+RIALACHÁN (AE) 2023/1115 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---------+Airteagal 1 1.
---------+Airteagal 1 2.
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 3 Toirmeasc
---+CAIBIDIL 2 OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ, OIBREOIRÍ IARTHEACHTACHA AGUS TRÁDÁLAITHE
------+Airteagal 4 Oibleagáidí oibreoirí
---------+Airteagal 4 1.
---------+Airteagal 4 2.
---------+Airteagal 4 3.
---------+Airteagal 4 4.
---------+Airteagal 4 5.
---------+Airteagal 4 6.
---------+Airteagal 4 7.
------+Airteagal 4a Córas simplithe le haghaidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga
---------+Airteagal 4a 1.
---------+Airteagal 4a 2.
---------+Airteagal 4a 3.
---------+Airteagal 4a 4.
---------+Airteagal 4a 5.
------+Airteagal 5 Oibleagáidí oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe
---------+Airteagal 5 1.
---------+Airteagal 5 2.
---------+Airteagal 5 3.
---------+Airteagal 5 4.
---------+Airteagal 5 5.
---------+Airteagal 5 6.
---------+Airteagal 5 7.
------+Airteagal 6 Ionadaithe údaraithe
---------+Airteagal 6 1.
---------+Airteagal 6 2.
---------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 7 Táirgí á gcur ar an margadh ag oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha
------+Airteagal 8 Dícheall cuí
---------+Airteagal 8 1.
---------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 9 Ceanglais faisnéise
---------+Airteagal 9 1.
---------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 10 Measúnú riosca
---------+Airteagal 10 1.
---------+Airteagal 10 2.
---------+Airteagal 10 3.
---------+Airteagal 10 4.
------+Airteagal 11 Maolú riosca
---------+Airteagal 11 1.
---------+Airteagal 11 2.
---------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 12 Córais díchill chuí a bhunú agus a chothabháil, tuairisciú agus taifid a choimeád
---------+Airteagal 12 1.
---------+Airteagal 12 2.
---------+Airteagal 12 3.
---------+Airteagal 12 4.
---------+Airteagal 12 5.
------+Airteagal 13 Dícheall cuí simplithe
---------+Airteagal 13 1.
---------+Airteagal 13 2.
---------+Airteagal 13 3.
---+CAIBIDIL 3 OIBLEAGÁIDÍ NA MBALLSTÁT AGUS A NÚDARÁS INNIÚIL
------+Airteagal 14 Údaráis inniúla
---------+Airteagal 14 1.
---------+Airteagal 14 2.
---------+Airteagal 14 3.
---------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 15 Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise
---------+Airteagal 15 1.
---------+Airteagal 15 2.
---------+Airteagal 15 3.
---------+Airteagal 15 4.
---------+Airteagal 15 5.
------+Airteagal 16 Oibleagáidí chun seiceálacha a dhéanamh
---------+Airteagal 16 1.
---------+Airteagal 16 2.
---------+Airteagal 16 3.
---------+Airteagal 16 4.
---------+Airteagal 16 5.
---------+Airteagal 16 6.
---------+Airteagal 16 7.
---------+Airteagal 16 8.
---------+Airteagal 16 9.
---------+Airteagal 16 10.
---------+Airteagal 16 11.
---------+Airteagal 16 12.
---------+Airteagal 16 13.
---------+Airteagal 16 14.
---------+Airteagal 16 15.
------+Airteagal 17 Táirgí ábhartha lena n-éilítear gníomhaíocht láithreach
---------+Airteagal 17 1.
---------+Airteagal 17 2.
---------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 18 Seiceálacha ar oibreoirí
---------+Airteagal 18 1.
---------+Airteagal 18 2.
------+Airteagal 19 Seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe
---------+Airteagal 19 1.
---------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 20 Gnóthú costas ag údaráis inniúla
---------+Airteagal 20 1.
---------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 21 Comhar agus faisnéis a mhalartú
---------+Airteagal 21 1.
---------+Airteagal 21 2.
---------+Airteagal 21 3.
---------+Airteagal 21 4.
---------+Airteagal 21 5.
------+Airteagal 22 Tuairisciú
---------+Airteagal 22 1.
---------+Airteagal 22 2.
------+Airteagal 23 Bearta eatramhacha
------+Airteagal 24 Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta
---------+Airteagal 24 1.
