+6.1 Iarratais ar údarú institiúidí
---+41. Nuair a bhíonn iarratas ar údarú á mheasúnú faoi Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Threoir …
---+42. Ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an fhaisnéis ar fad a sholáthraítear nó a bhaineann leis …
---+43. Ina theannta sin, i gcásanna ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis na …
---+44. Ina theannta sin, i gcás ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis na cistí a úsáidtear …
---+45. I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta gan an t-údarú a dheonú d’institiúid ar fhorais …
---+46. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin do mhaoirseoirí stuamachta, an fhaisnéis …
---+47. Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs iarratais ar údarú institiúide a chur ar fáil gan …
|
6.1 Iarratais ar údarú institiúidí
Maoirseoir stuamachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
41. Nuair a bhíonn iarratas ar údarú á mheasúnú faoi Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Threoir …
|
Nuair a bhíonn iarratas ar údarú á mheasúnú faoi Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Threoir 2013/36/AE7 , ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta comhoibriú agus faisnéis a mhalartú leis an maoirseoir ábhartha AML/CFT chun críche a measúnaithe i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le modheolaíocht measúnaithe chomhchoiteann chun údaruithe a dheonú8 , go háirithe i ndáil leis an measúnú ar rioscaí ML/TF a bhaineann leis an iarratas ar údarú atá beartaithe.
7 I gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le modheolaíocht measúnaithe chomhchoiteann chun údarú a dheonú mar institiúid creidmheasa faoi Airteagal (8)5 de Threoir 2013/36/AE (EBA/GL/2021/12). Féach freisin an (dréacht deiridh) RTS agus ITS maidir le hÚdarú institiúidí creidmheasa (EBA-RTS-2017-08 agus EBA-ITS-2017-15) san fhaisnéis atá le soláthar chun institiúidí creidmheasa a údarú. 8 Treoirlínte ÚBE maidir le modheolaíocht measúnaithe chomhchoiteann chun údarú a dheonú mar institiúid creidmheasa faoi Airteagal (8)5 de Threoir 2013/36/AE (EBA/GL/2021/12).
|
|
42. Ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an fhaisnéis ar fad a sholáthraítear nó a bhaineann leis …
|
Ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an fhaisnéis ar fad a sholáthraítear nó a bhaineann leis an iarratas atá ábhartha don mhaoirseoir AML/CFT a roinnt leis an maoirseoir AML/CFT chun a t(h)uairimí faoin iarratas ar údarú a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh malartú faisnéise á dhéanamh freisin sa chás go gcuirtear aon sonraí nó faisnéis eile ar fáil atá ábhartha don mhaoirseoir AML/CFT le linn an athbhreithnithe ar an iarratas.
|
|
43. Ina theannta sin, i gcásanna ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis na …
|
Ina theannta sin, i gcásanna ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis na scairshealbhóirí, comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nó sealbhóirí príomhfheidhme, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a lorg ón aonad um fhaisnéis airgeadais chun eolas a sholáthar dá mheasúnú mar a mhínítear i roinn 6.2 agus i roinn 6.3.
|
|
44. Ina theannta sin, i gcás ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis na cistí a úsáidtear …
|
Ina theannta sin, i gcás ina méadaítear an riosca ML/TF a bhaineann leis na cistí a úsáidtear chun an ceanglas caipitil a chomhlíonadh ar údarú institiúide nua, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta freisin, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a lorg ón aonad um fhaisnéis airgeadais, chun bonn eolais a sholáthar dá measúnú. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcásanna ina bhfuil amhras ann, de bharr na faisnéise atá ar fáil, faoi dhlisteanacht thionscnamh na gcistí a úsáideadh chun an ceanglas caipitil a chomhlíonadh tráth an údaraithe agus faoin méid a d’fhéadfadh na cistí a bheith nasctha le gníomhaíocht choiriúil nó bunaithe i ngníomhaíocht choiriúil.
|
|
45. I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta gan an t-údarú a dheonú d’institiúid ar fhorais …
|
I gcás ina gcinnfidh maoirseoir stuamachta gan an t-údarú a dheonú d’institiúid ar fhorais rioscaí ML/TF, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an cinneadh ábhartha nó codanna den chinneadh a roinnt leis an maoirseoir AML/CFT sa Bhallstát inar beartaíodh an institiúid a bhunú agus leis an aonad um fhaisnéis airgeadais sa Bhallstát sin freisin. Maoirseoirí AML/CFT
|
|
46. Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin do mhaoirseoirí stuamachta, an fhaisnéis …
|
Ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT, arna iarraidh sin do mhaoirseoirí stuamachta, an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dóibh a roinnt agus a measúnú ar an iarratas a chur ar fáil ó thaobh AML/CFT de. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do mhaoirseoirí AML/CFT faisnéis a lorg freisin ó mhaoirseoirí eile AML/CFT agus ón aonad um fhaisnéis airgeadais mar chuid dá measúnú ar an iarratas, mura rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin don mhaoirseoir stuamachta nó murar lorg an maoirseoir stuamachta an fhaisnéis sin ón aonad um fhaisnéis airgeadais.
|
|
47. Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs iarratais ar údarú institiúide a chur ar fáil gan …
|
Ba cheart faisnéis a iarrtar i gcomhthéacs iarratais ar údarú institiúide a chur ar fáil gan aon mhoill mhíchuí i bhfianaise an chreata ama dhlíthiúil ghearr atá ag an maoirseoir stuamachta chun measúnú a dhéanamh ar iarratas den chineál sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|