+RIALACHÁN (AE) 2024/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+ROINN 1 Ábhar agus sainmhínithe
---------+Airteagal 1 Ábhar
------------+Airteagal 1 (a)
------------+Airteagal 1 (b)
------------+Airteagal 1 (c)
---------+Airteagal 2 Sainmhínithe
------------+Airteagal 2 1
------------+Airteagal 2 2
------------+Airteagal 2 3
------------+Airteagal 2 4
------------+Airteagal 2 5
------+ROINN 2 Raon feidhme
---------+Airteagal 3 Eintitis faoi oibleagáid
------------+Airteagal 3 (1)
------------+Airteagal 3 (2)
------------+Airteagal 3 (3)
---------+Airteagal 4 Díolúintí do sholáthraithe áirithe seirbhísí cearrbhachais
------------+Airteagal 4 1
------------+Airteagal 4 2
------------+Airteagal 4 3
---------+Airteagal 5 Díolúintí do chlubanna sacair ghairmiúil áirithe
------------+Airteagal 5 1
------------+Airteagal 5 2
------------+Airteagal 5 3
---------+Airteagal 6 Díolúintí do ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe
------------+Airteagal 6 1
------------+Airteagal 6 2
------------+Airteagal 6 3
------------+Airteagal 6 4
------------+Airteagal 6 5
------------+Airteagal 6 6
---------+Airteagal 7 Réamhfhógra maidir le díolúintí
------------+Airteagal 7 1
------------+Airteagal 7 2
------------+Airteagal 7 3
------------+Airteagal 7 4
------------+Airteagal 7 5
------+ROINN 3 oibríochtaí trasteorann
---------+Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi oibríochtaí trasteorann agus an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm
------------+Airteagal 8 1
------------+Airteagal 8 2
------------+Airteagal 8 3
------------+Airteagal 8 4
------------+Airteagal 8 5
------------+Airteagal 8 6
---+CAIBIDIL II BEARTAIS, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE INMHEÁNACHA NA N-EINTITEAS FAOI OIBLEAGÁID
------+ROINN 1 beartais, Nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha, measúnú riosca agus foireann
---------+Airteagal 9 Raon feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha
------------+Airteagal 9 1
------------+Airteagal 9 2
------------+Airteagal 9 3
------------+Airteagal 9 4
---------+Airteagal 10 Measúnú riosca uileghnó
------------+Airteagal 10 1
------------+Airteagal 10 2
------------+Airteagal 10 3
------------+Airteagal 10 4
---------+Airteagal 11 Feidhmeanna maidir le comhlíonadh
------------+Airteagal 11 1
------------+Airteagal 11 2
------------+Airteagal 11 3
------------+Airteagal 11 4
------------+Airteagal 11 5
------------+Airteagal 11 6
------------+Airteagal 11 7
---------+Airteagal 12 Feasacht faoi cheanglais
---------+Airteagal 13 Ionracas na bhfostaithe
------------+Airteagal 13 1
------------+Airteagal 13 2
------------+Airteagal 13 3
------------+Airteagal 13 4
---------+Airteagal 14 Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a thuairiscíonn iad
------------+Airteagal 14 1
------------+Airteagal 14 2
------------+Airteagal 14 3
---------+Airteagal 15 Cás fostaithe sonracha
------+ROINN 2 Forálacha ag a bhfuil feidhm maidir le grúpaí
---------+Airteagal 16 Ceanglais uileghrúpa
------------+Airteagal 16 1
------------+Airteagal 16 2
------------+Airteagal 16 3
------------+Airteagal 16 4
------------+Airteagal 16 5
---------+Airteagal 17 Brainsí agus fochuideachtaí i dtríú tíortha
------------+Airteagal 17 1
------------+Airteagal 17 2
------------+Airteagal 17 3
------------+Airteagal 17 4
------+ROINN 3 Seachfhoinsiú
---------+Airteagal 18 Seachfhoinsiú
------------+Airteagal 18 1
------------+Airteagal 18 2
------------+Airteagal 18 3
------------+Airteagal 18 4
------------+Airteagal 18 5
------------+Airteagal 18 6
------------+Airteagal 18 7
------------+Airteagal 18 8
---+CAIBIDIL III DÍCHEALL CUÍ DO CHUSTAIMÉIRÍ
------+ROINN 1 Forálacha ginearálta
---------+Airteagal 19 Bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm
------------+Airteagal 19 1
------------+Airteagal 19 2
------------+Airteagal 19 3
------------+Airteagal 19 4
------------+Airteagal 19 5
------------+Airteagal 19 6
------------+Airteagal 19 7
------------+Airteagal 19 8
------------+Airteagal 19 9
------------+Airteagal 19 10
---------+Airteagal 20 Bearta díchill chuí do chustaiméirí
------------+Airteagal 20 1
------------+Airteagal 20 2
------------+Airteagal 20 3
------------+Airteagal 20 4
---------+Airteagal 21 Éagumas chun an ceanglas bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh
------------+Airteagal 21 1
------------+Airteagal 21 2
------------+Airteagal 21 3
------------+Airteagal 21 4
---------+Airteagal 22 Céannacht custaiméirí agus úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú
------------+Airteagal 22 1
------------+Airteagal 22 2
------------+Airteagal 22 3
------------+Airteagal 22 4
------------+Airteagal 22 5
------------+Airteagal 22 6
------------+Airteagal 22 7
---------+Airteagal 23 Uainiú na céannachta ar aitheantas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil
------------+Airteagal 23 1
------------+Airteagal 23 2
------------+Airteagal 23 3
------------+Airteagal 23 4
---------+Airteagal 24 Neamhréireachtaí a thuairisciú maidir leis an bhfaisnéis atá i gcláir um úinéireacht thairbhiúil
------------+Airteagal 24 1
------------+Airteagal 24 2
------------+Airteagal 24 3
------------+Airteagal 24 4
---------+Airteagal 25 Cuspóir agus cineál beartaithe gaolmhaireachta gnó nó idirbhirt ócáidigh a shainaithint
------------+Airteagal 25 (a)
------------+Airteagal 25 (b)
------------+Airteagal 25 (c)
------------+Airteagal 25 (d)
------------+Airteagal 25 (e)
------------+Airteagal 25 2
---------+Airteagal 26 Faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht gnó agus faireachán a dhéanamh ar idirbhearta a dhéanann custaiméirí
------------+Airteagal 26 1
------------+Airteagal 26 2
------------+Airteagal 26 3
------------+Airteagal 26 4
------------+Airteagal 26 5
---------+Airteagal 27 Bearta sealadacha do chustaiméirí atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe
------------+Airteagal 27 1
------------+Airteagal 27 2
---------+Airteagal 28 Caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh
------------+Airteagal 28 1
------------+Airteagal 28 2
------------+Airteagal 28 3
------------+Airteagal 28 4
------+ROINN 2 Beartas tríú tír agus bagairtí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ó lasmuigh den Aontas
---------+Airteagal 29 Tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha shuntasacha orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint
------------+Airteagal 29 1
------------+Airteagal 29 2
------------+Airteagal 29 3
------------+Airteagal 29 4
------------+Airteagal 29 5
------------+Airteagal 29 6
------------+Airteagal 29 7
---------+Airteagal 30 Tríú tíortha a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh orthu ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint
------------+Airteagal 30 1
------------+Airteagal 30 2
------------+Airteagal 30 3
------------+Airteagal 30 4
------------+Airteagal 30 5
---------+Airteagal 31 Tríú tíortha a chruthaíonn bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais a shainaithint
------------+Airteagal 31 1
------------+Airteagal 31 2
------------+Airteagal 31 3
------------+Airteagal 31 4
------------+Airteagal 31 5
------------+Airteagal 31 6
------------+Airteagal 31 7
------------+Airteagal 31 8
------------+Airteagal 31 9
---------+Airteagal 32 Treoirlínte maidir le rioscaí, treochtaí agus modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta
------------+Airteagal 32 1
------------+Airteagal 32 2
------------+Airteagal 32 3
------+ROINN 3 Dícheall cuí simplithe
---------+Airteagal 33 Bearta díchill chuí simplithe
------------+Airteagal 33 1
------------+Airteagal 33 2
------------+Airteagal 33 3
------------+Airteagal 33 4
------------+Airteagal 33 5
------+ROINN 4 Dícheall cuí feabhsaithe do chustaiméirí
---------+Airteagal 34 Raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart feabhsaithe díchill chuí
------------+Airteagal 34 1
------------+Airteagal 34 2
------------+Airteagal 34 3
------------+Airteagal 34 4
------------+Airteagal 34 5
------------+Airteagal 34 6
------------+Airteagal 34 7
------------+Airteagal 34 8
---------+Airteagal 35 Frithbhearta chun bagairtí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ó lasmuigh den Aontas a mhaolú
------------+Airteagal 35 (a)
------------+Airteagal 35 (b)
---------+Airteagal 36 Bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha do ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann
------------+Airteagal 36 (a)
------------+Airteagal 36 (b)
------------+Airteagal 36 (c)
------------+Airteagal 36 (d)
------------+Airteagal 36 (e)
------------+Airteagal 36 2
---------+Airteagal 37 Bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha do ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
------------+Airteagal 37 1
------------+Airteagal 37 2
------------+Airteagal 37 3
---------+Airteagal 38 Bearta sonracha le haghaidh institiúidí aonair tríú tír is freagróirí
------------+Airteagal 38 1
------------+Airteagal 38 2
------------+Airteagal 38 3
------------+Airteagal 38 4
------------+Airteagal 38 5
------------+Airteagal 38 6
------------+Airteagal 38 7
---------+Airteagal 39 Toirmeasc ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí caocha
------------+Airteagal 39 1
------------+Airteagal 39 2
---------+Airteagal 40 Bearta chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hidirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte
------------+Airteagal 40 1
------------+Airteagal 40 2
---------+Airteagal 41 Forálacha sonracha maidir le hiarratasóirí ar chónaí trí scéimeanna infheistíochta
---------+Airteagal 42 Forálacha sonracha maidir le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil
------------+Airteagal 42 1
------------+Airteagal 42 2
---------+Airteagal 43 Liosta d’fheidhmeanna poiblí suntasacha
------------+Airteagal 43 1
------------+Airteagal 43 2
------------+Airteagal 43 3
------------+Airteagal 43 4
------------+Airteagal 43 5
---------+Airteagal 44 Daoine atá faoi riteacht pholaitiúil ar tairbhithe de pholasaithe árachais iad
------------+Airteagal 44 (a)
------------+Airteagal 44 (b)
---------+Airteagal 45 Bearta i ndáil le daoine a scoireann de bheith ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil
------------+Airteagal 45 1
------------+Airteagal 45 2
------------+Airteagal 45 3
---------+Airteagal 46 Baill teaghlaigh agus daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil
------+ROINN 5 Forálacha sonracha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí
---------+Airteagal 47 Sonraíochtaí don earnáil árachais saoil agus árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht
------------+Airteagal 47 (a)
------------+Airteagal 47 (b)
------------+Airteagal 47 2
------+ROINN 6 Spleáchas ar dhícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintitis eile faoi oibleagáid
---------+Airteagal 48 Forálacha ginearálta a bhaineann le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid
------------+Airteagal 48 1
------------+Airteagal 48 2
------------+Airteagal 48 3
------------+Airteagal 48 4
---------+Airteagal 49 Próiseas maidir le bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid
------------+Airteagal 49 1
------------+Airteagal 49 2
------------+Airteagal 49 3
------------+Airteagal 49 4
------------+Airteagal 49 5
---------+Airteagal 50 Treoirlínte maidir le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid
------------+Airteagal 50 (a)
------------+Airteagal 50 (b)
------------+Airteagal 50 (c)
---+CAIBIDIL IV TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE HÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL
------+Airteagal 51 Úinéirí tairbhiúla d’eintitis dhlítheanacha a shainaithint
---------+Airteagal 51 (a)
---------+Airteagal 51 (b)
---------+Airteagal 51 2
------+Airteagal 52 Úinéireacht thairbhiúil trí leas úinéireachta
---------+Airteagal 52 1
---------+Airteagal 52 2
---------+Airteagal 52 3
---------+Airteagal 52 4
------+Airteagal 53 Úinéireacht thairbhiúil trí rialú
---------+Airteagal 53 1
---------+Airteagal 53 2
---------+Airteagal 53 3
---------+Airteagal 53 4
------+Airteagal 54 Cómhaireachtáil leasa úinéireachta agus rialaithe sa struchtúr úinéireachta
---------+Airteagal 54 (a)
---------+Airteagal 54 (b)
------+Airteagal 55 Struchtúir úinéireachta lena mbaineann socruithe dlíthiúla nó eintitis dhlítheanacha chomhchosúla
------+Airteagal 56 Fógraí
------+Airteagal 57 Úinéirí tairbhiúla a shainaithint d’eintitis dhlítheanacha atá cosúil le hiontaobhas sainráite