---------+Airteagal 24 2.
---------+Airteagal 24 3.
---------+Airteagal 24 4.
------+Airteagal 25 Pionóis
---------+Airteagal 25 1.
---------+Airteagal 25 2.
---------+Airteagal 25 3.
---+CAIBIDIL 4 NÓSANNA IMEACHTA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ÁBHARTHA A THUGTAR ISTEACH SA MHARGADH NÓ A CHUIRTEAR AMACH AS
------+Airteagal 26 Rialuithe
---------+Airteagal 26 1.
---------+Airteagal 26 2.
---------+Airteagal 26 3.
---------+Airteagal 26 4.
---------+Airteagal 26 5.
---------+Airteagal 26 6.
---------+Airteagal 26 7.
---------+Airteagal 26 8.
---------+Airteagal 26 9.
---------+Airteagal 26 10.
------+Airteagal 27 Comhar agus malartú faisnéise i measc na n-údarás
---------+Airteagal 27 1.
---------+Airteagal 27 2.
---------+Airteagal 27 3.
---------+Airteagal 27 4.
---------+Airteagal 27 5.
------+Airteagal 28 Comhéadan leictreonach
---------+Airteagal 28 1.
---------+Airteagal 28 2.
---------+Airteagal 28 3.
---+CAIBIDIL 5 CÓRAS TAGARMHARCÁLA TÍRE AGUS COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA
------+Airteagal 29 Measúnú ar thíortha
---------+Airteagal 29 1.
---------+Airteagal 29 2.
---------+Airteagal 29 3.
---------+Airteagal 29 4.
---------+Airteagal 29 5.
---------+Airteagal 29 6.
---------+Airteagal 29 7.
---------+Airteagal 29 8.
------+Airteagal 30 Comhar le tríú tíortha
---------+Airteagal 30 1.
---------+Airteagal 30 2.
---------+Airteagal 30 3.
---------+Airteagal 30 4.
---------+Airteagal 30 5.
---+CAIBIDIL 6 ÁBHAIR IMNÍ A BHFUIL BUNÚS LEO
------+Airteagal 31 Ábhair imní a bhfuil bunús leo de chuid daoine nádúrtha nó dlítheanacha
---------+Airteagal 31 1.
---------+Airteagal 31 2.
---------+Airteagal 31 3.
---------+Airteagal 31 4.
------+Airteagal 32 Rochtain ar an gceartas
---------+Airteagal 32 1.
---------+Airteagal 32 2.
---+CAIBIDIL 7 CÓRAS FAISNÉISE
------+Airteagal 33 Córas faisnéise
---------+Airteagal 33 1.
---------+Airteagal 33 2.
---------+Airteagal 33 3.
---------+Airteagal 33 4.
---------+Airteagal 33 5.
---+CAIBIDIL 8 ATHBHREITHNIÚ
------+Airteagal 34 Athbhreithniú
---------+Airteagal 34 1.
---------+Airteagal 34 1a.
---------+Airteagal 34 2.
---+CAIBIDIL 9 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 35 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 35 1.
---------+Airteagal 35 2.
---------+Airteagal 35 3.
---------+Airteagal 35 4.
---------+Airteagal 35 5.
---------+Airteagal 35 6.
------+Airteagal 36 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 36 1.
---------+Airteagal 36 2.
------+Airteagal 37 Aisghairm
---------+Airteagal 37 1.
---------+Airteagal 37 2.
---------+Airteagal 37 3.
------+Airteagal 38 Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
---------+Airteagal 38 1.
---------+Airteagal 38 2.
---------+Airteagal 38 3.
