+4.4. Faisnéis atá le tarchur leis an aistriú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/1113
---+32. Níor cheart do SSInna ná SSCSanna an aighneacht tosaigh a athrú, ach amháin sna cásanna seo a …
---+33. I gcás, i gcomhthéacs mhír 32, ina bhfuil athrú ar an aighneacht tosaigh, ba cheart do SSI an …
---+34. Ba cheart do SSIanna a áirithiú go bhfuil uimhir an chuntais íocaíochta ag gabháil leis an …
---+35. Ba cheart do SSI an íocóra nó SSI an tionscnóra an méid seo a leanas a sholáthar: a) i gcás …
---+36. Ba cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra an méid seo a leanas a sholáthar: a) i gcás …
---+37. Ba cheart an seoladh a chur ar fáil, a mhéid is féidir, san ord tosaíochta seo a leanas: ainm …
---+38. Ba cheart do SSI an íocóra agus SSI an tionscnóra an seoladh poist a sholáthar mar a …
---+39. Ba cheart teaglaim na n ítimí faisnéise malartacha atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal …
---+40. I gcás aistrithe ó chomhchuntas, seoladh nó tiachóg, ba cheart faisnéis shealbhóirí uile an …
---+41. Níor cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra ach na haitheantóirí oifigiúla sin a mheas …
|
4.4. Faisnéis atá le tarchur leis an aistriú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/1113
Aistriú cistí agus cripteashócmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
32. Níor cheart do SSInna ná SSCSanna an aighneacht tosaigh a athrú, ach amháin sna cásanna seo a …
|
Níor cheart do SSInna ná SSCSanna an aighneacht tosaigh a athrú, ach amháin sna cásanna seo a leanas: - a) go n-iarrann SSII, SSI an íocaí, SSCSI nó SSCS an tairbhí orthu é sin a dhéanamh, má mheasann SSII, SSI an íocaí, SSCSI nó SSCS an tairbhí go bhfuil cuid den fhaisnéis faoi Airteagail 7, 11, 19 nó 20 de Rialachán (AE) 2023/1113 ar iarraidh; nó
- b) tar éis an aistrithe, go mbraitheann SSI an íocóra nó SSI an tionscnóra earráid san fhaisnéis a tharchuir siad chun Airteagail 4 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/1113 a chomhlíonadh.
|
|
33. I gcás, i gcomhthéacs mhír 32, ina bhfuil athrú ar an aighneacht tosaigh, ba cheart do SSI an …
|
I gcás, i gcomhthéacs mhír 32, ina bhfuil athrú ar an aighneacht tosaigh, ba cheart do SSI an íocóra nó SSI an tionscnóra an chéad SSI eile agus SSI an tionscnóra sa slabhra aistrithe a chur ar an eolas agus an fhaisnéis cheart a chur isteach. Ba cheart do chéad SSI eile agus an chéad SSCS eile sa slabhra aistrithe na cúraimí is gá a dhéanamh arís chun an fhaisnéis atá ar iarraidh nó neamhiomlán a bhrath. 4.4.1. Uimhir chuntais íocaíochta an íocóra a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1113, agus uimhir chuntais íocaíochta an íocaí a sholáthar (Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1113) Aistriú cistí
|
|
34. Ba cheart do SSIanna a áirithiú go bhfuil uimhir an chuntais íocaíochta ag gabháil leis an …
|
Ba cheart do SSIanna a áirithiú go bhfuil uimhir an chuntais íocaíochta ag gabháil leis an aistriú cistí. I gcás ina ndéantar cistí a aistriú le cárta íocaíochta, is féidir uimhir an chárta sin (Uimhir Phríomhchuntais (PAN)) a chur in ionad uimhir an chuntais íocaíochta, ar choinníoll go gceadaítear leis an uimhir sin an t-aistriú cistí a rianú siar go dtí an t-íocóir nó an t-íocaí. 4.4.2. Ainm an íocóra, an íocaí, an tionscnóra agus an tairbhí faoi seach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 4(1), pointe (a), 4(2), pointe (a), 14(1), pointe (a), agus 14(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1113 Aistriú cistí agus cripteashócmhainní