---------+Airteagal 57 1
---------+Airteagal 57 2
---------+Airteagal 57 3
---------+Airteagal 57 4
------+Airteagal 58 Úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla a shainaithint
---------+Airteagal 58 1
---------+Airteagal 58 2
---------+Airteagal 58 3
---------+Airteagal 58 4
---------+Airteagal 58 5
------+Airteagal 59 Aicme tairbhithe a shainaithint
---------+Airteagal 59 1
---------+Airteagal 59 2
---------+Airteagal 59 3
------+Airteagal 60 Ábhair cumhachta agus faighteoirí i gcás mainneachtana in iontaobhais lánroghnacha a shainaithint
------+Airteagal 61 Úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta a shainaithint
---------+Airteagal 61 (a)
---------+Airteagal 61 (b)
---------+Airteagal 61 (c)
------+Airteagal 62 Faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil
---------+Airteagal 62 1
---------+Airteagal 62 2
------+Airteagal 63 Oibleagáidí eintiteas dlítheanach
---------+Airteagal 63 1
---------+Airteagal 63 2
---------+Airteagal 63 3
---------+Airteagal 63 4
---------+Airteagal 63 5
---------+Airteagal 63 6
------+Airteagal 64 Oibleagáidí maidir le hiontaobhaithe
---------+Airteagal 64 1
---------+Airteagal 64 2
---------+Airteagal 64 3
---------+Airteagal 64 4
---------+Airteagal 64 5
---------+Airteagal 64 6
---------+Airteagal 64 7
------+Airteagal 65 Eisceachtaí ó oibleagáidí eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla
---------+Airteagal 65 (a)
---------+Airteagal 65 (b)
------+Airteagal 66 Oibleagáidí maidir le daoine ainmnithe
------+Airteagal 67 Socruithe dlíthiúla eachtracha agus eintitis dhlítheanacha eachtracha
---------+Airteagal 67 1
---------+Airteagal 67 2
---------+Airteagal 67 3
---------+Airteagal 67 4
---------+Airteagal 67 5
---------+Airteagal 67 6
---------+Airteagal 67 7
---------+Airteagal 67 8
------+Airteagal 68 Pionóis
---------+Airteagal 68 1
---------+Airteagal 68 2
---+CAIBIDIL V OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE
------+Airteagal 69 Amhras a thuairisciú
---------+Airteagal 69 1
---------+Airteagal 69 2
---------+Airteagal 69 3
---------+Airteagal 69 4
---------+Airteagal 69 5
---------+Airteagal 69 6
---------+Airteagal 69 7
---------+Airteagal 69 8
---------+Airteagal 69 9
------+Airteagal 70 Forálacha sonracha maidir le tuairisciú amhras ag catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid
---------+Airteagal 70 1
---------+Airteagal 70 2
---------+Airteagal 70 3
------+Airteagal 71 Staonadh ó idirbhearta a dhéanamh
---------+Airteagal 71 1
---------+Airteagal 71 2
------+Airteagal 72 Nochtadh do FIU
------+Airteagal 73 Toirmeasc ar nochtadh
---------+Airteagal 73 1
---------+Airteagal 73 2
---------+Airteagal 73 3
---------+Airteagal 73 4
---------+Airteagal 73 5
---------+Airteagal 73 6
------+Airteagal 74 Tuarascálacha tairseachbhunaithe ar idirbhearta earraí ardluacha áirithe
---------+Airteagal 74 1
---------+Airteagal 74 2
---------+Airteagal 74 3
---+CAIBIDIL VI COMHROINNT FAISNÉISE
------+Airteagal 75 Malartú faisnéise faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise
---------+Airteagal 75 1
---------+Airteagal 75 2
---------+Airteagal 75 3
---------+Airteagal 75 4
---------+Airteagal 75 5
---------+Airteagal 75 6
---------+Airteagal 75 7
---+CAIBIDIL VII COSAINT SONRAÍ AGUS TAIFID A CHOIMEÁD
------+Airteagal 76 Sonraí pearsanta a phróiseáil
---------+Airteagal 76 1
---------+Airteagal 76 2
---------+Airteagal 76 3
---------+Airteagal 76 4
---------+Airteagal 76 5
------+Airteagal 77 Taifid a choimeád
---------+Airteagal 77 1
---------+Airteagal 77 2
---------+Airteagal 77 3
---------+Airteagal 77 4
------+Airteagal 78 Taifid a sholáthar d’údaráis inniúla
---+CAIBIDIL VIII BEARTA CHUN RIOSCAÍ A DHÍORTHAÍONN Ó IONSTRAIMÍ ANAITHNIDE A MHAOLÚ
------+Airteagal 79 Cuntais anaithnide agus scaireanna iompróra agus barántais scaire iompróra
---------+Airteagal 79 1
---------+Airteagal 79 2
---------+Airteagal 79 3
------+Airteagal 80 Teorainneacha le íocaíochtaí móra in airgead tirim mar mhalairt ar earraí nó ar sheirbhísí
---------+Airteagal 80 1
---------+Airteagal 80 2
---------+Airteagal 80 3
---------+Airteagal 80 4
---------+Airteagal 80 5
---------+Airteagal 80 6
---------+Airteagal 80 7
---+CAIBIDIL IX FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+ROINN 1 Comhar idir FIUnna agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
---------+Airteagal 81 Comhar idir FIUnna agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
------------+Airteagal 81 1
------------+Airteagal 81 2
------------+Airteagal 81 3
---------+Airteagal 82 Iarrataí ar fhaisnéis chuig OIPE
------------+Airteagal 82 1
------------+Airteagal 82 2
------+ROINN 2 Comhar idir FIUnna agus OLAF
---------+Airteagal 83 Comhar idir FIUnna agus OLAF
------------+Airteagal 83 1
------------+Airteagal 83 2
------------+Airteagal 83 3
---------+Airteagal 84 Iarrataí ar fhaisnéis chuig OLAF
------------+Airteagal 84 1
------------+Airteagal 84 2
------+ROINN 3 Forálacha eile
---------+Airteagal 85 An tarmligean a fheidhmiú
------------+Airteagal 85 1
------------+Airteagal 85 2
------------+Airteagal 85 3
------------+Airteagal 85 4
------------+Airteagal 85 5
------------+Airteagal 85 6
------------+Airteagal 85 7
---------+Airteagal 86 Nós imeachta coiste
------------+Airteagal 86 1
------------+Airteagal 86 2
---------+Airteagal 87 Athbhreithniú
------------+Airteagal 87 2
------------+Airteagal 87 (a)
------------+Airteagal 87 (b)
---------+Airteagal 88 Tuarascálacha
------------+Airteagal 88 (a)
------------+Airteagal 88 (b)
------------+Airteagal 88 (c)
------------+Airteagal 88 (d)
---------+Airteagal 89 Gaol le Treoir (AE) 2015/849
---------+Airteagal 90 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
|
English -
European Union -
Financial Industry -
RIALACHÁN (AE) 2024/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2024/1624 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Bealtaine 2024
maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Is í Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an phríomhionstraim dlí lena gcoisctear úsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. Leis an Treoir sin leagtar amach creat dlíthiúil cuimsitheach, a neartaíodh a thuilleadh le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá ag teacht chun cinn agus trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla a mhéadú. D’ainneoin na n-éachtaí faoin gcreat dlíthiúil sin, is léir ón taithí a fuarthas gur cheart feabhsuithe breise a thabhairt isteach chun rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú go leordhóthanach agus chun iarrachtaí coiriúla chun mí-úsáid a bhaint as córas airgeadais an Aontais chun críoch coiriúil a bhrath go héifeachtach.
|
|
(2)
|
Is é an príomhdhúshlán a sainaithníodh i leith chur i bhfeidhm fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 lena leagtar síos oibleagáidí ar eintitis faoi oibleagáid, nach bhfuil na rialacha a leagtar amach sna forálacha sin infheidhme go díreach agus go bhfuil an cur chuige ilroinnte ar bhonn náisiúnta. Cé gurbh ann do na rialacha sin agus gur tháinig forbairt orthu in imeacht tríocha bliain, tá siad fós á gcur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil iomlán comhsheasmhach le ceanglais margaidh inmheánaigh chomhtháite. Dá bhrí sin, rialacha maidir le hábhair a chumhdaítear faoi láthair i dTreoir (AE) 2015/849 a d’fhéadfadh a bheith infheidhme go díreach ag na heintitis faoi oibleagáid lena mbaineann, is gá aghaidh a thabhairt orthu i Rialachán chun aonfhoirmeacht inmhianaithe an chur i bhfeidhm a bhaint amach.
|
|
(3)
|
Tá an ionstraim nua seo mar chuid de phacáiste cuimsitheach arb é is aidhm dó creat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta (‘AML/CFT) a neartú. Nuair a chuirtear an Rialachán seo agus Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) le chéile le Rialacháin (AE) 2023/1113 (7) agus (AE) 2024/1620 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cruthófar creat dlíthiúil lena rialófar ceanglais AML/CFT a bheidh le comhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid agus a bheidh mar bhonn taca faoi chreat institiúideach AML/CFT an Aontais, lena n-áirítear an tÚdarás um fhrithsciúradh airgid agus um chomhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (‘AMLA’) a bhunú.
|
|
(4)
|
Is minic is i gcomhthéacs idirnáisiúnta a dhéantar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Bheadh tionchar an-teoranta ag bearta a ghlacfaí ar leibhéal an Aontais, gan comhordú ná comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta a ghlacann an tAontas sa réimse sin a bheith comhoiriúnach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bheith ar a laghad chomh dian céanna leo. Agus gníomhaíocht á déanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá páirteach go gníomhach i gcomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. D'fhonn éifeachtúlacht chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a threisiú, ba cheart gníomhartha dlí ábhartha an Aontais, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac arna nglacadh ag FATF i mí Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe FATF’) agus leasuithe ina dhiaidh sin ar na caighdeáin sin.
|
|
(5)
|
Ó glacadh Treoir (AE) 2015/849, rinneadh forbairtí le déanaí ar chreat dlí choiriúil an Aontais a rannchuidigh le cosc agus comhrac an sciúrtha airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a neartú. De bharr Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) thángthas ar chomhthuiscint ar choireacht an sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide. Le Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) sainmhínítear coireanna airgeadais lena ndéantar difear do leas airgeadais an Aontais, agus ba cheart a mheas gur cionta preideacáide iad freisin i leith an sciúrtha airgid. Le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) thángthas ar chomhthuiscint ar choireacht an mhaoinithe sceimhlitheoireachta. Ós rud é go dtugtar soiléiriú anois ar na coincheapa sin i ndlí coiriúil an Aontais, ní gá sainmhíniú a thabhairt anois ar sciúradh airgid, a chionta preideacáide ná maoiniú sceimhlitheoireachta i rialacha AML/CFT an Aontais. Ina ionad sin, ba cheart creat AML/CFT an Aontais a bheith go hiomlán comhleanúnach le creat dlí choiriúil an Aontais.
|
|
(6)
|
Leis an gcomhchuibhiú i réimse ábhartha an dlí choiriúil, cumasaítear cur chuige láidir comhleanúnach ar leibhéal an Aontais maidir le sciúradh airgid agus a chionta preideacáide, lena n-áirítear éilliú, a chosc agus a chomhrac. An tráth céanna, áirithítear leis an gcur chuige sin gur féidir leis na Ballstáit a ghlac cur chuige níos leithne maidir leis an sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar cionta preideacáide i leith sciúradh airgid iad leanúint de chur chuige den sórt sin a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1673, maidir le haon chineál rannpháirtíochta inphionóis i ndéanamh ciona preideacáide i leith sciúradh airgid arna choiriúlú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart sin a mheas freisin mar ghníomhaíocht choiriúil chun críoch na Treorach sin agus an Rialacháin seo.
|
|
(7)
|
Tá an teicneolaíocht ag forbairt go leanúnach, rud a thairgeann deiseanna don earnáil phríobháideach táirgí agus córais nua a fhorbairt lenar féidir cistí nó luach a mhalartú. Cé gur dearfach an feiniméan é sin, is féidir go nginfear rioscaí nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta dá dheasca sin, de réir mar go mbíonn coirpigh de shíor ag aimsiú bealaí chun teacht i dtír ar leochaileachtaí d'fhonn cistí aindleathacha a cheilt agus a aistriú timpeall an domhain. Tá soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ardáin sluachistiúcháin neamhchosanta ar mhí-úsáid na mbealaí nua le haghaidh gluaiseacht airgid aindleathaigh agus tá siad in áit mhaith chun na gluaiseachtaí sin a bhrath agus na rioscaí a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme reachtaíocht an Aontais a leathnú chun eintitis den sórt sin a chumhdach, i gcomhréir le caighdeáin FATF i ndáil le cripteashócmhainní. An tráth céanna, le dul chun cinn sa nuálaíocht, mar shampla forbairt na meiteachruinne, cuirtear bealaí nua ar fáil chun coireanna a dhéanamh agus chun na fáltais a sciúradh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach forairdeall a dhéanamh maidir leis na rioscaí a bhaineann le soláthar táirgí nó seirbhísí nuálacha, cibé acu ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, nó ar leibhéal na n-eintiteas faoi oibleagáid.
