+4.6. Aistrithe ina bhfuil faisnéis ar iarraidh nó neamhiomlán i gcomhréir le hAirteagail 8, 12, 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2023/1113
---+52. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas …
---+53. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna, agus SSCSInna na nithe seo a leanas a mheas ina measúnú …
---+54. I gcás ina gcinnfidh SSII, SSI an íocaí, SSCSI nó SSCS an tairbhí aistriú a dhiúltú nó ina …
---+55. I gcás nach féidir an diúltú a dhéanamh go teicniúil, ba cheart an t-aistriú a chur ar ais …
---+56. I gcás ina n iarrann SSI, SSII, SSCS nó SSCSI faisnéis atá ar iarraidh, ba cheart dó sprioc-am …
---+57. I gcás ina gcinnfidh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI an fhaisnéis is gá a iarraidh ar SSI, SSII, SSCS …
---+58. Ba cheart aon iarraidh ar fhaisnéis nó ar shoiléiriú a sheoladh tríd an gcóras teachtaireachtaí …
---+59. Mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh ar fáil, ba cheart do SSI nó SSII meabhrúchán a sheoladh …
---+60. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar faoin spriocdháta atá leagtha síos, ba cheart …
---+61. Mura mbeidh an fhaisnéis a iarradh ar fáil, mar chuid de ghníomhaíochtaí atá le déanamh i …
---+62. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar faoin sprioc-am a leagtar síos, ba cheart do …
---+63. Ba cheart iarrataí ar fhaisnéis nó soiléiriú atá in easnamh maidir le haistrithe ó sheoltaí …
---+64. I gcás ina dtiocfaidh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis is gá ar …
---+65. I gcás ina mbraitheann SSI nó SSII ex post go raibh an fhaisnéis riachtanach ar iarraidh …
---+66. I gcás ina ndéanfaidh SSCS nó SSCSI an t-aistriú agus ina mbraithfidh sé ex post go bhfuil an …

4.6. Aistrithe ina bhfuil faisnéis ar iarraidh nó neamhiomlán i gcomhréir le hAirteagail 8, 12, 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2023/1113

4.6.1. Nósanna imeachta rioscabhunaithe chun a chinneadh an ndéanfar aistriú a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagail 8(1), 12, 17(1) agus 21(1) de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
52. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas …

Ba cheart do SSInna agus SSCSanna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas a chinnfidh siad an ndéanfaidh siad aistriú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagail 8(1), 12, 17(1) agus 21 de Rialachán (AE) 2023/1113. Mar chuid de sin, ba cheart do SSInna agus SSCSanna liosta a dhéanamh de na fachtóirí riosca a chuirfidh siad san áireamh le haghaidh gach aistrithe.

53. Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna, agus SSCSInna na nithe seo a leanas a mheas ina measúnú …

Ba cheart do SSInna, SSIInna, SSCSanna, agus SSCSInna na nithe seo a leanas a mheas ina measúnú sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an gcur chuige iomchuí:

  • a) go bhfágann an fhaisnéis gur féidir ábhair an aistrithe a chinneadh; agus
  • b) go sainaithnítear fachtóir méadaithe riosca amháin nó níos mó a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go mbaineann ardriosca ML/TF leis an aistriú nó go bhfuil amhras ann go bhfuil ML/TF ag baint leis.

4.6.2. Aistriú a dhiúltú nó a thabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 8(1), pointe (a), 12, pointe (a), 17(1), pointe (a), agus 21(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

54. I gcás ina gcinnfidh SSII, SSI an íocaí, SSCSI nó SSCS an tairbhí aistriú a dhiúltú nó ina …

I gcás ina gcinnfidh SSII, SSI an íocaí, SSCSI nó SSCS an tairbhí aistriú a dhiúltú nó ina gcinnfidh SSCSI nó SSCS an tairbhí aistriú a chur ar ais in ionad an fhaisnéis atá in easnamh a iarraidh, ba cheart dóibh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe a chur ar an eolas gur diúltaíodh don aistriú nó gur cuireadh ar ais é mar gheall ar fhaisnéis atá in easnamh.