---+IARSCRÍBHINN I
---+IARSCRÍBHINN II
---+IARSCRÍBHINN III Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga
|
English -
European Union -
Environment -
RIALACHÁN (AE) 2023/1115 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2023/1115 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Bealtaine 2023
maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL 2 OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ, OIBREOIRÍ IARTHEACHTACHA AGUS TRÁDÁLAITHE
|
CAIBIDIL 2 OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ, OIBREOIRÍ IARTHEACHTACHA AGUS TRÁDÁLAITHE
|
|
CAIBIDIL 3 OIBLEAGÁIDÍ NA MBALLSTÁT AGUS A NÚDARÁS INNIÚIL
|
CAIBIDIL 3 OIBLEAGÁIDÍ NA MBALLSTÁT AGUS A NÚDARÁS INNIÚIL
|
|
CAIBIDIL 4 NÓSANNA IMEACHTA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ÁBHARTHA A THUGTAR ISTEACH SA MHARGADH NÓ A CHUIRTEAR AMACH AS
|
CAIBIDIL 4 NÓSANNA IMEACHTA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ÁBHARTHA A THUGTAR ISTEACH SA MHARGADH NÓ A CHUIRTEAR AMACH AS
|
|
CAIBIDIL 5 CÓRAS TAGARMHARCÁLA TÍRE AGUS COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA
|
CAIBIDIL 5 CÓRAS TAGARMHARCÁLA TÍRE AGUS COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA
|
|
CAIBIDIL 6 ÁBHAIR IMNÍ A BHFUIL BUNÚS LEO
|
CAIBIDIL 6 ÁBHAIR IMNÍ A BHFUIL BUNÚS LEO
|
|
CAIBIDIL 7 CÓRAS FAISNÉISE
|
CAIBIDIL 7 CÓRAS FAISNÉISE
|
|
CAIBIDIL 8 ATHBHREITHNIÚ
|
CAIBIDIL 8 ATHBHREITHNIÚ
|
|
CAIBIDIL 9 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL 9 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I
|
IARSCRÍBHINN I
Tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1
Sa tábla seo a leanas liostaítear earraí mar a aicmítear iad san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.
Seachas seachtháirgí próisis monaraíochta, i gcás ina mbaineann an próiseas sin le hábhar nach dramhaíl é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí más amhlaidh go dtáirgtear iad go hiomlán as ábhar a bhfuil a shaolré caite agus a chaithfí amach mar dhramhaíl ina mhalairt de chás, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) den Treoir sin.
|
Tráchtearra ábhartha
|
Táirgí ábhartha (5)
|
|
Eallach (1)
|
►M3
ex 0102 Eallach beo ◄
ex 0201 Feoil ó eallach, úr nó fuaraithe ex 0202 Feoil ó eallach, reoite ex 0206 10 Scairteach inite ó eallach, úr nó fuaraithe
►M3
ex 0206 21 00 Teangacha reoite eallaigh’; (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
ex 0206 22 Aenna inite ó eallach, reoite ex 0206 29 Scairteach inite ó eallach (seachas teangacha agus aenna), reoite ex 1602 50 Feoil, scairteach feola, fuil eile ó eallach, ullmhaithe nó leasaithe
►M3
◄
|
|
Cócó
|
1801 Pónairí cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta 1802 Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus dramhaíl eile cócó
►M3
(nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) ◄
1803 Leafaos cócó, bíodh sé díshaillte nó ná bíodh 1804 Im cócó, saill cócó agus ola cócó 1805 Púdar cócó nach bhfuil siúcra breise ná substaint eile mhilsithe ann 1806 Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó
|
|
Caife
|
0901 Caife, bíodh sé rósta nó díchaiféinithe nó ná bíodh; mogaill agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu
►M3
2101 11 00 Úisc, úscraí agus tiúcháin eile de chaife (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
|
|
Pailm ola (2)
|
►M3
ex 1207 10 00 Cnónna pailme agus eithní pailme ex 1511 Ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) ex 1513 21 Amhola eithne pailme agus amhola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) ex 1513 29 Ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, seachas amhola, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) ◄
►M3
ex 1516 20 Ola pailme, ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, atá hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nó Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 1518 00 Ola pailme, ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, atá beirithe, ocsaídithe, díhiodráitithe, sulfartha, séidte, polaiméirithe le teas i bhfolús nó i dtriathghás nó a ndearnadh modhnú ceimiceach ar bhealach eile orthu, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1516 ; meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte nó olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha nó de chodáin de shaillte nó olaí éagsúla sa chaibidil seo, ina bhfuil pailm ola nó a rinneadh trí phailm ola a úsáid (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 1520 00 Gliocról amh; uiscí gliocróil agus buac ghliocróil a táirgeadh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