|
|
35. Ba cheart do SSI an íocóra nó SSI an tionscnóra an méid seo a leanas a sholáthar: a) i gcás …
|
Ba cheart do SSI an íocóra nó SSI an tionscnóra an méid seo a leanas a sholáthar: - a) i gcás daoine nádúrtha, ainmneacha iomlána agus sloinnte an chustaiméara mar atá siad i ndoiciméad aitheantais an chustaiméara, nó sa ríomh-shainaitheantas a chomhlíonann na caighdeáin in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, nó, mura bhfuil ceachtar acu ar fáil ar chúis dhlisteanach, doiciméadacht i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le beartais agus rialuithe chun rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (ML/TF) a bhainistiú go héifeachtach agus rochtain ar sheirbhísí airgeadais á soláthar8 . i gcás ina bhfuil teorainneacha teicniúla ann dá dtagraítear i mír 24 lena gcuirtear cosc ar tharchur ainmneacha agus sloinnte an chustaiméara, ba cheart do SSCS an tionscnóra, ar a laghad, an céadainm agus an sloinne deiridh a áireamh.
- b) i gcás daoine dlítheanacha, an t-ainm faoina bhfuil an duine dlítheanach cláraithe. i gcás ina bhfuil teorainneacha teicniúla ann dá dtagraítear i mír 24 lena gcuirtear cosc ar tharchur an ainm dhlíthiúil chláraithe iomláin, ba cheart do SSCS an tionscnóra an t-ainm trádála a tharchur. Ba cheart go bhféadfaí ainmneacha trádála a úsáidtear a rianú siar go haonchiallach chuig an duine dlítheanach agus aon ainmneacha den sórt sin arna dtaifeadadh i gclárlanna oifigiúla a mheaitseáil.
- c) i gcás aistrithe ó chomhchuntas, seoladh nó tiachóg, ainmneacha shealbhóirí uile an chuntais, an tseolta nó na tiachóige. i gcás ina bhfuil teorainneacha teicniúla ann dá dtagraítear i mír 24 lena gcuirtear cosc ar tharchur ainmneacha uile na bpáirtithe uile san aistriú, ba cheart do SSCS an tionscnóra ainm shealbhóir an chuntais, an tseolta nó na tiachóige atá ag tionscnamh an aistrithe a tharchur, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ainm an phríomhchuntais, an phríomhsheolta nó phríomhshealbhóir na tiachóige.
4.4.3. Tabhair seoladh an íocóra agus an tionscnóra lena n áirítear ainm na tíre, uimhir dhoiciméid phearsanta oifigiúil, agus uimhir aitheantais chustaiméara nó, de rogha air sin, dáta breithe agus áit bhreithe ‑ an íocóra i gcomhréir le hAirteagail 4(1), pointe (c), agus 14(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1113 Aistriú cistí agus cripteashócmhainní
8 ÚBE/GL/2023/04
|
|
36. Ba cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra an méid seo a leanas a sholáthar: a) i gcás …
|
Ba cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra an méid seo a leanas a sholáthar: - a) i gcás daoine nádúrtha, gnátháit chónaithe an íocóra nó an tionscnóra nó, i gcás nach bhfuil aon seoladh cónaithe seasta ann, an seoladh poist ag ar féidir teacht ar an duine nádúrtha. i gcás duine leochaileach, dá dtagraítear i mír 19(b) de Threoirlínte ÚBE maidir le beartais agus rialuithe chun rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (ML/TF) a bhainistiú go héifeachtach agus rochtain ar sheirbhísí airgeadais á soláthar, nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go soláthróidh sé seoladh maidir lena ghnátháit chónaithe, féadfaidh SSI nó SSCS seoladh a úsáid a sholáthraítear i ndoiciméadacht mhalartach dá dtagraítear i mír 19(b) de na Treoirlínte thuas i gcás ina bhfuil seoladh sa doiciméadacht sin agus i gcás ina gceadaítear a húsáid faoi dhlí náisiúnta an íocóra.