|
|
(8)
|
Bíonn ról ríthábhachtach ag na hinstitiúidí agus na daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar mhaoir geataí chóras airgeadais an Aontais agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, na bearta uile is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme d’fhonn cosc a chur ar choirpigh fáltais a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú leo. Ba cheart bearta a chur ar bun freisin chun maolú a dhéanamh ar aon riosca a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
|
|
(9)
|
Leis an sainmhíniú ar idirghabhálaí árachais faoi Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), cumhdaítear raon leathan daoine nádúrtha nó dlítheanacha a théann i mbun na gníomhaíochta dáilte árachais nó a shaothraíonn an ghníomhaíocht sin. Téann roinnt idirghabhálaithe árachais i mbun gníomhaíochtaí dáilte árachais faoi fhreagracht iomlán gnóthas árachais nó idirghabhálaithe árachais agus cuireann siad gníomhaíochtaí i gcrích faoi réir a mbeartas agus a nósanna imeachta. I gcás nach mbailíonn na hidirghabhálaithe sin préimheanna nó méideanna atá beartaithe don chustaiméir, don sealbhóir polasaí nó do thairbhí an pholasaí árachais, ní bhíonn siad in ann dícheall cuí fóinteach a dhéanamh ná idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú. I bhfianaise an róil theoranta sin agus ós rud é go n-áirithíonn na gnóthais árachais nó na hidirghabhálaithe árachais, ar faoina bhfreagracht a sholáthraíonn siad seirbhísí, cur i bhfeidhm iomlán cheanglais AML/CFT, níor cheart idirghabhálaithe nach láimhseálann cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a mheas mar eintitis faoi oibleagáid chun críoch an Rialacháin seo.
|
|
(10)
|
Cuideachtaí sealbhaíochta a dhéanann gníomhaíochtaí measctha agus a bhfuil fochuideachta amháin ar a laghad ar eintiteas faoi oibleagáid í ar áireamh ina bhfochuideachtaí, ba cheart na cuideachtaí sin a áireamh mar eintitis faoi oibleagáid i raon feidhme an Rialacháin seo. Chun a áirithiú go ndéanfaidh maoirseoirí airgeadais maoirseacht chomhsheasmhach, i gcásanna ina n-áirítear institiúid creidmheasa amháin nó institiúid airgeadais amháin ar a laghad sna fochuideachtaí de chuid cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha, ba cheart don chuideachta sealbhaíochta féin cáiliú mar institiúid airgeadais freisin.
|
|
(11)
|
Is féidir idirbhearta airgeadais a dhéanamh freisin laistigh den ghrúpa céanna mar bhealach chun airgeadas grúpa a bhainistiú. Mar sin féin, ní dhéantar na hidirbhearta sin vis-à-vis custaiméirí ná ní cheanglaítear cur i bhfeidhm beart AML/CFT leo. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a aithint nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí airgeadais ná seirbhísí airgeadais eile arna soláthar ag comhaltaí grúpa do chomhaltaí eile den ghrúpa sin.
|
|
(12)
|
Ba cheart do ghairmithe dlí neamhspleácha a bheith faoi réir an Rialacháin seo agus páirt á glacadh acu in idirbhearta airgeadais nó corparáideacha, lena n-áirítear agus comhairle chánach á soláthar, toisc go bhfuil riosca ann go mbainfear mí-úsáid as na seirbhísí atá á soláthar ag na gairmithe dlí sin chun fáltais gníomhaíochta coiriúla a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú. Ba cheart, áfach, díolúintí a bheith ann ó aon oibleagáid a bhaineann le faisnéis a thuairisciú roimh imeachtaí breithiúnacha, lena linn nó ina ndiaidh, nó le linn dóibh staid dhlíthiúil cliaint a fhionnadh, toisc go gcumhdaítear faisnéis den sórt sin le pribhléid dlíodóra. Dá bhrí sin, ba cheart comhairle dlí fós a bheith faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí rannpháirteach i sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, ina soláthraítear an chomhairle dlí chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó i gcás ina bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Is féidir eolas agus cuspóir den sórt sin a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla. Ós rud é go bhféadfaí comhairle dlí a bheith á lorg cheana féin ag céim na gníomhaíochta coiriúla as a n-eascraíonn fáltais, tá sé tábhachtach go n-áirítear le cásanna a eisiatar ón bpribhléid dlíodóra cásanna ina gcuirtear an chomhairle dlí ar fáil i gcomhthéacs na gcionta preideacáide. Níor cheart a mheas gur comhairle dlí chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta í comhairle dlí a lorgaítear i ndáil le himeachtaí breithiúnacha leanúnacha.
|
|
(13)
|
Chun urraim a áirithiú do na cearta a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), i gcás iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, ar daoine iad, i mBallstáit áirithe, atá i dteideal cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh ar chliant i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó staid dhlíthiúil cliaint a fhionnadh, níor cheart an fhaisnéis a fhaigheann siad le linn fheidhmiú na gcúraimí sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe. Mar sin féin, maidir leis na heisceachtaí a bhfuil feidhm acu maidir le nótairí agus dlíodóirí, ba cheart feidhm a bheith ag na heisceachtaí céanna maidir leis na gairmithe sin i gcás ina mbíonn siad ag gníomhú chun an ceart chun cosanta a fheidhmiú nó nuair a dhéanann siad staid dhlíthiúil cliaint a fhionnadh.
|
|
(14)
|
Ba í Treoir (AE) 2018/843 an chéad ionstraim dlí lenar tugadh aghaidh ar na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cripteashócmhainní san Aontas. Leis an Treoir sin, cuireadh le raon feidhme chreat AML/CFT dhá chineál soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní: soláthraithe i mbun seirbhísí malairte idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat agus soláthraithe tiachóg taisceánach. De dheasca forbairtí teicneolaíocha gasta agus an dul chun cinn i gcaighdeáin FATF, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige sin. Baineadh amach an chéad chéim chun creat dlíthiúil an Aontais a chomhlánú agus a nuashonrú le Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), lenar leagadh síos ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar mian leo cur isteach ar údarú chun a seirbhísí a sholáthar sa mhargadh inmheánach. Ina theannta sin tugadh isteach leis sainmhíniú ar chripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní lena gcuimsítear raon níos leithne gníomhaíochtaí. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2023/1113 rinneadh ceanglais inrianaitheachta a leathnú chuig aistrithe cripteashócmhainní a dhéanann soláthraithe seirbhisí cripteashócmhainní a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1114, agus leasaíodh Treoir (AE) 2015/849 chun ceangal a chur ar na Ballstáit na heintitis sin faoi oibleagáid a dhéanamh de na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sin. Ba cheart na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sin a chumhdach leis an Rialachán seo freisin, chun aon riosca go mbainfí mí-úsáid as cripteashócmhainní chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú.
|
|
(15)
|
Ní ach le deireanas a cruthaíodh margaí i gcripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha agus níor tháinig ann fós do reachtaíocht lena rialaítear a bhfeidhmiú. Tá faireachán á dhéanamh ar éabhlóid na margaí sin agus tá sé tábhachtach nach mbeidh rioscaí nua sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ann nach ndéanfaí a mhaolú i gceart. Faoin 30 Nollaig 2024, tá an Coimisiún le tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le cripteashócmhainní, lena n-áirítear measúnú ar fhorbairt na margaí i gcripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha, cóireáil rialála iomchuí na gcripteashócmhainní sin, lena n-áirítear measúnú ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé soláthraithe seirbhísí a bhaineann le cripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha a rialáil. Más iomchuí, tá togra reachtach ón gCoimisiún le gabháil leis an tuarascáil sin.
|
|
(16)
|
Na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta arna n-eascairt as leochaileachtaí ardán sluachistiúcháin, tá siad cothrománach agus bíonn tionchar acu ar an margadh inmheánach ina iomláine. Go dtí seo, tháinig cineálacha cur chuige éagsúla chun cinn ar fud na mBallstát ó thaobh bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí sin. Cé go gcomhchuibhítear le Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) an cur chuige rialála le haghaidh infheistíocht ghnó agus ardáin sluachistiúcháin iasachtbhunaithe ar fud an Aontais agus go dtugtar isteach leis roinnt coimircí chun déileáil le rioscaí féideartha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, mar shampla dícheall cuí na n-ardán sluachistiúcháin i leith úinéirí tionscadail agus laistigh de nósanna imeachta údarúcháin, cruthaítear bearnaí agus lagaítear coimircí AML/CFT an Aontais mar gheall ar easpa creata dhlíthiúil chomhchuibhithe lena ngabhann oibleagáidí láidre AML/CFT d’ardáin sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh gach ardán sluachistiúcháin, lena n-áirítear iad siúd atá ceadúnaithe cheana féin faoi Rialachán (AE) 2020/1503, faoi réir reachtaíocht AML/CFT an Aontais.
|
|
(17)
|
Tá idirghabhálaithe sluachistiúcháin, a oibríonn ardán digiteach chun cisteoirí a mheaitseáil le húinéirí tionscadal, amhail comhlachais nó daoine aonair a bhfuil cistiú á lorg acu, nó chun an mheaitseáil sin a éascú, tá siad neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Fágtar gnóthais nach bhfuil ceadúnaithe faoi Rialachán (AE) 2020/1503 neamhrialáilte faoi láthair nó tá siad faoi réir cineálacha cur chuige rialála éagsúla ar fud na mBallstát, lena n-áirítear i ndáil le rialacha agus nósanna imeachta chun dul i ngleic le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, ba cheart idirghabhálaithe den sórt sin a bheith faoi réir oibleagáidí an Rialacháin seo, go háirithe chun nach n-atreorófar cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 nó cripteashócmhainní arna dtiomsú ag coirpigh chun críoch aindleathach. Chun rioscaí den sórt sin a mhaolú, tá feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le raon leathan tionscadal, lena n-áirítear, inter alia, tionscadail oideachais nó chultúrtha agus bailiú na gcistí nó na gcripteashócmhainní sin chun tacú le cúiseanna níos ginearálta, mar shampla sa réimse daonnúil, nó chun imeacht sóisialta nó ócáid teaghlaigh a eagrú nó a cheiliúradh.
|
|
(18)
|
Le Treoir (AE) 2015/849 féachadh le maolú a dhéanamh ar na rioscaí maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le híocaíochtaí móra in airgead tirim trí dhaoine a thrádálann in earraí a áireamh i measc eintitis faoi oibleagáid i gcás ina ndéanann nó ina bhfaigheann siad íocaíochtaí in airgead tirim os cionn EUR 10 000, agus cead á thabhairt do na Ballstáit bearta níos déine a thabhairt isteach. Léiríodh go raibh an cur chuige sin neamhéifeachtach i bhfianaise na dothuisceana ar cheanglais AML/CFT agus dhroch-chur i bhfeidhm na gceanglas sin, easpa maoirseachta agus an lín theoranta idirbheart amhrasach a thuairiscítear chuig an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (FIU). Chun maolú leordhóthanach a dhéanamh ar rioscaí a dhíorthaíonn ó mhí-úsáid suimeanna móra in airgead tirim, ba cheart teorainn uile-Aontais le híocaíochtaí móra in airgead tirim is mó ná EUR 10 000 a leagan síos. Mar thoradh air sin, ní bheidh ar dhaoine a thrádálann in earraí a bheith faoi réir oibleagáidí AML/CFT a thuilleadh, cé is moite de dhaoine a thrádálann i miotail lómhara, clocha lómhara, earraí eile ardluacha agus earraí cultúrtha.
|
|
(19)
|
Tá catagóirí áirithe de dhaoine a thrádálann in earraí an-neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta mar gheall air gur minic a bhíonn ardluach sna hearraí beaga iniompartha a ndéileálann siad leo. Ar an gcúis sin, ba cheart daoine a bhíonn ag déileáil ar mhiotail lómhara agus clocha lómhara agus earraí ardluacha eile a bheith faoi réir cheanglais AML/CFT, i gcás inar gníomhaíocht rialta nó príomhghníomhaíocht ghairmiúil í an trádáil sin.
|
|
(20)
|
Is earraí iad mótarfheithiclí, árthaí uisce agus aerárthaí sna deighleoga is airde den mhargadh, atá leochaileach i leith rioscaí mí-úsáide sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i bhfianaise a n-ardluacha agus a n-iniomparthachta. Dá bhrí sin, ba cheart daoine a thrádálann in earraí den sórt sin a bheith faoi réir cheanglais AML/CFT. Tá cineál iniompartha na n-earraí sin fíortharraingteach chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta i bhfianaise a éasca is féidir na hearraí sin a bhogadh thar theorainneacha an Aontais nó lasmuigh díobh, agus ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain éasca ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoi na hearraí sin i gcás ina gcláraítear i dtríú tíortha iad. Chun rioscaí a mhaolú go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as earraí ardluacha san Aontas chun críoch coiriúil agus chun infheictheacht maidir le húinéireacht na n-earraí sin a áirithiú, is gá a cheangal ar dhaoine a thrádálann in earraí ardluacha tuairisciú ar na hidirbhearta a bhaineann le díol mótarfheithiclí, árthaí uisce agus aerárthaí a dhéanann siad. Soláthraíonn institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais seirbhísí atá bunriachtanach chun díol nó aistriú úinéireacht na n-earraí sin a thabhairt i gcrích, agus ba cheart a cheangal orthu freisin na hidirbhearta sin a thuairisciú don FIU. Cé nár cheart earraí ar chun críoch gníomhaíochtaí tráchtála a shaothrú atá siad beartaithe a bheith faoi réir faoi réir nochtadh den sórt sin, níor cheart díolacháin chun críoch úsáide príobháidí neamhthráchtála a bheith teoranta do chásanna inar duine nádúrtha é an custaiméir, ach ba cheart baint a bheith acu freisin le díolacháin le heintitis dhlítheanacha agus le socruithe dlíthiúla, go háirithe nuair a bhunaítear iad chun rachmas a n-úinéara thairbhiúil a riar.
