gnó agus go gcuirtear na rioscaí a glacadh san áireamh iontu. Ba cheart go ndéanfaí idirdhealú soiléir leis an mbeartas luach saothair maidir leis an luach saothair inathraithe agus an measúnú feidhmíochta idir feidhmeanna an gnó oibriúcháin, feidhmeanna corparáideacha agus feidhmeanna rialaithe. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a mheas cad iad na gnéithe den bheartas luach saothair ar luach saothair inathraithe na mball foirne sainaitheanta faoi Airteagal 32 de IFD ar cheart iad a chuimsiú sa bheartas luach saothair do na baill foirne ar fad.

19. Ba cheart go mbeadh an beartas luach saothair comhsheasmhach leis an gceanglas go bhfuil bonn …

Ba cheart go mbeadh an beartas luach saothair comhsheasmhach leis an gceanglas go bhfuil bonn caipitil fónta ag gnólacht infheistíochta. Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin sa bheartas luach saothair srianta féideartha ar dháiltí faoi Airteagal 39 de Threoir (AE) 2019/2034.

20. Ba cheart go gcuimseofaí an méid seo a leanas as bheartas luach saothair: a. na cuspóirí …

Ba cheart go gcuimseofaí an méid seo a leanas as bheartas luach saothair:

  • a. na cuspóirí feidhmíochta don ghnólacht infheistíochta, do na réimsí gnó agus do na baill foirne;
  • b. na modhanna chun feidhmíocht a thomhas, lena n-áirítear na critéir fheidhmíochta;
  • c. struchtúr an luach saothair inathraithe, lena n-áirítear, más infheidhme, na hionstraimí ina ndámhtar codanna den luach saothair inathraithe;
  • d. bearta coigeartaithe riosca ex ante agus ex post an luach saothair inathraithe5 .

5 Tá ceanglais shonracha maidir le luach saothair na mball foirne sainaitheanta agus a ailíniú riosca cuimsithe i dTeidil III agus IV de na treoirlínte seo.

21. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go sainaithneofar agus go mbainisteofar …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go sainaithneofar agus go mbainisteofar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca ionstraimí a íoc mar chuid den luach saothair athraithe nó seasta a shainaithint agus a bhainistiú. Áirítear leis sin a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha trádála chos istigh agus nach ndéanfar aon bhearta a bhféadfadh tionchar gearrthéarmach a bheith acu ar phraghas na scaireanna nó na n-ionstraimí. EBA Public

22. I gcás go gcuirtear beartais luach saothair nó grúpbheartais luach saothair chun feidhme i …

I gcás go gcuirtear beartais luach saothair nó grúpbheartais luach saothair chun feidhme i ngnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear ina bhfochuideachtaí, agus gurb iad foireann an ghnólachta infheistíochta úinéirí tromlaigh an ghnólachta infheistíochta nó na fochuideachta freisin, ba cheart an beartas maidir le luach saothair a choigeartú de réir staid shonrach na ngnólachtaí nó na bhfochuideachtaí sin. Maidir le baill foirne shainaitheanta, ba cheart don ghnólacht infheistíochta a áirithiú go gcomhlíonfar leis an mbeartas luach saothair na ceanglais ábhartha faoi Airteagal 30 agus faoi Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 agus faoi na treoirlínte seo ar leibhéal aonair agus más infheidhme, ar leibhéal comhdhlúite.

23. Gan dochar do bhearta ar bith arna nglacadh ag na Ballstáit chun míbhuntáistí i ngairmeacha …

Gan dochar do bhearta ar bith arna nglacadh ag na Ballstáit6 chun míbhuntáistí i ngairmeacha gairmiúla na hinscne tearcionadaithe a chosc nó iad a chúiteamh7 , ba cheart go mbeadh an beartas luach saothair agus na coinníollacha fostaíochta gaolmhara go léir a bhfuil tionchar acu ar an bpá in aghaidh an aonaid tomhais nó an ráta ama neodrach ó thaobh inscne de, i.e. níor cheart go mbeadh aon idirdhealú idir baill foirne den inscne fhireannach, bhaineann nó athraitheach.