►M3
ex 2306 60 00 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile cnónna pailme nó eithní pailme, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola nó saillte cnónna pailme nó eithní pailme a úscadh ◄
►M3
ex 2905 16 Ochtanól (alcól ochtaile) agus isiméirí de, a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 2905 17 00 Dédheacán-1-ól (alcól láirile), heicsideacán-1-ól (alcól céitile) agus ochtaideacán-1-ól (alcól stéirile), a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 2905 19 00 Alcóil aonhidreacha sháithithe eile, nach sonraítear ná nach n-áirítear aon áit eile, a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
►M3
ex 2905 45 Gliocról, ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó (arna ríomh de réir mheáchan an táirge thirim) a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) ◄
►M3
ex 2915 39 Eistir aigéid aicéitigh, seachas aicéatáit eitile, aicéatáit vinile, aicéatáit n-búitile agus aicéatáit déiniseibe (ISO), a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
►M3
ex 2915 70 Aigéad pailmíteach, aigéad stéarach, a gcuid salann agus eistear a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) ◄
►M3
ex 2915 90 Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe, a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe, seachas aigéad formach, a chuid salann agus eistear, aigéad aicéiteach agus a chuid salann; ainhidríd aicéiteach, eistir aigéid aicéitigh, aigéid mhonaclóraicéiteacha, dhéchlóraicéiteacha nó thríchlóraicéiteacha, a gcuid salann agus eistear, aigéad próipianach, a chuid salann agus eistear a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid, aigéid bhútánócha, aigéid pheantánócha, a gcuid salann agus eistear agus aigéad pailmíteach, aigéad stéarach, a gcuid salann agus eistear, a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) ◄
►M3
ex 2916 15 Aigéad oiléach, aigéad líonoiléach agus aigéad líonóiléineach, a gcuid salann agus eistear a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 2916 19 10 Aigéid aondeacánócha, a chuid salann agus eistear a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 2921 19 Mona-aimíní neamhchioglacha agus a ndíorthaigh; salainn uathu, seachas meitiolaimín; démheitiolaimín nó trí-mheitiolaimín agus a gcuid salann, hidreaclóiríd 2-(N,N-démheitiolaimínea)eitiolclóiríde, hidreaclóiríd 2-(N,N-dé-eitiolaimínea)eitiolclóiríde agus hidreaclóiríd 2-(N,N-dé-iseapróipiolaimín)eitiolclóiríde, a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 2923 90 00 Salainn agus hiodrocsaídí ceathartha amóiniam, seachas coilín agus a shalainn, sulfónáit sárfhluarochtáin teitreitiolamóiniam agus sulfónáit sárfhluarochtáin dédheicildémheitiolamóiniam, a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 2924 19 00 Aimídí neamhchioglacha, carbamáití neamhchioglacha agus a salainn, seachas meapróbamáit (INN), fluaraicéataimíd (ISO), monacrótafos (ISO) agus fosfaimíodón (ISO), a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 3401 11 00 Gallúnach, i bhfoirm barraí, cácaí, píosaí nó cruthanna múnlaithe le húsáid sa leithreas (lena n-áirítear táirgí íocleasaithe), ina bhfuil pailm ola nó a rinneadh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) ex 3401 20 Gallúnach, i bhfoirmeacha seachas barraí, cácaí, píosaí nó cruthanna múnlaithe ina bhfuil pailm ola nó a rinneadh trí phailm ola a úsáid (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
►M3
ex 3823 11 00 Aigéad stéarach, tionsclaíoch a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) ◄
►M3
ex 3823 12 00 Aigéad oiléach, tionsclaíoch a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) ◄
►M3
ex 3823 19 Aigéid shailleacha thionsclaíocha mhonacarbocsaileacha; olaí aigéadacha ón scagadh seachas aigéad stéarach, aigéad oiléach agus aigéid shailleacha tallola, a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) ◄
►M3
ex 3823 70 00 Alcóil shailleacha thionsclaíocha a sintéisíodh trí phailm ola a úsáid ◄
►M3