|
|
(21)
|
Tugtar oibreoirí imirce infheistíochta ar chuideachtaí príobháideacha, comhlachtaí nó daoine a ghníomhaíonn nó a idirghníomhaíonn go díreach leis na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar chearta cónaithe a dheonú thar ceann náisiúnaigh tríú tír nó a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh cearta cónaithe a fháil i mBallstát mar mhalairt ar aon chineál infheistíochtaí, lena n-áirítear aistrithe caipitil, maoin a cheannach nó a fháil ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh gníomhaíochta lena rannchuidítear le leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit. Bíonn rioscaí agus leochaileachtaí sciúrtha airgid, éillithe agus imghabhála cánach ag baint le scéimeanna cónaithe infheisteora. Is measa iad na rioscaí sin de dheasca na gceart trasteorann atá bainteach le cónaí i mBallstát. Dá bhrí sin, ní mór d'oibreoirí imirce infheistíochta a bheith faoi réir oibleagáidí AML/CFT. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna saoránachta infheisteora, as a dtagann sealbhú náisiúntachta mar mhalairt ar na hinfheistíochtaí sin, mar ní mór a mheas go bhfuil an bonn á bhaint leis na scéimeanna sin de stádas bunúsach shaoránacht an Aontais agus comhar dílis idir na Ballstáit.
|
|
(22)
|
Cé gur institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais iad creidiúnaithe morgáiste agus tomhaltais de ghnáth, is ann d’idirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste nach gcáilíonn mar institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais agus nach raibh faoi réir cheanglais AML/CFT ar leibhéal an Aontais, ach a bhí faoi réir na n-oibleagáidí sin i mBallstáit áirithe mar gheall go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Ag brath ar an tsamhail gnó atá acu, is féidir go mbeidh na hidirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste sin neamhchosanta ar rioscaí suntasacha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá neamhchosanta na rioscaí sin, go mbeidh siad cumhdaithe le ceanglais AML/CFT, gan beann ar cibé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn siad mar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais. Dá bhrí sin, is iomchuí idirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste a áireamh, ar idirghabhálaithe iad nach institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais iad ach atá, de dheasca a ngníomhaíochtaí, neamhchosanta ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. In a lán cásanna, áfach, is thar ceann na hinstitiúide creidmheasa nó na hinstitiúide airgeadais a dheonaíonn agus a phróiseálann an iasacht a bhíonn an t-idirghabhálaí creidmheasa ag gníomhú. Sna cásanna sin, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais AML/CFT maidir le hidirghabhálaithe creidmheasa tomhaltais agus morgáiste, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais amháin.
|
|
(23)
|
Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, ní mór a shoiléiriú cé na heintitis san earnáil infheistíochta atá faoi réir cheanglais AML/CFT. Cé gur tháinig gnóthais chomhinfheistíochta faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 cheana féin, is gá an téarmaíocht ábhartha a ailíniú le reachtaíocht reatha an Aontais maidir le ciste infheistíochta, eadhon Treoracha 2009/65/CE (16) agus 2011/61/AE (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Toisc go bhféadfaí cistí a chomhdhéanamh gan pearsantacht dhlítheanach a bheith acu, ní mór a mbainisteoirí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais AML/CFT gan beann ar an bhfoirm ina gcuirtear aonaid ná scaireanna i gciste ar fáil lena gceannach san Aontas, lena n-áirítear i gcás ina dtairgtear aonaid nó scaireanna go díreach nó go hindíreach d’infheisteoirí atá bunaithe san Aontas nó ina dtaisctear iad leis na hinfheisteoirí sin ar thionscnamh ón mbainisteoir nó thar ceann an bhainisteora. Ós rud é go dtagann cistí agus bainisteoirí cistí araon faoi raon feidhme cheanglais AML/CFT, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart dúbláil iarrachtaí a sheachaint. Chuige sin, níor cheart na bearta AML/CFT arna ndéanamh ar leibhéal an chiste agus ar leibhéal a bhainisteora a bheith mar an gcéanna, ach ba cheart dóibh leithdháileadh na gcúraimí idir an ciste agus a bhainisteoir a léiriú.
|
|
(24)
|
Bíonn gníomhaíochtaí na gclubanna sacair ghairmiúil agus na ngníomhairí sacair neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide mar gheall ar roinnt tosca a bhaineann go dlúth le hearnáil an tsacair, amhail an tóir dhomhanda atá ar an sacar, na suimeanna, na sreafaí airgid thirim agus na leasanna airgeadais suntasacha lena mbaineann, leitheadúlacht idirbheart trasteorann, agus struchtúir úinéireachta atá doiléir uaireanta. A bhuí leis na tosca sin go léir, féadfaidh coirpigh mí-úsáid a bhaint as an sacar chun cistí aindleathacha a dhlisteanú agus, dá bhrí sin, chun an spórt a bheith leochaileach i leith an sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide. Ar na príomhréimsí riosca tá, mar shampla, idirbhearta le hinfheisteoirí agus urraitheoirí, lena n-áirítear fógróirí, agus aistriú imreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart do chlubanna sacair ghairmiúil agus gníomhairí sacair bearta láidre frithsciúrtha airgid a chur ar bun, lena n-áirítear dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh ar infheisteoirí agus urraitheoirí, lena n-áirítear fógróirí, agus ar chomhpháirtithe agus contrapháirtithe eile lena ndéanann siad idirbheart. Chun aon ualach díréireach a sheachaint ar chlubanna beaga nach bhfuil chomh neamhchosanta céanna ar rioscaí mí-úsáide coiriúla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, ar bhonn riosca íseal cruthaithe go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta, díolúine a thabhairt do chlubanna sacair ghairmiúil áirithe ó cheanglais an Rialacháin seo, bíodh sin ina n-iomláine nó i bpáirt.
|
|
(25)
|
Mar gheall ar ghníomhaíochtaí na gclubanna sacair ghairmiúil atá san iomaíocht sna ranna is airde dá sraitheanna náisiúnta sacair, bíonn siad níos neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide i gcomparáid le clubanna sacair a ghlacann páirt i rannáin níos ísle. Mar shampla, déanann clubanna sacair ardleibhéil idirbhearta airgeadais níos substaintiúla, mar shampla aistrithe imreoirí agus margaí urraíochta ardluacha, d’fhéadfadh struchtúir chorparáideacha níos casta a bheith acu agus sraitheanna éagsúla úinéireachta ann agus is mó an seans go ndéanann siad idirbhearta trasteorann. Fágann na tosca sin go mbíonn na clubanna ardleibhéil sin níos tarraingtí do choirpigh agus go gcuirtear níos mó deiseanna ar fáil iontu chun cistí aindleathacha a cheilt. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann díolúine a thabhairt do chlubanna sacair ghairmiúil atá rannpháirteach sa roinn is airde ach i gcásanna riosca ísil chruthaithe agus ar choinníoll go bhfuil láimhdeachas níos lú ná EUR 5 000 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag na clubanna sin i ngach ceann den 2 bhliain roimhe sin. Mar sin féin, ní leis an roinn amháin, is é sin an roinn ina bhfuil an club sacair ag imirt, a chinntear an riosca go dtarlódh sciúradh airgid. Is féidir le clubanna i ranna níos ísle a bheith neamhchosanta freisin ar rioscaí suntasacha go dtarlódh sciúradh airgid agus a chionta preideacáide. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann, dá bhrí sin, clubanna sacair a dhíolmhú ó cheanglais an Rialacháin seo ach amháin i ranna níos ísle lena mbaineann riosca íseal cruthaithe maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta.
|
|
(26)
|
Leis an Rialachán seo, comhchuibhítear na bearta atá le cur ar bun chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc ar leibhéal an Aontais. An tráth céanna, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais bhreise a fhorchur i gcásanna teoranta ina mbeidh rioscaí sonracha rompu. Chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí den sórt sin a mhaolú go leordhóthanach, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bhfuil a gceannoifig lonnaithe i mBallstát eile ceanglais bhreise den sórt sin a chur i bhfeidhm, cibé acu trí shaoirse bunaíochta nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a oibríonn siad sa Bhallstát eile sin, ar choinníoll go bhfuil bonneagar acu ann. Ina theannta sin, chun an gaol idir na saoirsí sin sa mhargadh inmheánach a shoiléiriú, tá sé tábhachtach a shoiléiriú cad iad na gníomhaíochtaí arb ionann iad agus bunaíocht.
|
|
(27)
|
Le bheith comhsheasmhach le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mura leagtar amach go sonrach sa reachtaíocht earnála í, ní gá bunaíocht a bheith i bhfoirm fochuideachta, brainse nó gníomhaireachta, ach is féidir gur oifig í arna bainistiú ag foireann dhílis de chuid eintitis faoi oibleagáid nó ag duine atá neamhspleách ach údaraithe chun gníomhú ar bhonn buan ar son an eintitis faoi oibleagáid. De réir an tsainmhínithe sin, lena gceanglaítear go saothraítear gníomhaíocht eacnamaíoch go hiarbhír in áit bhunaíochta an tsoláthraí, ní bunaíocht é murach ann ach bosca litreach. Ar an gcuma chéanna, ní bunaíocht iad oifigí nó bonneagar eile a úsáidtear chun tacú le gníomhaíochtaí, nach iontu mar shampla ach oibríochtaí cúloifige, moil TF nó lárionaid sonraí arna n-oibriú ag eintitis faoi oibleagáid. Os a choinne sin, i bhfianaise a laghad trealaimh fhisiciúil a theastaíonn ó oibreoirí a riarann ar a gcustaiméirí go príomha tríd an idirlíon, mar a dhéanann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, is bunaíocht iad gníomhaíochtaí lena ndéantar, mar shampla, soláthar seirbhísí cripteashócmhainní trí uathmheaisíní bainc.
|
|
(28)
|
Tá sé tábhachtach go mbeidh feidhm ag ceanglais AML/CFT ar bhealach comhréireach agus go mbeidh forchur aon cheanglais comhréireach leis an ról is féidir a bheith ag eintitis faoi oibleagáid maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin seo, oibreoirí áirithe a dhíolmhú ó cheanglais AML/CFT, i gcás ina bhfuil rioscaí ísle maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí de chineál teoranta. Chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart sásra a chur ar bun lena gceadaítear don Choimisiún riachtanas na ndíolúintí atá le deonú a fhíorú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún na díolúintí sin a fhoilsiú ar bhonn bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
(29)
|
A bhuí le tacar rialacha comhsheasmhach maidir le córais agus rialuithe inmheánacha ar tacar é is infheidhme maidir leis na heintitis uile faoi oibleagáid a oibríonn sa mhargadh inmheánach, neartófar comhlíonadh ceanglais AML/CFT agus cuirfear le héifeacht na maoirseachta. Chun maolú leordhóthanach ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a áirithiú, chomh maith le rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ba cheart creat rialaithe inmheánaigh a bheith i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid arb é a bheidh ann beartais, nósanna imeachta agus rialuithe rioscabhunaithe agus roinnt shoiléir freagrachtaí ar fud na heagraíochta. I gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin seo, ba cheart na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe sin a bheith comhréireach le cineál an ghnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chastacht, agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus ba cheart dóibh freagairt ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá roimh an eintiteas, lena n-áirítear, i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, idirbhearta le tiachóga féinóstáilte.
|
|
(30)
|
Le cur chuige rioscabhunaithe iomchuí ceanglaítear ar eintitis faoi oibleagáid na rioscaí bunúsacha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe atá rompu a shainaithint de bhua a ngnó chun iad a mhaolú go héifeachtach agus chun a áirithiú go mbeidh a mbeartais, a nósanna imeachta agus a rialuithe inmheánacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin a bhaineann leo. Ar an mbealach sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid na saintréithe a bhaineann lena gcustaiméirí, na táirgí, na seirbhísí nó na hidirbhearta a thairgeann siad, lena n-áirítear, i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, idirbhearta le seoltaí féinóstáilte, na tíortha nó na limistéir gheografacha lena mbaineann agus na bealaí dáileacháin a úsáidtear a chur san áireamh. I bhfianaise chineál athraitheach na rioscaí, ba cheart an measúnú riosca sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
|
|
(31)
|
D’fhonn tacú le cur chuige comhsheasmhach éifeachtach i leith shainaithint na rioscaí a dhéanann difear dá ngnó a dhéanann eintitis faoi oibleagáid, ba cheart do AMLA treoirlínte a eisiúint maidir leis na híoscheanglais d’ábhar an mheasúnaithe riosca uileghnó agus foinsí breise faisnéise atá le cur san áireamh D’fhéadfaí a áireamh sna foinsí sin faisnéis ó shocraitheoirí caighdeán idirnáisiúnta i réimse AML/CFT, mar shampla tuarascálacha meastóireachta frithpháirtí FATF, agus foinsí inchreidte agus iontaofa eile a sholáthraíonn faisnéis maidir le típeolaíochtaí, rioscaí atá ag teacht chun cinn agus gníomhaíocht choiriúil, lena n-áirítear éilliú, mar shampla tuarascálacha ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó na meáin agus ón saol acadúil.