Aistriú cripteashócmhainní

55. I gcás nach féidir an diúltú a dhéanamh go teicniúil, ba cheart an t-aistriú a chur ar ais …

I gcás nach féidir an diúltú a dhéanamh go teicniúil, ba cheart an t-aistriú a chur ar ais chuig an tionscnóir. I gcás nach féidir an t-aistriú a chur ar ais chuig an seoladh bunaidh, ba cheart do SSCSanna modhanna malartacha a chur i bhfeidhm. Ba cheart na modhanna malartacha a leagan amach ina mbeartais, agus ba cheart go n áireofaí leo na sócmhainní a thugtar ar ais a choinneáil i gcuntas slán, leithscartha agus cumarsáid á déanamh leis an tionscnóir chun modh ‑ oiriúnach a shocrú chun an tionscnóir a thabhairt ar ais. 4.6.3. Faisnéis a cheanglaítear a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 8(1), pointe (b), Airteagal 12(1), pointe (b), Airteagal 17(1), pointe (b), agus Airteagal 21 (1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

56. I gcás ina n iarrann SSI, SSII, SSCS nó SSCSI faisnéis atá ar iarraidh, ba cheart dó sprioc-am …

I gcás ina n iarrann SSI, SSII, SSCS nó SSCSI faisnéis atá ar iarraidh, ba cheart dó sprioc-am réasúnta a leagan síos faoinar cheart an fhaisnéis a sholáthar. Níor cheart an spriocdháta sin a ‑ bheith níos faide ná trí lá oibre le haghaidh aistrithe a dhéantar laistigh den Aontas, agus cúig lá oibre le haghaidh aistrithe a fhaightear ó lasmuigh den Aontas, ag tosú ón lá a shainaithníonn SSI, SSCS, SSII nó SSCSI an fhaisnéis atá in easnamh. Féadfar spriocdhátaí níos faide suas le seacht lá a shocrú i gcás ina mbeidh na nithe seo a leanas i gceist le slabhraí aistrithe:

  • a) níos mó ná dhá pháirtí sa sreabhadh aistrithe, lena n áirítear idirghabhálaithe agus neamhbhainc; ‑
  • b) SSI, SSII, SSCS nó SSCSI amháin ar a laghad ó lasmuigh den Aontas.
57. I gcás ina gcinnfidh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI an fhaisnéis is gá a iarraidh ar SSI, SSII, SSCS …

I gcás ina gcinnfidh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI an fhaisnéis is gá a iarraidh ar SSI, SSII, SSCS nó SSCSI a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe, ba cheart dó fógra a thabhairt do SSI, SSII, SSCS nó SSCSI a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe faoi na gníomhaíochtaí teicniúla a rinneadh maidir leis an aistriú sin mar gheall ar fhaisnéis atá ar iarraidh nó neamhiomlán, de réir mar is infheidhme.

58. Ba cheart aon iarraidh ar fhaisnéis nó ar shoiléiriú a sheoladh tríd an gcóras teachtaireachtaí …

Ba cheart aon iarraidh ar fhaisnéis nó ar shoiléiriú a sheoladh tríd an gcóras teachtaireachtaí céanna a úsáideadh chun an fhaisnéis is gá a tharchur nó, i gcás ina bhfuil teorainneacha teicniúla ann dá dtagraítear i mír 24, trí mhodhanna slána teagmhála i gcomhréir le forálacha agus oibleagáidí Rialachán (AE) 2016/679.

Aistriú cistí

59. Mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh ar fáil, ba cheart do SSI nó SSII meabhrúchán a sheoladh …

Mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh ar fáil, ba cheart do SSI nó SSII meabhrúchán a sheoladh chuig SSI nó SSII a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe agus ba cheart dó na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh sé a dhéanamh a chur in iúl do SSI nó SSII a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe i gcás nach gcuirfeadh SSI nó SSII an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoin spriocdháta a leagtar síos.

60. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar faoin spriocdháta atá leagtha síos, ba cheart …

I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar faoin spriocdháta atá leagtha síos, ba cheart do SSI nó SSII an cinneadh a dhéanamh maidir leis an aistriú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a fhorghníomhú i gcomhréir lena bheartais agus lena nósanna imeachta rioscabhunaithe mar a shonraítear i míreanna 41 agus 42. Sa bhreis ar an gcinneadh sin, ba cheart dó, gan beann ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an mhainneachtain arís agus arís eile, breithniú a dhéanamh ar láimhseáil SSI nó SSII a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe chun críocha comhlíontachta AML/CFT amach anseo, lena n áirítear diúltú d’aon aistrithe amach anseo ó SSI nó ó SSII a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe nó chucu, nó a chaidreamh gnó leis SSI ‑ nó leis SSII sin a shrianadh nó a fhoirceannadh. Aistriú cripteashócmhainní

61. Mura mbeidh an fhaisnéis a iarradh ar fáil, mar chuid de ghníomhaíochtaí atá le déanamh i …

Mura mbeidh an fhaisnéis a iarradh ar fáil, mar chuid de ghníomhaíochtaí atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 21 de Rialachán (AE) 2023/1113, ba cheart do SSCSanna nó SSCSInna cuimhneamh ar mheabhrúchán a sheoladh chuig SSCS nó SSCSI a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe agus comhairle a chur ar SSCS nó SSCSI a bhí ann roimhe sin i slabhra aistrithe na ngníomhaíochtaí a fhéadfaidh siad a dhéanamh i gcás ina mainneoidh SSCS nó SSCSI an fhaisnéis is gá a sholáthar roimh an sprioc-am a leagtar síos.

62. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar faoin sprioc-am a leagtar síos, ba cheart do …

I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar faoin sprioc-am a leagtar síos, ba cheart do SSCS nó SSCSI an cinneadh a dhéanamh maidir leis an aistriú a dhiúltú, a chur ar ais, a chur ar fionraí nó a fhorghníomhú i gcomhréir lena bheartais agus lena nósanna imeachta rioscabhunaithe mar a shonraítear i míreanna 52 agus 53. Sa bhreis ar an gcinneadh sin, ba cheart dó, gan beann ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an mhainneachtain arís agus arís eile, breithniú a dhéanamh ar láimhseáil SSCS nó SSCSI a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe amach anseo chun críocha comhlíontachta AML/CFT, lena n áirítear diúltú d’aon aistriú amach anseo ó SSCS nó ó SSCSI a bhí ann roimhe sin nó chuig an seoladh sin nó chuig an seoladh féinóstáilte sin sa ‑ slabhra aistrithe, nó a chaidreamh gnó leis a shrianadh nó a fhoirceannadh.

63. Ba cheart iarrataí ar fhaisnéis nó soiléiriú atá in easnamh maidir le haistrithe ó sheoltaí …

Ba cheart iarrataí ar fhaisnéis nó soiléiriú atá in easnamh maidir le haistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó chucu a sheoladh go díreach chuig custaiméir SSCS.

4.6.4. Aistriú a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagail 8(1), 12(1), 17(1) agus 21(1) de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

64. I gcás ina dtiocfaidh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis is gá ar …

I gcás ina dtiocfaidh SSI, SSII, SSCS nó SSCSI ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis is gá ar iarraidh, neamhiomlán nó curtha ar fáil agus carachtair neamh-inghlactha á n úsáid le linn an aistrithe agus ina bhforghníomhóidh sé an t-aistriú, ba cheart dó an chúis atá leis an aistriú sin a ‑ dhoiciméadú agus, i gcomhréir lena bheartais agus lena nósanna imeachta rioscabhunaithe, breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileálfar amach anseo le SSI, SSII, SSCS, SSCSI nó seoladh féinóstáilte sa slabhra aistrithe chun críocha comhlíontachta AML/CFT. Mar sin féin, i gcás nach féidir an t-íocóir, an t-íocaí, an tionscnóir nó an tairbhí a shainaithint gan débhrí mar gheall ar fhaisnéis atá ar iarraidh nó neamhiomlán, nó faisnéis a chuirtear ar fáil agus carachtair neamh-inghlactha á n úsáid, níor cheart do SSI, SSII, SSCS ná SSCSI an t-aistriú a fhorghníomhú.

4.6.5. Faisnéis atá ‑ ar iarraidh nó neamhiomlán a bhrath tar éis aistriú a fhorghníomhú i

gcomhréir le hAirteagail 8(1), 12(1), 17(1) agus 21(1) de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí

65. I gcás ina mbraitheann SSI nó SSII ex post go raibh an fhaisnéis riachtanach ar iarraidh …

I gcás ina mbraitheann SSI nó SSII ex post go raibh an fhaisnéis riachtanach ar iarraidh, neamhiomlán nó curtha ar fáil agus carachtair neamh-inghlactha á n úsáid, ba cheart dó a iarraidh ar SSI nó ar SSII roimhe sin sa slabhra aistrithe an fhaisnéis atá in easnamh a chur ar ‑ fáil, nó an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí charachtair nó ionchuir inghlactha a úsáid, agus Cuid 4.6.3. á cur i bhfeidhm.

Aistriú cripteashócmhainní

66. I gcás ina ndéanfaidh SSCS nó SSCSI an t-aistriú agus ina mbraithfidh sé ex post go bhfuil an …

I gcás ina ndéanfaidh SSCS nó SSCSI an t-aistriú agus ina mbraithfidh sé ex post go bhfuil an fhaisnéis is gá ar iarraidh nó neamhiomlán, ba cheart dó a iarraidh ar SSCS nó ar SSCSI a bhí ann roimhe sin sa slabhra aistrithe an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar, i gcomhréir le Cuid 4.6.3.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/