- b) i gcás daoine dlítheanacha, seoladh oifige cláraithe nó oifigiúil an íocóra nó an tionscnóra.
|
|
37. Ba cheart an seoladh a chur ar fáil, a mhéid is féidir, san ord tosaíochta seo a leanas: ainm …
|
Ba cheart an seoladh a chur ar fáil, a mhéid is féidir, san ord tosaíochta seo a leanas: ainm iomlán na tíre nó an giorrúchán i gcomhréir leis an gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le cóid tíre (ISO 3166) (alfa-2 nó alfa-3), cód poist, cathair, stát agus cúige agus bardas, ainm sráide, uimhir foirgnimh nó ainm foirgnimh.
|
|
38. Ba cheart do SSI an íocóra agus SSI an tionscnóra an seoladh poist a sholáthar mar a …
|
Ba cheart do SSI an íocóra agus SSI an tionscnóra an seoladh poist a sholáthar mar a shonraítear i mír 37. Gan dochar do mhír 25(a), aon rogha mhalartach ar sheoltaí poist, lena n áirítear uimhreacha bosca oifige poist agus seoltaí fíorúla, níor cheart a mheas go gcomhlíonann sí na ‑ ceanglais faoi Airteagal 4(1), pointe (c), agus Airteagal 14(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1113.
|
|
39. Ba cheart teaglaim na n ítimí faisnéise malartacha atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal …
|
Ba cheart teaglaim na n ítimí faisnéise malartacha atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (c), agus Airteagal 14(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1113 a ‑ bheith bunaithe ní hamháin ar infhaighteacht ach freisin ar an tacar faisnéise is fearr lena bhforáiltear do shainaithint gan débhrí an íocóra nó an tionscnóra.
|
|
40. I gcás aistrithe ó chomhchuntas, seoladh nó tiachóg, ba cheart faisnéis shealbhóirí uile an …
|
I gcás aistrithe ó chomhchuntas, seoladh nó tiachóg, ba cheart faisnéis shealbhóirí uile an chuntais, an tseolta nó na tiachóige a sholáthar. I gcás nach féidir faisnéis faoi seach na bpáirtithe uile a tharchur mar gheall ar theorainneacha teicniúla dá dtagraítear i mír 24, ba cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra faisnéis shealbhóir an chuntais, an tseolta nó na tiachóige lena dtionscnaítear an t-aistriú a tharchur, nó, de rogha air sin, faisnéis shealbhóir an phríomhchuntais, an phríomhseolta nó na príomhthiachóige. 4.4.4. Aitheantóir coibhéiseach le haitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an íocóra, an íocaí, an tionscnóra agus an tairbhí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 4(1), pointe (d), 4(2), pointe (c), 14(1), pointe (e), agus 14(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1113 Aistriú cistí agus cripteashócmhainní
|
|
41. Níor cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra ach na haitheantóirí oifigiúla sin a mheas …
|
Níor cheart do SSI an íocóra agus SSCS an tionscnóra ach na haitheantóirí oifigiúla sin a mheas mar aitheantóirí atá coibhéiseach le LEI: - a) ar cód aitheantais aonair é atá uathúil don eintiteas dlítheanach lena mbaineann;
- b) a fhoilsítear i gclárlanna poiblí;
- c) a eisíonn údarás poiblí sa dlínse ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe nuair a fhoirmíonn an t-eintiteas iad;
- d) lena gcumasaítear an t-ainm agus an seoladh a shainaithint; agus
- e) lena mbíonn tuairisc ar an gcineál aitheantóra a úsáidtear sa chóras teachtaireachtaí ag gabháil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|