|
|
(32)
|
Is iomchuí saintréithe agus riachtanais eintiteas beag faoi oibleagáid a chur san áireamh, agus an chóireáil is iomchuí maidir lena riachtanais shonracha, agus cineál an ghnólachta, a áirithiú. Chuige sin, d’fhéadfaí a áireamh leis sin eintitis áirithe faoi oibleagáid a dhíolmhú ó mheasúnú riosca a dhéanamh i gcás ina bhfuil an-tuiscint ar na rioscaí lena mbaineann san earnáil ina n-oibríonn an t-eintiteas.
|
|
(33)
|
D’fhorbair FATF caighdeáin lenar féidir le dlínsí na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil fhéideartha na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata a shainaithint agus a mheasúnú, agus chun gníomhaíocht a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú. Maidir leis na caighdeáin nua sin a thug FATF isteach, ní ghabhann siad ionad na gceanglas dian ar thíortha atá ann cheana ná ní bhaineann siad an bonn díobh, lena gceanglaítear orthu smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme chun na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘CSNA’) a chomhlíonadh, is é sin rúin a bhaineann le leathadh agus maoiniú arm ollscriosta a chosc, a chur faoi chois agus a shuaitheadh. Maidir leis na hoibleagáidí sin, mar a chuirtear chun feidhme iad ar leibhéal an Aontais le Cinntí 2010/413/CBES (18) agus (CBES) 2016/849 (19) ón gComhairle agus le Rialacháin (AE) Uimh. 267/2012 (20) agus (AE) 2017/1509 (21) ón gComhairle, leanann siad de bheith ceangailteach ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile laistigh den Aontas. I bhfianaise na rioscaí sonracha a bhfuil an tAontas neamhchosanta orthu nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, is iomchuí an measúnú ar rioscaí a leathnú chun na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe uile a ghlactar ar leibhéal an Aontais a chuimsiú. Le cineál riosca-íogair bhearta AML/CFT maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ní bhaintear an oibleagáid riailbhunaithe atá ar gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas cistí nó sócmhainní eile a reo agus gan iad a chur ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine ná d’eintitis ainmnithe.
|
|
(34)
|
Chun a áirithiú go ndéanfar na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a mhaolú go hiomchuí, tá sé tábhachtach bearta a leagan amach nach mór d’eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun a mbonn custaiméirí a chur i gcomparáid le liostaí na ndaoine nó na n-eintiteas arna n-ainmniú faoi smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Leis na ceanglais atá ar eintitis faoi oibleagáid faoin Rialachán seo, ní bhaintear an oibleagáid riail-bhunaithe atá orthu cistí agus sócmhainní eile a reo agus gan iad a chur ar fáil, go díreach ná go hindíreach, do dhaoine aonair ná d’eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas. Ina theannta sin, níl sé beartaithe ceanglais an Rialacháin seo a chur in ionad na n-oibleagáidí a bhaineann le scagadh custaiméirí chun críche cur chun feidhme smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
|
|
(35)
|
Chun na forbairtí is déanaí a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú, tá ceanglas le tabhairt isteach leis an Rialachán seo chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil fhéideartha smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe ar leibhéal eintitis faoi oibleagáid a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú.
|
|
(36)
|
Chun liostú nó ainmniú daoine aonair nó eintiteas, arna ndéanamh ag CSNA nó ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe, a chomhtháthú i ndlí an Aontais, úsáidtear cinntí agus rialacháin arna nglacadh faoi Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) faoi seach, ar cinntí agus rialacháin iad lena bhforchuirtear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe ar dhaoine aonair agus ar eintitis den sórt sin. Leis an bpróiseas chun na gníomhartha sin a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, ní mór fíorú a dhéanamh an gcomhlíonann an t-ainmniú nó an liostú na cearta bunúsacha a dheonaítear faoin gCairt. Idir an tráth a fhoilseoidh na Náisiúin Aontaithe liostuithe nó ainmnithe agus an tráth a thiocfaidh gníomhartha an Aontais lena dtrasuitear iad i bhfeidhm, chun cur i bhfeidhm éifeachtach smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chumasú, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid taifid a choimeád ar na cistí nó sócmhainní eile atá á gcoinneáil acu do chustaiméirí atá liostaithe nó ainmnithe faoi smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe, nó do chustaiméirí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine aonair nó eintitis arna liostú nó arna n-ainmniú, ar aon iarracht ar idirbheart a dhéanamh agus ar idirbhearta a rinneadh ar son an chustaiméara, cuir i gcás idirbheart chun bunriachtanais an chustaiméara a shásamh.
|
|
(37)
|
Agus measúnú á dhéanamh maidir le custaiméir ar eintiteas dlítheanach é, an bhfuil sé faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine aonair arna n-ainmniú faoi smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid aird a thabhairt ar na Treoirlínte ón gComhairle maidir le bearta sriantacha (smachtbhannaí) a chur chun feidhme agus a mheas faoi chuimsiú chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus na Dea-Chleachtais maidir le bearta sriantacha a chur chun feidhme go héifeachtach.
|
|
(38)
|
Tá sé tábhachtach go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid gach beart is gá ar leibhéal a mbainistíochta chun beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a chur chun feidhme agus chun ceanglais AML/CFT a chur chun feidhme. Cé gur cheart comhalta den chomhlacht bainistíochta a shainaithint mar an duine atá freagrach as beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme, ba cheart, sa deireadh, an fhreagracht as ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh a bheith ar chomhlacht bainistíochta an eintitis. Ba cheart sannadh na freagrachta sin a bheith gan dochar d’fhorálacha náisiúnta maidir le comhdhliteanas sibhialta nó coiriúil na gcomhlachtaí bainistíochta. Cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme laethúil bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid, ba cheart iad a chur ar an oifigeach um chomhlíonadh.
|
|
(39)
|
Ba cheart gach Ballstát a bheith in ann a leagan síos ina dhlí náisiúnta gur féidir le heintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir rialacha stuamachta lena gceanglaítear oifigeach um chomhlíonadh nó ceann feidhme iniúchóireachta inmheánaí a cheapadh feidhmeanna agus freagrachtaí oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT agus feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chur de chúram ar na ndaoine sin chun críoch AML/CFT. I gcás rioscaí níos mó, nó i gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar mhéid an eintitis faoi oibleagáid, ba cheart a bheith in ann freagrachtaí na rialuithe comhlíonta agus oibriú laethúil bheartais agus nósanna imeachta AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid a chur de chúram ar bheirt éagsúla.
|
|
(40)
|
Chun bearta AML/CFT a chur chun feidhme go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh tuiscint ag fostaithe eintiteas faoi oibleagáid, agus ag a ngníomhairí agus a ndáileoirí, ag a bhfuil ról sa chur chun feidhme, go mbeidh tuiscint acu ar na ceanglais agus na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta a chur ar bun, lena n-áirítear cláir oiliúna, chuige sin. I gcás inar gá, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid oiliúint bhunúsach maidir le bearta AML/CFT a chur ar fáil dóibh siúd go léir a bhfuil ról acu i gcur chun feidhme na mbeart sin. Áirítear leis seo ní hamháin fostaithe na n-eintiteas faoi oibleagáid ach a ngníomhairí agus a ndáileoirí freisin
|
|
(41)
|
Daoine aonair ar a gcuirtear cúraimí a bhaineann le ceanglais AML/CFT a bheith á gcomhlíonadh ag eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a scileanna, ar a n-eolas, ar a saineolas, ar a sláine agus ar a n-iompar. Is féidir go dtiocfaidh coinbhleachtaí leasa as agus go mbainfear an bonn de shláine an chórais nuair a dhéanann fostaithe in eintiteas faoi oibleagáid cúraimí i ndáil le custaiméirí a bhfuil dlúthghaolmhaireacht phríobháideach nó ghairmiúil acu leo ar cúraimí iad a bhaineann le creat AML/CFT a bheith á chomhlíonadh ag an eintiteas sin. D’fhéadfadh sé gur ann cheana don ghaolmhaireacht sin tráth a bunaíodh an ghaolmhaireacht gnó, ach d’fhéadfadh sé gur ina dhiaidh sin a thosaigh sí freisin. Dá bhrí sin, ba cheart nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart a áirithiú, leis na nósanna imeachta sin, go gcuirfí cosc ar fhostaithe aon chúram a chur i gcrích a bhaineann le comhlíonadh chreat AML/CFT ag an eintiteas faoi oibleagáid i ndáil leis na custaiméirí sin.
|
|
(42)
|
D’fhéadfadh cásanna tarlú ina soláthródh daoine aonair, a cháileodh mar eintitis faoi oibleagáid, a gcuid seirbhísí go hinmheánach do ghnólachtaí nach dtagann a ngníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ós rud é nach mar gheatóirí ar chóras airgeadais an Aontais a ghníomhaíonn na gnólachtaí sin, tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach gcumhdaítear fostaithe na ngnólachtaí sin, mar shampla dlíodóirí inmheánacha, le ceanglais an Rialacháin seo. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart daoine aonair a dhéanann gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mheas mar eintitis faoi oibleagáid as a gceart féin nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs a bhfostaíochta in eintiteas faoi oibleagáid, mar shampla i gcás dlíodóirí nó cuntasóirí atá fostaithe i ngnólacht dlí nó cuntasaíochta.
|
|
(43)
|
Tá sé ríthábhachtach beartais agus nósanna imeachta AML/CFT uileghrúpa a chur chun feidhme go comhsheasmhach chun bainistíocht láidir agus éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta laistigh de ghrúpa. Ba cheart don mháthairghnóthas, chuige sin, beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Ba cheart a cheangal ar eintitis laistigh de ghrúpa faisnéis a mhalartú nuair atá an chomhroinnt sin ábhartha chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Ba cheart comhroinnt faisnéise a bheith faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha ó thaobh na rúndachta, na cosanta sonraí agus na húsáide faisnéise de. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin rialála a tharraingt suas lena sonraítear na híoscheanglais maidir le nósanna imeachta agus beartais uileghrúpa, lena n-áirítear íoscheanglais maidir le comhroinnt faisnéise laistigh de ghrúpa agus na critéir lena sainaithnítear máthairghnóthais na ngrúpaí sin a bhfuil a gceannoifig lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach.
|
|
(44)
|
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach cheanglais AML/CFT a áirithiú maidir le roinnt eintiteas faoi oibleagáid atá nasctha le chéile go díreach nó go hindíreach agus ar grúpa eintiteas iad, nó ar cuid de ghrúpa eintiteas iad, ní mór breithniú ar an sainmhíniú is leithne is féidir ar ghrúpa. Chun na críche sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid cloí leis na rialacha cuntasaíochta is infheidhme, lena gceadaítear struchtúir ag a bhfuil cineálacha éagsúla nasc eacnamaíoch a mheas mar ghrúpaí. Cé go n-áirítear i ngrúpa traidisiúnta máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, tá cineálacha eile grúpstruchtúr ann atá chomh hábhartha céanna, mar shampla grúpstruchtúir ina bhfuil roinnt máthaireintiteas ar leo fochuideachta aonair, ar ar tugadh eintitis bhuanchleamhnaithe le comhlacht lárnach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), nó le hinstitiúidí airgeadais ar comhaltaí iad den scéim cosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7) den Rialachán sin. Is grúpaí iad na struchtúir sin go léir i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta agus dá bhrí sin ba cheart iad a mheas mar ghrúpaí chun críoch an Rialacháin seo.
|
|
(45)
|
Chomh maith le grúpaí, is ann do struchtúir eile, mar shampla líonraí nó comhpháirtíochtaí, a bhféadfadh eintitis faoi oibleagáid úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann agus rialuithe coiteanna um chomhlíonadh a chomhroinnt iontu. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na n-earnálacha agus ró-ualú ar na hearnálacha sin á sheachaint, ba cheart do AMLA na staideanna sin a shainaithint ina bhfuil feidhm le bheith ag beartais uileghrúpa chomhchosúla maidir leis na struchtúir sin, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.
|
|
(46)
|
In amanna bíonn brainse agus fochuideachta ag eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe i dtríú tír inar lú déine íoscheanglais AML/CFT, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le cosaint sonraí, ná creat AML/CFT an Aontais. Sna cásanna sin, agus chun cosc iomlán a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus chun a áirithiú go gcosnófar sonraí pearsanta shaoránaigh an Aontais ar an leibhéal is airde caighdeán, ba cheart do na brainsí agus do na fochuideachtaí sin ceanglais AML/CFT a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a chomhlíonadh. I gcás nach gceadaítear le dlí an tríú tír na ceanglais sin a chomhlíonadh, mar shampla de dheasca teorainneacha le cumas an ghrúpa faisnéis a rochtain, a phróiseáil nó a mhalartú de dheasca leibhéal neamh-leordhóthanach cosanta sonraí nó dlí maidir le rúndacht baincéireachta sa tríú tír sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta breise a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí atá lonnaithe sa tír sin na rioscaí a láimhseáil go héifeachtach. Ba cheart é a chur de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a fhorbairt lena sonraítear cineál na mbeart breise sin, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.