ex 3824 99 Táirgí ceimiceacha agus ullmhóidí eile ó thionscal na gceimiceán nó ó na tionscail ghaolmhara (lena n-áirítear iad siúd ina bhfuil meascáin de tháirgí nádúrtha), nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile, ina bhfuil pailm ola nó a rinneadh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ex 3907 29 Polai-éatair eile, i bhfoirmeacha príomhúla, seachas meitiolfosfónáit bhios(polocseitiléine), a rinneadh trí phailm ola a úsáid (seachas táirgí a mhéid a úsáidtear iad chun táirgí íocshláinte a mhonarú lena n-úsáid ag an duine nó sa tréidliacht faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó Rialachán (AE) 2019/6) (Beidh feidhm ag an bhforáil sin ón 30 Nollaig 2027) ◄
|
|
Rubar (3)
|
►M3
ex 4001 Rubar nádúrtha, balata, gutta-percha, guayule, chicle agus gumaí nádúrtha comhchosúla, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina bplátaí, ina leatháin nó ina stiallacha ◄
ex 4005 Rubar comhshuite, neamhbholcánaithe, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina phlátaí, ina leatháin nó ina stiallacha ex 4006 Rubar neamhbholcánaithe i bhfoirmeacha eile (e.g. slata, feadáin agus cruthanna próifíle) agus earraí (e.g. dioscaí agus fáinní) ex 4007 Snáithe agus corda rubair bholcánaithe ex 4008 Plátaí, leatháin, stiallacha, slata agus cruthanna próifíle, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua
►M3
(nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
◄
ex 4011 Aerbhoinn nua, as rubar
►M3
ex 4012 90 30 Tráchtanna boinn ◄
ex 4013 Feadáin inmheánacha, as rubar ex 4015 Earraí éadaigh agus oiriúintí éadaigh (lena n-áirítear lámhainní, mitíní agus miotóga), chun críoch uile, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua
►M3
(nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
◄
ex 4017 Rubar crua (e.g. éabainnít) i bhfoirmeacha uile, lena n-áirítear dramhaíl agus fuíoll; earraí rubair chrua
►M3
(nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
|
|
Soighe
|
►M3
1201 90 00 Pónairí soighe, bídís briste nó ná bídís: eile ◄
1208 10 Plúr pónaire shoighe agus min phónaire shoighe 1507 Ola phónaire shoighe agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu 2304 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola phónaire shoighe a úscadh
|
|
Adhmad (4)
|
►M3
ex 4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chipíní, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) (nach n-áirítear leo ábhar pacála ná coimeádáin phacála aon úsáide a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin) ◄
►M3
ex 4402 Fioghual, lena n-áirítear scillig-ghualach nó cnóghualach, bíodh sé ceirtleánaithe nó ná bíodh ◄
►M3
ex 4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4404 Adhmad fonsa; poil scoilte; cairn, cuaillí agus stácaí adhmaid, a bhfuil pointe orthu ach nach bhfuil sáfa ar a bhfad; bataí adhmaid, iad garbh-bhearrtha, ach gan iad deilte, lúbtha ná oibrithe ar aon bhealach eile, atá oiriúnach chun maidí siúil, scáthanna fearthainne, cosa uirlisí nó a leithéidí a mhonarú; slisadhmad agus a leithéid (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4405 Olann adhmaid; plúr adhmaid (nach n-áirítear leo ábhar pacála ná coimeádáin phacála aon úsáide a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin) ◄
►M3
ex 4406 Trasnáin (trascheangail) adhmaid iarnróid nó trambhealaí (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús is mó ná 6 mm (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús nach mó ná 6 mm ◄
►M3
ex 4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4410 Clár cáithníneach, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann orthu agus adhmad lannaithe comhchosúil (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4413 Adhmad dlúthaithe, ina bhloic, ina phlátaí, ina stiallacha nó ina chruthanna próifíle (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4414 Frámaí adhmaid i gcomhair pictiúr, grianghraf, scáthán nó nithe comhchosúla (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) (nach n-áirítear leo ábhar pacála aon úsáide agus coimeádáin phacála a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin) (nach n-áirítear leo ábhar pacála agus coimeádáin phacála ar léir ina leith go bhfuil siad oiriúnach lena n-úsáid arís agus arís eile a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin ón uair a úsáidtear iad chun na críche sin agus ar aghaidh) ◄
►M3
ex 4416 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh as adhmad, lena n-áirítear stéibheanna (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) (nach n-áirítear leo ábhar pacála aon úsáide agus coimeádáin phacála a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin) (nach n-áirítear leo ábhar pacála agus coimeádáin phacála ar léir ina leith go bhfuil siad oiriúnach lena n-úsáid arís agus arís eile a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin ón uair a úsáidtear iad chun na críche sin agus ar aghaidh) ◄