6 E.g. agus Treoir 2006/54/CE á cur chun feidhme

7 Cé go n-úsáidtear an téarma ‘gnéas tearcionadaithe’ in Airteagal 157 CFAE, úsáidtear an téarma 'inscne thearcionadaithe’ sna treoirlínte seo freisin, i gcomhréir le téarmaíocht an CDR, tá an bhrí chéanna leis an dá théarma chun críche na treoirlíne seo.

24. Ba cheart go n-áiritheofaí le beartas luach saothair atá neodrach ó thaobh inscne de go bhfuil …

Ba cheart go n-áiritheofaí le beartas luach saothair atá neodrach ó thaobh inscne de go bhfuil gach gné den bheartas luach saothair neodrach ó thaobh inscne de, lena n-áirítear na coinníollacha dámhachtana agus eisíocaíochta le haghaidh luach saothair. Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta ábalta a léiriú go bhfuil an beartas luach saothair neodrach ó thaobh inscne de.

25. Agus an pá in aghaidh an aonaid tomhais nó ama á chinneadh, ba cheart do ghnólachtaí …

Agus an pá in aghaidh an aonaid tomhais nó ama á chinneadh, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta an luach saothair a dámhadh, na socruithe ama oibre, tréimhsí saoire bliantúla agus sochair airgeadais agus neamhairgeadais eile a chur san áireamh go cuí. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta oll-luach saothair bliantúil na mball foirne arna ríomh ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha a úsáid mar aonad tomhais.

26. Chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeartas luach saothair atá neodrach ó thaobh …

Chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeartas luach saothair atá neodrach ó thaobh inscne de, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta luach an phoist a thaifeadadh go hiomchuí, e.g. trí chur síos poist a thaifeadadh nó trí chatagóirí pá a shainiú, do gach ball foirne nó do chatagóirí ball foirne agus a chinneadh cad iad na poist a meastar go bhfuil luach comhionann leo, e.g. trí chóras aicmithe post a chur chun feidhme, ag cur san áireamh ar a laghad an cineál gníomhaíochtaí, cúraimí agus dualgas a shanntar don phost nó do bhall foirne. I gcás go n-úsáidtear córas aicmithe post chun pá a chinneadh, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar na critéir chéanna d'fhir, do mhná agus do bhaill foirne inscní athraitheacha agus mar sin ba cheart é a dhréachtú ionas go ndéanfar aon idirdhealú, lena n-áirítear ar fhorais inscne a eisiamh. EBA Public

27. Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta gnéithe breise a bhreithniú ar bhealach atá neodrach ó …

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta gnéithe breise a bhreithniú ar bhealach atá neodrach ó thaobh inscne de agus luach saothair na foirne á chinneadh. D’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas a bheith i gceist:

  • a. riachtanais oideachais, ghairmiúla agus oiliúna, scileanna, iarracht agus freagracht, an obair a dhéantar agus cineál na gcúraimí atá i gceist8 ;
  • b. áit na fostaíochta agus na costais mhaireachtála;
  • c. leibhéal ordlathach na mball foirne agus má tá freagrachtaí bainistíochta ar an bhfoireann;
  • d. leibhéal oideachais fhoirmiúil na mball foirne;
  • e. ganntanas na mball foirne atá ar fáil i margadh an tsaothair le haghaidh poist faoi leith;
  • f. cineál an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear más conradh sealadach nó conradh a bhfuil tréimhse éiginnte leis é;
  • g. fad thaithí ghairmiúil na mball foirne;
  • h. teastais ghairmiúla na mball foirne;
  • i. sochair iomchuí, lena n-áirítear liúntais bhreise teaghlaigh agus leanaí a íoc le baill foirne a bhfuil céilí agus baill teaghlaigh cleithiúnacha acu.

8 Féach chomh maith an moladh ón gCoimisiún an 7.3.2014 maidir le prionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná a neartú trí thrédhearcacht

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/