|
|
(47)
|
Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a bhaineann le feidhmiú ceanglais AML/CFT áirithe a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse. I gcás ina ndéantar gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe ar bhonn conarthach idir eintitis faoi oibleagáid agus soláthraithe seirbhíse nach gcumhdaítear le ceanglais AML/CFT, ní thagann aon oibleagáid AML/CFT ar na soláthraithe seirbhíse sin chun cinn ach amháin ón gconradh idir na páirtithe agus ní ón Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart an fhreagracht as ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh a fhágáil go hiomlán ar an eintiteas faoi oibleagáid. Ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid go háirithe a áirithiú, i gcás ina mbeidh soláthraí seirbhíse rannpháirteach chun críoch sainaitheanta custaiméara cianda, go n-urramófaí an cur chuige rioscabhunaithe. Ní mheasfar go bhfuil seachfhoinsiú i gceist le próisis nó socruithe a rannchuidíonn le comhlíonadh ceanglais faoin Rialachán seo, i gcás nach é an soláthraí seirbhíse a chomhlíonann an ceanglas féin, cuir i gcás bogearraí tríú páirtí a úsáid nó a fháil nó rochtain a bheith ag an eintiteas faoi oibleagáid ar bhunachair sonraí nó ar sheirbhísí scagtha.
|
|
(48)
|
Leis an bhféidearthacht cúraimí a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse, ceadaítear d’eintitis faoi oibleagáid cinneadh a dhéanamh faoi conas a n-acmhainní a leithdháileadh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh ach ní dhíolmhaíonn sin iad ón oibleagáid tuiscint a bheith acu ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann na bearta a dhéanann siad, lena n-áirítear na bearta sin a sheachfhoinsítear chuig soláthraithe seirbhíse, maolú ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a sainaithníodh, agus cé acu atá nó nach bhfuil na bearta sin oiriúnach. Chun a áirithiú go mbeidh an tuiscint sin ann, is ag an eintiteas faoi oibleagáid is ceart na cinntí deiridh a fhágáil i gcónaí maidir le bearta a mbíonn tionchar acu ar chur chun feidhme beartas, nósanna imeachta agus rialuithe.
|
|
(49)
|
Ní thuigfear as fógra a thabhairt don mhaoirseoir faoi shocruithe seachfhoinsithe go nglacfar leis an socrú seachfhoinsithe. D’fhéadfadh maoirseoirí an fhaisnéis atá san fhógra sin a chur san áireamh, áfach, nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chórais agus rialuithe an eintitis faoi oibleagáid, agus nuair a bheidh an phróifíl riosca iarmharach á cinneadh acu nó nuair a bheidh siad ag ullmhú le haghaidh iniúchtaí, agus go háirithe i gcás ina seachfhoinsítear feidhmeanna criticiúla go córasach nó ina seachfhoinsíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid a chuid feidhmeanna féin.
|
|
(50)
|
Ionas go bhfeidhmeoidh gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe go héifeachtúil, tá gá le soiléireacht bhreise maidir leis na coinníollacha ar dá réir a tharlóidh an seachfhoinsiú. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha faoinar féidir le seachfhoinsiú tarlú, agus maidir le róil agus freagrachtaí na bpáirtithe faoi seach chomh maith. Chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht chomhsheasmhach ar chleachtais seachfhoinsithe ar fud an Aontais, leis na treoirlínte ba cheart soiléireacht a sholáthar freisin ar conas atá maoirseoirí leis na cleachtais sin a chur san áireamh agus comhlíonadh ceanglais AML/CFT a fhíorú nuair a ghabhann eintitis faoi oibleagáid i dtuilleamaí na gcleachtas sin.
|
|
(51)
|
Tá ceanglais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí fíor-riachtanach chun a áirithiú, maidir le gaolmhaireachtaí gnó le cliaint a bhíonn ag eintitis faoi oibleagáid agus i ndáil leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí sin, go sainaithneoidh agus go bhfíoróidh na heintitis faoi oibleagáid iad agus go ndéanfaidh siad faireachán orthu. Tá sainaithint agus fíorú cruinn sonraí custaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana fíor-riachtanach chun tuiscint a fháil ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le cliaint, cibé acu is daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid tuiscint a bheith acu freisin ar cén duine nó daoine ar thar a cheann nó thar a gceann nó chun a leasa a dhéantar idirbheart, mar shampla i gcásanna ina soláthraíonn institiúidí creidmheasa nó airgeadais cuntais do ghairmithe dlí chun cistí a gcliant a fháil nó a choinneáil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366. I gcomhthéacs an díchill chuí do chustaiméirí, ní hé an duine ar chun a leasa a dhéantar idirbheart nó gníomhaíocht faighteoir nó tairbhí an idirbhirt arna dhéanamh ag an eintiteas faoi oibleagáid dá chustaiméir.
|
|
(52)
|
Is gá caighdeán ard aonfhoirmeach a bhaint amach maidir le dícheall cuí do chustaiméirí san Aontas, agus a bheith ag brath ar cheanglais chomhchuibhithe chun custaiméirí a shainaithint agus a gcéannacht a fhíorú, agus éagsúlachtaí náisiúnta a laghdú chun cothrom iomaíochta a bheith ann ar fud an mhargaidh aonair agus forálacha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais. An tráth céanna, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí i bhfeidhm ar bhealach rioscabhunaithe. Ní cur chuige rócheadaitheach é an cur chuige rioscabhunaithe le haghaidh eintitis faoi oibleagáid. Cuimsítear leis cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise a úsáid chun díriú níos éifeachtaí ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá roimh an Aontas agus rompu siúd atá ag oibriú ann.
|
|
(53)
|
Rannchuidíonn eagraíochtaí sochaí sibhialta a dhéanann obair charthanachta nó dhaonnúil i dtríú tíortha le spriocanna an Aontais maidir le síocháin, cobhsaíocht, daonlathas agus rathúnas a bhaint amach. Tá ról tábhachtach ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais maidir lena áirithiú gur féidir leis na heagraíochtaí sin leanúint dá gcuid oibre, trí rochtain a chur ar fáil ar an gcóras airgeadais agus ar sheirbhísí airgeadais tábhachtacha lena gceadaítear cistiú forbartha agus daonnúil a sheoladh chuig limistéir atá i mbéal forbartha nó limistéir choinbhleachta. Cé gur cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ar an eolas go bhfágann gníomhaíochtaí a dhéanann siad i ndlínsí áirithe iad neamhchosanta ar riosca níos airde go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, níor cheart dó eascairt as oibríochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta sna dlínsí sin, astu féin, go ndiúltófaí seirbhísí airgeadais a sholáthar dóibh ná go bhfoirceannfaí na seirbhísí sin, ós rud é go n-éilítear leis an gcur chuige rioscabhunaithe go ndéanfaí measúnú iomlánaíoch ar na rioscaí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó aonair, agus go gcuirfí i bhfeidhm bearta leordhóthanacha chun na rioscaí sonracha a mhaolú. Cé go bhfuil sé de shaoirse ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais i gcónaí cinneadh a dhéanamh cé leis a ndéanfaidh siad gaolmhaireacht chonarthach, ba cheart dóibh aird a thabhairt freisin ar an ról lárnach atá acu i bhfeidhmiú an chórais airgeadais idirnáisiúnta agus cumasú gluaiseachta cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 nó cumasú gluaiseachta cripteashócmhainní ar mhaithe leis na spriocanna tábhachtacha forbartha agus daonnúla a bhíonn á saothrú ag eagraíochtaí sochaí sibhialta. Dá bhrí sin, ba cheart d’institiúidí den sórt sin úsáid a bhaint, ar bhealach comhréireach, as an tsolúbthacht a cheadaítear faoin gcur chuige rioscabhunaithe chun na rioscaí a bhaineann le gaolmhaireacht gnó a mhaolú. Níor cheart, in imthosca ar bith, cúiseanna AML/CFT a agairt chun údar a thabhairt le cinntí tráchtála a mhéid a bhaineann le cliaint ionchais nó cliaint atá ann cheana.
|
|
(54)
|
Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta réasúnacha a shainaithint agus a dhéanamh chun céannacht an úinéara thairbhiúil a fhíorú trí úsáid a bhaint as doiciméid iontaofa agus foinsí iontaofa faisnéise. Trí chláir lárnacha um fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil (‘cláir lárnacha’) a cheadú, cumasaítear d’eintitis faoi oibleagáid comhsheasmhacht a áirithiú leis an bhfaisnéis a fhaightear tríd an bpróiseas fíoraithe agus níor cheart é sin a bheith mar phríomhfhoinse fíoraithe an eintitis faoi oibleagáid. Nuair a shainaithníonn eintitis faoi oibleagáid neamhréireachtaí idir faisnéis a choimeádtar sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis a fhaigheann siad ón gcustaiméir nó ó fhoinsí iontaofa eile le linn dóibh dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, ba cheart dóibh na neamhréireachtaí sin a thuairisciú don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach ábhartha ionas go bhféadfar bearta a dhéanamh chun na neamhréireachtaí a réiteach. Cuireann an próiseas sin le cáilíocht agus le hiontaofacht na faisnéise a shealbhaítear sna cláir sin, mar chuid de chur chuige ilghnéitheach chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá i gcláir lárnacha cruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta. I gcásanna ísealriosca agus i gcás inarb eol don eintiteas faoi oibleagáid na húinéirí tairbhiúla, ba cheart eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann ligean don chustaiméir neamhréireachtaí a thuairisciú ina sainaithnítear miondifríochtaí ina bhfuil earráidí clóghrafacha nó de chineál teicniúil comhchosúil.
|
|
(55)
|
Ní mór na rioscaí a bhaineann le heintitis dhlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha a mhaolú go leordhóthanach. Maidir le heintiteas dlítheanach arna chruthú lasmuigh den Aontas nó iontaobhas sainráite nó socrú dlíthiúil comhchosúil arna riar lasmuigh den Aontas nó iontaobhaí de chuid ceann acu sin nó an duine i bpost coibhéiseach, i gcás ina bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den Aontas nó ina bhfuil sé nó sí bunaithe lasmuigh den Aontas, agus é nó í ar tí dul i mbun gaolmhaireacht gnó le heintiteas faoi oibleagáid, ba cheart a chur de réamhchoinníoll air an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chlárú i gclár lárnach Ballstáit chun dul isteach sa ghaolmhaireacht gnó. Le haghaidh eintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas, áfach, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas ach amháin i gcás rioscaí meánarda nó ardrioscaí sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le catagóir an eintitis dhlítheanaigh nó leis an earnáil ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid. Ba cheart clárú na faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil a bheith ina réamhchoinníoll chun leanúint de ghaolmhaireacht gnó le heintiteas dlítheanach arna chruthú lasmuigh den Aontas i gcás ina dtagann rioscaí meánarda nó ardriosca den sórt sin chun cinn maidir leis an ngaolmhaireacht sin tar éis a bunaithe.
|
|
(56)
|
Is é a chuireann tús leis an bpróiseas chun gaolmhaireacht gnó a bhunú nó na bearta is gá a dhéanamh chun idirbheart ócáideach a chur i gcrích an custaiméir a bheith ag cur spéis in iúl i dtáirge a fháil nó i seirbhís a fháil ó eintiteas faoi oibleagáid. Ar na seirbhísí a chuireann gníomhairí réadmhaoine ar fáil, tá cabhrú le custaiméirí teacht ar mhaoin chun an mhaoin sin a cheannach, a dhíol, nó a fháil ar cíos nó ar léas. Tagann na seirbhísí sin ábhartha chun críoch AML/CFT i gcás ina léiríonn na páirtithe go bhfuil siad toilteanach dul ar aghaidh leis an gceannach, an díol, an cíos nó an léasú nó leis na céimeanna ullmhúcháin is gá a dhéanamh. D’fhéadfadh sin tarlú, mar shampla, an tráth a dhéanfadh páirtí tairiscint agus a ghlacfadh páirtí eile leis an tairiscint sin chun an mhaoin a cheannach nó a fháil ar cíos. Roimhe sin, ní bhíodh sé riachtanach dícheall cuí a dhéanamh ar aon chustaiméir ionchais. Ar an gcaoi chéanna, ní bhíodh sé comhréireach dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh ar dhaoine nár léirigh suim go dtí sin dul ar aghaidh le maoin shonrach a cheannach ná a fháil ar cíos.
|
|
(57)
|
Tá idirbhearta réadmhaoine neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Chun na rioscaí sin a mhaolú, ba cheart oibreoirí réadmhaoine a dhéanann idirghabháil chun maoin dhochorraithe a cheannach, a dhíol agus a ligean ar cíos a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo, gan beann ar a n-ainmniú nó ar a bpríomhghnó nó ar a ngairm, lena n-áirítear forbróirí maoine nuair a dhéanann siad idirghabháil agus a mhéid a dhéanann siad idirghabháil maidir le maoin dhochorraithe a cheannach, a dhíol agus a ligean ar cíos.