►M3
ex 4417 Uirlisí, ceapa uirlise, cosa uirlise, ceapa nó cosa scuaibe, déanta as adhmad; ceapa gréasaí do bhróga nó buataisí, déanta as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4419 Gréithe tábla agus cistine, as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4420 Maircíneacht adhmaid agus adhmad inleagtha; cisteoga agus cásanna do sheodra nó sceanra, agus earraí comhchosúla, as adhmad; deilbhíní agus earraí ornáideacha eile, as adhmad; troscáin déanta as adhmaid nach gcumhdaítear i gCaibidil 94 (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 4421 Earraí eile déanta as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 47 Laíon adhmaid (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) (nach n-áirítear leo táirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa ná táirgí a dhíorthaítear ó tháirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa) ex 48 Páipéar agus cairtchlár: Earraí atá déanta as laíon páipéir, as páipéar nó as cairtchlár (nach n-áirítear leo dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE) (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) (nach n-áirítear leo táirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa ná táirgí a dhíorthaítear ó tháirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa) (nach n-áirítear leo ábhar pacála aon úsáide agus coimeádáin phacála a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin) (nach n-áirítear leo ábhar pacála agus coimeádáin phacála ar léir ina leith go bhfuil siad oiriúnach lena n-úsáid arís agus arís eile a úsáidtear go heisiach chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear a chosaint nó a iompar agus a chuirtear i láthair leis an táirge sin ón uair a úsáidtear iad chun na críche sin agus ar aghaidh) (nach n-áirítear leo míreanna comhfhreagrais agus margaíochta ná ábhair faisnéise a ghabhann go heisiach le táirge eile a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear, nó a sholáthraítear chun críoch margaíochta nó faisnéise saor in aisce) ◄
►M2
◄
►M3
ex 9401 31 00 Suíocháin sclóine ar féidir a n-airde a athrú, as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ex 9401 41 00 Suíocháin eile seachas suíocháin ghairdín nó trealamh campála, is féidir a thiontú ina leapacha, as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ex 9401 61 00 Suíocháin eile, ag a bhfuil frámaí adhmaid, cumhdaithe (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ex 9401 69 00 Suíocháin eile, ag a bhfuil frámaí adhmaid, seachas suíocháin chumhdaithe (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ex 9401 80 00 Suíocháin eile, as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ex 9401 91 90 Codanna eile de shuíocháin, as adhmad (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 9403 30 , ex 9403 40 , ex 9403 50 , ex 9403 60 agus ex 9403 91 Troscán adhmaid, agus codanna díobh (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
►M3
ex 9406 10 00 Foirgnimh adhmaid réamhdhéanta (nach n-áirítear leo táirgí úsáidte ná táirgí athláimhe) ◄
|
►M3
(1)
Níl feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le heallach de ghéineas Bos agus dá fhoghéinis: Bos, Bibos, Novibos agus Poephagus a thagann faoi fhocheannteideal CC 0102 21 agus 0102 29 . Níl feidhm aige maidir le buabhaill (géineas Syncerus) ná bíosúin (géineas Bison) ná aon ainmhí beo eile den speiceas buaibheach.
◄
►M3
(2)
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le pailm ola Elaeis spp. (lena n-áirítear Elaeis guineensis). Níl feidhm aige maidir le hola babasú ón ngéineas Attalea spp. (lena n-áirítear Attalea speciosa) agus olaí plandúla ó speicis eile crann pailme.
◄
►M3
(3)
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le rubar ó Hevea brasiliensis. Níl feidhm aige maidir le balata, gutta-percha, guayula, chicle agus gumaí nádúrtha comhchosúla a tháirgtear ó speicis eile ná maidir le táirgí rubair shintéisigh.
◄
►M3
(4)
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le bambú, ratán agus ábhair eile de chineál adhmaid agus dá bhrí sin níl feidhm aige ach oiread maidir le táirgí ábhartha a liostaítear faoin tráchtearra ábhartha “Adhmad” a mhéid atá na táirgí sin déanta as bambú, ratán agus ábhair eile de chineál adhmaid.