|
|
(58)
|
Mar gheall ar an anaithnideacht a bhaineann le táirgí áirithe ríomh-airgid, bíonn siad neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Tá difríochtaí suntasacha ann ar fud na hearnála, áfach, agus níl an leibhéal céanna riosca ag baint le gach táirge ríomh-airgid. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí ísle sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bheith ag baint le táirgí áirithe ríomh-airgid ar íseal a luach, cuir i gcás cártaí bronntanais réamhíoctha nó dearbháin réamhíoctha. Chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais a fhorchuirtear ar an earnáil i gcomhréir lena riosca agus nach é a bhíonn i gceist leo go gcuireann siad isteach ar a hoibriú, ba cheart é a bheith indéanta, in imthosca áirithe lena ngabhann riosca íseal cruthaithe agus faoi dhianchoinníollacha maolaithe riosca, na táirgí sin a dhíolmhú ó bhearta áirithe díchill chuí do chustaiméirí, amhail an custaiméir agus an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint agus a fhíorú, ach ní ó fhaireachán a dhéanamh ar idirbhearta ná ar ghaolmhaireachtaí gnó. Níor cheart maoirseoirí a bheith in ann an díolúine sin a dheonú ach amháin tar éis dóibh riosca íseal cruthaithe a fhíorú ag féachaint do thosca riosca ábhartha atá le sainiú ag AMLA agus ar bhealach lena maolaítear go héifeachtach aon riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus lena gcoisctear imghabháil rialacha AML/CFT. In aon chás, ba cheart aon díolúine a bheith coinníollach ar theorainneacha dochta maidir le huasluach an táirge, ar a úsáid eisiach chun earraí nó seirbhísí a cheannach, agus ar choinníoll nach féidir an méid a stóráiltear air a mhalartú ar luach eile.
|
|
(59)
|
Níor cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí a chur i bhfeidhm maidir le custaiméirí a dhéanann idirbhearta ócáideacha nó nasctha faoi bhun luach áirithe, mura rud é go bhfuil amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta. De bharr go bhfuil feidhm ag an tairseach EUR 10 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, maidir leis an gcuid is mó de na hidirbhearta ócáideacha, eintitis faoi oibleagáid a oibríonn in earnálacha nó a dhéanann idirbhearta lena mbaineann riosca níos airde go dtarlódh sciúradh airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ba cheart a cheangal orthu bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ag a bhfuil tairseacha níos ísle. Chun earnálacha nó idirbhearta a shainaithint chomh maith leis na tairseacha leordhóthanacha le haghaidh na n-earnálacha nó na n-idirbheart sin, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála thiomnaithe a fhorbairt.
|
|
(60)
|
Is ann do chásanna sonracha nach bhfuil an téarma custaiméir teoranta, chun críoch díchill chuí do chustaiméirí, don duine a dhéanann an t-idirbheart leis an eintiteas faoi oibleagáid. Is cás acu sin, mar shampla, an cás nuair nach mbíonn ach nótaire amháin páirteach in idirbheart réadmhaoine. I gcásanna den sórt sin, chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha leordhóthanacha ar an idirbheart chun cásanna féideartha sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta a bhrath, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid an ceannaitheoir agus an díoltóir araon a mheas mar chustaiméirí agus bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm ar an dá pháirtí. Ba cheart a chur ar fáil leis an Rialachán seo liosta de na cásanna nach é an custaiméir custaiméir díreach an eintitis faoi oibleagáid nó nach bhfuil an téarma custaiméir teoranta don chustaiméir díreach. Ba cheart do liosta den sórt sin an tuiscint ar cé hé an custaiméir i gcásanna tipiciúla a chomhlánú agus níor cheart a thuiscint go gcuimsíonn sé léirmhíniú uileghabhálach ar an téarma. Ar an gcaoi chéanna, chun gaolmhaireacht gnó a bheith ar bun, níor cheart caidreamh conarthach nó rannpháirtíocht fhoirmiúil eile a bheith ag teastáil fad agus a sholáthraítear na seirbhísí arís agus arís eile in imeacht ama ionas go mbíonn gné den mharthanacht i gceist. I gcás ina gcuirtear leis an dlí náisiúnta cosc ar eintitis faoi oibleagáid ar oifigigh phoiblí iad dul i mbun caidrimh chonarthacha le custaiméirí, níor cheart an dlí náisiúnta a fhorléiriú mar thoirmeasc ar na heintitis faoi oibleagáid déileáil le sraith idirbheart mar ghaolmhaireacht gnó chun críoch AML/CFT.
|
|
(61)
|
Maolaítear na rioscaí a bhaineann le íocaíochtaí móra in airgead tirim a úsáid trí theorainn uile-Aontais a thabhairt isteach maidir leis na híocaíochtaí sin. Mar sin féin, tá eintitis faoi oibleagáid a dhéanann idirbhearta in airgead tirim faoi bhun na teorann sin fós leochaileach i leith rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta toisc go soláthraíonn siad pointe iontrála i gcóras airgeadais an Aontais. Dá bhrí sin, is gá a cheangal go gcuirfear bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid airgid thirim a mhaolú. Chun a áirithiú go bhfuil na bearta comhréireach leis na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta ar lú a luach ná EUR 10 000, ba cheart na bearta sin a bheith teoranta do shainaithint agus fíorú an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil agus idirbhearta ócáideacha in airgead tirim dar luach EUR 3 000 ar a laghad á ndéanamh acu. Ní dhíolmhaíonn an teorainn sin an t-eintiteas faoi oibleagáid ó gach beart díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm aon uair a bhíonn amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, nó ó idirbhearta amhrasacha a thuairisciú don FIU.
|
|
(62)
|
Is ann do shamhlacha gnó áirithe atá bunaithe ar ghaolmhaireacht gnó a bheith ag an eintiteas faoi oibleagáid le ceannaí ina dtairgtear seirbhísí tionscanta íocaíochta trína n-íoctar an ceannaí as earraí nó seirbhísí a sholáthar, ach ní le custaiméir an cheannaí, arb é a údaraíonn an tseirbhís tionscanta íocaíochta chun idirbheart aonair nó aonuaire leis an gceannaí a thionscnamh. Sa tsamhail gnó sin, is é an ceannaí custaiméir an eintitis faoi oibleagáid chun críche rialacha AML/CFT seachas custaiméir an cheannaí. Dá bhrí sin, maidir le seirbhísí tionscanta íocaíochta, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid na bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm vis-à-vis an ceannaí. Maidir le seirbhísí airgeadais eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn an t-oibreoir céanna iad, ba cheart a chinneadh cé hé an custaiméir ag féachaint do na seirbhísí a sholáthraítear.
|
|
(63)
|
Bíonn gníomhaíochtaí cearrbhachais éagsúil ó thaobh cineáil, raon feidhme geografach agus rioscaí gaolmhara de. D’fhonn cur i bhfeidhm comhréireach agus rioscabhunaithe an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann seirbhísí cearrbhachais ar íseal a rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, amhail crannchuir Stáit nó crannchuir phríobháideacha, nó gníomhaíochtaí cearrbhachais Stát-riartha, agus cinneadh a dhéanamh gan ceanglais uile an Rialacháin seo, nó cuid díobh, a chur i bhfeidhm maidir leo. I bhfianaise na n-éifeachtaí trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag eisceachtaí náisiúnta, is gá cur chuige dian rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Chuige sin, ba cheart cur ar chumas an Choimisiúin cinntí na mBallstát a fhormheas, nó iad a dhiúltú nuair nach dtugann riosca íseal cruthaithe údar leis an eisceacht. I gcás ar bith, níor cheart aon eisceacht a dheonú i ndáil le gníomhaíochtaí a bhfuil ardrioscaí ag baint leo. Is amhlaidh atá i gcás gníomhaíochtaí amhail casaíní, cearrbhachas ar líne agus gealltóireacht spóirt, ach ní i gcás ina riarann an Stát gníomhaíochtaí cearrbhachais ar líne, cibé acu trí na seirbhísí sin a sholáthar go díreach nó trí rialáil a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar na seirbhísí cearrbhachais sin a eagrú, a oibriú agus a riar. I bhfianaise na rioscaí don tsláinte phoiblí nó rioscaí gníomhaíochtaí coiriúla ar féidir leo a bheith bainteach leis an gcearrbhachas, féadfaidh bearta náisiúnta lena rialáiltear eagrú, oibriú agus riar an chearrbhachais rannchuidiú, i gcás ina saothraítear spriocanna an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí go dáiríre, le laghdú na rioscaí a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin.
|
|
(64)
|
Comhlíontar an tairseach EUR 2 000, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí cearrbhachais is cuma cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an custaiméir idirbheart amháin den mhéid sin ar a laghad nó roinnt idirbhearta beaga ar fiú san iomlán iad an méid sin. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cearrbhachais a bheith in ann idirbhearta a fhágáil ar chustaiméir ar leith fiú mura bhfuil céannacht an chustaiméara fíoraithe acu go fóill, ionas go mbeidh siad in ann a chinneadh cé acu a baineadh nó nár baineadh amach an tairseach sin agus cathain a baineadh amach í. Dá bhrí sin, ba cheart córais a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cearrbhachais lenar féidir idirbhearta a fhágáil ar chustaiméir agus faireachán a dhéanamh ar idirbhearta sula gcuirfear i bhfeidhm an ceanglas díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh. I gcás casaíní nó áitreabh fisiciúil cearrbhachais eile, is féidir leis a bheith neamhphraiticiúil céannacht an chustaiméara a sheiceáil ar gach idirbheart. Sna cásanna sin, ba cheart a bheith in ann an custaiméir a shainaithint agus céannacht an chustaiméara a fhíorú ar theacht isteach san áitreabh cearrbhachais dó, ar choinníoll go bhfuil córais i bhfeidhm chun idirbhearta a dhéantar ag an áitreabh cearrbhachais, lena n-áirítear cnaipí cearrbhachais a cheannach nó a bhabhtáil, a fhágáil ar an gcustaiméir sin.
|
|
(65)
|
I dTreoir (AE) 2015/849, d’ainneoin go ndearnadh rialacha na mBallstát sa réimse a bhaineann le hoibleagáidí maidir le sainaithint custaiméara a chomhchuibhiú go méid áirithe, níor leagadh síos rialacha mionsonraithe i ndáil leis na nósanna imeachta atá le leanúint ag eintitis faoi oibleagáid. I bhfianaise ríthábhacht na gné sin agus sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta á gcosc, is iomchuí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, forálacha níos sonraí agus níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le sainaithint an chustaiméara agus fíorú chéannacht an chustaiméara, bíodh sin i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, socruithe dlíthiúla mar shampla iontaobhais, nó eintitis ag a bhfuil inniúlacht dhlítheanach faoin dlí náisiúnta.
|
|
(66)
|
Le forbairtí teicneolaíocha agus dul chun cinn sa digitiú cumasaítear sainaithint agus fíorú slán cianda nó leictreonach ar chustaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana agus is féidir seoladh cianda an díchill chuí do chustaiméirí a éascú. Leis na réitigh shainaitheanta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), cumasaítear modhanna slána agus iontaofa sainaitheanta agus fíoraithe custaiméara le haghaidh custaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana agus is féidir seoladh cianda an díchill chuí do chustaiméirí a éascú. An tsainaithint leictreonach a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid í a chur san áireamh agus glacadh léi le haghaidh an phróisis sainaitheanta custaiméara. Maidir le húsáid na modhanna sainaitheanta sin, i gcás ina mbeidh bearta maolaithe riosca iomchuí i bhfeidhm, is féidir an leibhéal riosca a laghdú go leibhéal caighdeánach nó leibhéal íseal. I gcás nach bhfuil an tsainaithint leictreonach sin ar fáil do chustaiméir, mar shampla mar gheall ar chineál a stádais cónaithe i mBallstát ar leith nó mar gheall ar chónaí a bheith air i dtríú tír, ba cheart fíorú a dhéanamh trí sheirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha.
|
|
(67)
|
Chun a áirithiú go gcuirfidh creat AML/CFT cosc le teacht isteach cistí aindleathacha sa chóras airgeadais, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh sula rachaidh siad i mbun gaolmhaireachtaí gnó le cliaint ionchais, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear moill gan ghá ar ghnáthsheoladh gnó, ba cheart eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann an fhaisnéis a bhailiú ón gcustaiméir ionchais le linn dó gaolmhaireacht gnó a bhunú. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a bheith in ann an fhaisnéis is gá a fháil ó na custaiméirí ionchais nuair a bheidh an ghaolmhaireacht bunaithe, ar choinníoll nach ndéantar idirbhearta a thionscnamh go dtí go mbeidh próiseas an díchill chuí do chustaiméirí curtha i gcrích go rathúil.