◄
►M3
(5)
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Samplaí de tháirgí, a bhfuil luach agus cainníocht dhiomaibhseach ag baint leo agus nach féidir iad a thomhailt ná a úsáid ach amháin chun orduithe a lorg le haghaidh earraí den chineál a ndéanann siad ionadaíocht dó ar choinníoll go bhfágann an modh cur i láthair agus an chainníocht, le haghaidh táirgí den chineál céanna nó ar an gcáilíocht chéanna, go bhfágann sé nach bhféadfar iad a thomhailt ná a úsáid chun aon chríche eile seachas orduithe a lorg;
(b) Táirgí a ndéanfar scrúdú, anailís nó tástálacha orthu chun a gcomhdhéanamh, a gcáilíocht nó a saintréithe teicniúla eile a chinneadh chun críoch faisnéise nó taighde tionsclaíoch nó tráchtála ar choinníoll go n-ídeofar nó go scriosfar go hiomlán na táirgí a bhfuil anailís, scrúdú nó tástáil le déanamh orthu le linn an scrúdaithe, na hanailíse nó na tástála, nó go gcoimeádfar nó go dtabharfar ar ais iad gan aon chúis ná aon chuspóir eile seachas oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha a bhaineann le scrúdú, anailís nó tástáil a chomhlíonadh.
◄
►M3
(6)
Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67,http://data.europa.eu/eli/dir/2001/83/oj).
(7)
Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/726/oj).
(8)
Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).
◄
|
|
|
IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
Ráiteas maidir le dícheall cuí
Faisnéis atá le háireamh sa ráiteas maidir le dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4(2):
1.
Ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
2.
Cód Córais Chomhchuibhithe, tuairisc saorthéacs, lena n-áirítear ainm trádála agus, i gcás inarb infheidhme, ainm eolaíoch iomlán, agus cainníocht, an táirge ábhartha a bheartaíonn an t-oibreoir a chur ar an margadh nó a onnmhairiú. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a cuirtear amach as ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais, lena sonraítear meastachán céatadáin nó diall, agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán céatadánach nó diall nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.
3.
An tír tháirgthe agus geoshuíomh gach plásóige talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha. Maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha den sórt sin a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; maidir leis an táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla ann nó ar ar úsáideadh tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla lena dhéanamh, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún go léir i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe(d).
▼M2 —————
▼B
5.
An téacs: “Agus an ráiteas seo maidir le dícheall cuí á thíolacadh, dearbhaíonn an t-oibreoir gur feidhmíodh dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE)2023/1115 agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach le hAirteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”.
6.
Síniú san fhormáid seo a leanas:
“Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:
Dáta:
Ainm agus feidhm: Síniú:”.
|
|
IARSCRÍBHINN III Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga
|
IARSCRÍBHINN III
Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga
An fhaisnéis atá le bheith sa dearbhú simplithe aonuaire maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga i gcomhréir le hAirteagal 4a(3):
1.
Ainm agus seoladh an micrea-oibreora príomhúla nó an t-oibreoir príomhúla agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
2.
Cód Córais Chomhchuibhithe na dtáirgí ábhartha agus tuairisc saorthéacs orthu, lena n-áirítear ainm trádála, agus cainníocht bhliantúil aonuaire mheasta na dtáirgí ábhartha atá beartaithe a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, arna sloinneadh i nglanmhais lena sonraítear meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-ítimí. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht mheasta a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh an chóid Córais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina saineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoin gcód Córais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.
3.
Tír tháirgthe agus geoshuíomh gach dáileachta talún, nó seoladh poist na bunaíochta nó gach dáileachta talún ar a dtáirgeann an micrea-oibreoir príomhúil nó an t-oibreoir príomhúil beag tráchtearraí ábhartha. I gcás táirgí ábhartha ina bhfuil eallach nó a dhéantar agus úsáid á baint as eallach, agus i gcás na dtáirgí ábhartha sin arna gcothú le táirgí ábhartha, tagróidh an seoladh poist nó an geoshuíomh do gach bunaíocht ina gcoimeádtar an t-eallach. I gcás ina dtáirgtear na táirgí ábhartha ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar seoladh poist nó geoshuíomh gach dáileachta talún igcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (d).
4.
An téacs: “Leis an dearbhú seo, deimhníonn an micrea-oibreoir príomhúil nó an t-oibreoir príomhúil beag go bhfeidhmeoidh sé dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115 i leith gach táirge a chuireann sé ar an margadh nó a onnmhairíonn siad, agus nach gcuirfidh sé ar an margadh ná nach n-onnmhaireoidh sé iad ach amháin i gcás nach bhfaighfear aon riosca nó nach bhfaighfear ach riosca diomaibhseach nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|