|
|
(68)
|
Níl próiseas an díchill chuí do chustaiméirí teoranta do shainaithint ná fíorú chéannacht an chustaiméara. Roimh dhul i mbun gaolmhaireachtaí gnó nó sula ndéantar idirbhearta ócáideacha, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid measúnú a dhéanamh freisin ar chuspóir agus cineál na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh. Faisnéis réamhchonarthach nó faisnéis eile faoin táirge nó faoin tseirbhís bheartaithe a chuirtear in iúl don chustaiméir ionchais, is féidir léi cuidiú leis an gcuspóir sin a thuiscint. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann measúnú a dhéanamh i gcónaí ar chuspóir agus cineál na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh ionchais ar bhealach gan débhrí. I gcás ina gcuireann an tseirbhís nó an táirge arna tairiscint nó arna thairiscint ar chumas do chustaiméirí cineálacha éagsúla idirbheart nó gníomhaíochtaí a dhéanamh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach a fháil maidir le rún an chustaiméara i ndáil leis an úsáid atá le baint as an ngaolmhaireacht sin
|
|
(69)
|
Chun éifeachtacht chreat AML/CFT a áirithiú, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear óna gcustaiméirí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Is dócha go bhforbróidh gaolmhaireachtaí gnó de réir mar a athróidh imthosca an chustaiméara agus na gníomhaíochtaí a dhéanann siad tríd an ngaolmhaireacht gnó le himeacht ama. Chun tuiscint chuimsitheach a choinneáil ar phróifíl riosca an chustaiméara agus grinnscrúdú fóinteach a dhéanamh ar idirbhearta, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear óna gcustaiméirí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Ba cheart na hathbhreithnithe sin a dhéanamh ar bhonn tréimhsiúil ach ba cheart freisin athruithe in imthosca ábhartha an chustaiméara iad a spreagadh, nuair a thugtar le fios le fíorais agus le faisnéis go bhféadfaí próifíl riosca nó mionsonraí aitheantais an chustaiméara a athrú. Chuige sin, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhad custaiméara mar fhreagairt ar athruithe ábhartha, amhail athrú ar na dlínsí a ndéantar idirbheart leo, ar luach nó ar mhéid na n-idirbheart, ar iarrataí ar tháirgí nó seirbhísí nua atá an-difriúil ó thaobh riosca de nó tar éis athruithe ar an úinéireacht thairbhiúil.
|
|
(70)
|
I gcomhthéacs na gcliant a ndearnadh bearta díchill chuí do chustaiméirí ina leith le déanaí, ba cheart a bheith in ann bearta díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh trí dheimhniú a fháil ón gcustaiméir nár athraíodh an fhaisnéis agus na doiciméid atá sna taifid. I gcásanna ina bhfuil muinín ag an eintiteas faoi oibleagáid nár tháinig aon athrú ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an gcustaiméir, éascaíonn an modh oibre sin cur i bhfeidhm oibleagáidí AML/CFT, mar tá ar eintitis faoi oibleagáid a áirithiú go ndéanfaidh siad bearta leordhóthanacha díchill chuí do chustaiméirí. I ngach cás, ba cheart an deimhniú a fhaightear ón gcustaiméir, agus aon athruithe ar an bhfaisnéis a choinnítear ar an gcustaiméir, a thaifeadadh.
|
|
(71)
|
D’fhéadfadh eintitis faoi oibleagáid níos mó ná táirge nó seirbhís amháin a sholáthar i gcomhthéacs gaolmhaireacht gnó. Sna himthosca sin, is ar an ngaolmhaireacht gnó ina iomláine seachas ar tháirge ar leith nó ar sheirbhís ar leith atá an ceanglas faisnéis, sonraí agus doiciméid a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta dírithe. Is faoi na heintitis faoi oibleagáid atá sé measúnú a dhéanamh, ar fud raon na dtáirgí nó na seirbhísí a sholáthraítear, nuair a thagann athrú ar imthosca ábhartha an chustaiméara, nó nuair a chomhlíontar coinníollacha eile lena spreagtar an dícheall cuí do chustaiméirí a thabhairt cothrom le dáta, agus dul ar aghaidh le hathbhreithniú a dhéanamh ar chomhad an chustaiméara i ndáil leis an ngaolmhaireacht gnó ina hiomláine.
|
|
(72)
|
Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid córas faireacháin a chur ar bun freisin chun go mbraithfear idirbhearta a d’fhéadfadh a bheith amhrasach maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta. Chun éifeachtacht an fhaireacháin ar idirbhearta a áirithiú, le gníomhaíocht faireacháin eintiteas faoi oibleagáid ba cheart i bprionsabal na seirbhísí agus na táirgí uile a thairgtear do chustaiméirí agus na hidirbhearta uile a dhéantar thar ceann an chustaiméara nó atá tairgthe don chustaiméir ag an eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart iad a chumhdach. Mar sin féin, ní gá grinnscrúdú a dhéanamh ar na hidirbhearta uile ina n-aonar. Le déine an fhaireacháin ba cheart an cur chuige rioscabhunaithe a urramú agus ba cheart í a bheith deartha bunaithe ar chritéir bheachta ábhartha agus, go háirithe, saintréithe na gcustaiméirí agus leibhéal an riosca atá bainteach leo, na táirgí agus na seirbhísí a thairgtear, agus na tíortha nó na limistéir gheografacha lena mbaineann á gcur an áireamh. Ba cheart do AMLA treoirlínte a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh déine an fhaireacháin ar ghaolmhaireachtaí gnó agus idirbhearta leordhóthanach agus comhréireach le leibhéal an riosca.
|
|
(73)
|
Tríd an ngaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh nuair nach féidir bearta díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh, laghdaítear neamhchosaint an eintitis faoi oibleagáid ar rioscaí a bhaineann le hathruithe féideartha ar phróifíl an chustaiméara. Mar sin féin, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann nár cheart an foirceannadh a shaothrú mar gheall ar spriocanna maidir le leas an phobail. Is amhlaidh atá, mar shampla, i ndáil le conarthaí árachais saoil, i gcás inar cheart d’eintitis faoi oibleagáid, i gcás inar gá, mar mhalairt ar fhoirceannadh, bearta a ghlacadh chun an ghaolmhaireacht gnó a reo, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar aon seirbhísí breise a sholáthar don chustaiméir sin agus an íocaíocht amach le tairbhithe a choinneáil siar, go dtí gur féidir bearta díchill chuí do chustaiméirí a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ceanglaíonn táirgí agus seirbhísí áirithe ar an eintiteas faoi oibleagáid leanúint de chistí an chustaiméara a choinneáil nó a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, mar shampla i gcomhthéacs iasachtaí, cuntais íocaíochta nó glacadh taiscí. Níor cheart amharc orthu sin, áfach, mar bhac ar an gceanglas an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, rud is féidir a bhaint amach trína áirithiú nach ndéantar aon idirbheart ná gníomhaíocht don chustaiméir.
|
|
(74)
|
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a tharraingt suas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí. Leis na caighdeáin theicniúla rialála sin ba cheart an tacar íosta faisnéise atá le fáil ag eintitis faoi oibleagáid a leagan amach ionas go bhféadfaidh siad dul i mbun gaolmhaireachtaí gnó nua le custaiméirí nó cinn leanúnacha a mheasúnú, de réir leibhéal an riosca atá bainteach le gach custaiméir. Thairis sin, leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ba cheart soiléireacht leordhóthanach a sholáthar chun go bhféadfaidh gníomhaithe margaidh modhanna slána, inrochtana agus nuálacha a fhorbairt chun céannacht custaiméirí a fhíorú agus dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, lena n-áirítear go cianda, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú. Tá na cúraimí sonracha sin i gcomhréir le ról agus freagrachtaí AMLA mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
(75)
|
Le comhchuibhiú beart díchill chuí do chustaiméirí rannchuideofar le tuiscint atá comhsheasmhach, agus éifeachtach go comhsheasmhach, a fháil ar na rioscaí a bhaineann le custaiméir atá ann cheana nó le custaiméir ionchais gan beann ar an áit a n-osclaítear an ghaolmhaireacht gnó san Aontas. Leis an gcomhchuibhiú sin ba cheart a áirithiú freisin nach n-úsáideann eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis a fhaightear agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh chun cleachtais dí-ríoscaithe a shaothrú as a bhféadfadh imchéimniú oibleagáidí dlíthiúla eile teacht, go háirithe na cinn a leagtar síos i dTreoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) nó Treoir (AE) 2015/2366, gan cuspóirí an Aontais a bhaint amach ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc. Chun maoirseacht chuí ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chumasú, tá sé tábhachtach go gcoimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifead ar na gníomhaíochtaí a dhéantar agus ar an bhfaisnéis a fhaightear le linn phróiseas an díchill chuí do chustaiméirí, gan beann ar cibé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear gaolmhaireacht gnó nua leo agus cibé acu a chuir nó nár chuir siad tuairisc ar idirbhearta amhrasacha isteach tar éis dóibh diúltú gaolmhaireacht gnó a bhunú. I gcás ina gcinnfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid gan dul i mbun gaolmhaireacht gnó le custaiméir ionchais, nó gaolmhaireacht gnó atá ann cheana a fhoirceannadh, ina ndiúltaíonn sé idirbheart ócáideach a dhéanamh, nó bearta malartacha a chur i bhfeidhm maidir le gaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, ba cheart na forais leis an gcinneadh sin a áireamh sna taifid ar dhícheall cuí do chustaiméirí. Ar an gcaoi sin cuirfear ar chumas d’údaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh ar cibé acu a chalabraigh nó nár chalabraigh eintitis faoi oibleagáid a gcleachtais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí go hiomchuí agus conas a fhorbraíonn an neamhchosaint atá ag an eintiteas ar riosca, chomh maith le cuidiú le fianaise staidrimh a bhailiú maidir leis na rialacha a bhaineann le dícheall cuí do chustaiméirí arna gcur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid ar fud an Aontais.
|
|
(76)
|
Is cur chuige rioscabhunaithe é cheana féin an cur chuige atá i bhfeidhm sa chreat AML/CFT reatha chun athbhreithniú a dhéanamh ar chustaiméirí atá ann cheana. Mar gheall ar an riosca níos airde atá ann go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le struchtúir idirghabhála áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann, leis an gcur chuige sin, rioscaí a bhrath agus a mheasúnú go tráthúil. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú go ndéanfar faireachán ar bhonn tráthrialta ar chatagóirí dea-shonraithe de chustaiméirí atá ann cheana.
|
|
(77)
|
Tá an riosca féin athraitheach de réir a chineáil, agus féadfaidh na hathróga, astu féin nó i gcomhcheangal, an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéadú nó a laghdú, agus ar an tslí sin tionchar a bheith acu ar leibhéal iomchuí na mbeart coisctheach, mar shampla bearta díchill chuí do chustaiméirí.
|
|
(78)
|
I gcásanna lena mbaineann riosca íseal, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann bearta simplithe a chur i bhfeidhm maidir le dícheall cuí. Níl sé i gceist leis sin go mbeadh díolúine ó bhearta díchill chuí do chustaiméirí ann ná go mbeadh na bearta sin in easnamh ar fad. Is é atá i gceist leis, go deimhin, tacar beart grinnscrúdúcháin simplithe nó laghdaithe, lenar cheart aghaidh a thabhairt, mar sin féin, ar gach comhpháirt den ghnáthnós imeachta díchill chuí. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann ina dhiaidh sin minicíocht nó déine a ngrinnscrúdúcháin ar chustaiméirí nó ar idirbhearta a laghdú, nó a bheith in ann dul ar iontaoibh toimhdí leordhóthanacha maidir le cuspóir na gaolmhaireachta gnó nó táirgí simplí a úsáid. Ba cheart a leagan amach sna caighdeáin theicniúla rialála maidir le dícheall cuí do chustaiméirí na bearta simplithe sonracha a bhfuil eintitis faoi oibleagáid in ann iad a chur chun feidhme i gcás staideanna lena mbaineann riosca níos ísle a sainaithníodh sa mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais a rinne an Coimisiún. Le linn dó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart do AMLA aird chuí a bheith aige ar chaomhnú an chuimsithe airgeadais agus shóisialta.
|
|
(79)
|
Ba cheart a aithint go bhfuil riosca níos mó go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint le staideanna áirithe. Cé gur cheart céannacht agus próifíl ghnó gach custaiméara a shuí le cur i bhfeidhm tráthrialta na mbeart díchill chuí do chustaiméirí, tá cásanna ann ina mbeidh gá le nósanna imeachta atá thar a bheith docht maidir le sainaithint agus fíorú custaiméirí. Dá bhrí sin, is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na bearta feabhsaithe díchill chuí sin, lena n-áirítear bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha le haghaidh gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann.
|
|
(80)
|
Is é is saintréith gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann le hinstitiúid tríú tír is freagróir gur de chineál leanúnach athdhéantach atá siad. Thairis sin, ní bhíonn an leibhéal céanna riosca maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ag baint le gach seirbhís baincéireachta comhfhreagraí trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart déine na mbeart feabhsaithe díchill chuí a chinneadh trí phrionsabail an chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, an cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm nuair a bhítear ag idirghníomhú le hinstitiúidí tríú tír is freagróirí nach bhfuil aon láithreacht fhisiceach acu san áit inar bunaíodh iad, ná le heintitis neamhchláraithe nó neamhcheadúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní. I bhfianaise an riosca aird go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta in institiúidí caocha, institiúidí creidmheasa, agus institiúidí airgeadais, ba cheart gaolmhaireacht chomhfhreagrach lena leithéid d’institiúid chaoch a sheachaint, mar aon le gaolmhaireacht chomhfhreagrach le contrapháirtithe i dtríú tíortha a cheadaíonn d’institiúidí caocha a gcuntais a úsáid. Chun mí-úsáid chóras airgeadais an Aontais chun seirbhísí neamhrialáilte a sholáthar a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú freisin nach n-úsáideann malartuithe neadaithe a gcuntais agus ba cheart beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun aon iarracht den sórt sin a bhrath.
|
|
(81)
|
I gcomhthéacs fheidhmiú a bhfeidhme formhaoirseachta, d’fhéadfadh maoirseoirí cásanna a shainaithint ina gcruthaítear rioscaí do chóras airgeadais an Aontais nuair a sháraíonn institiúidí tríú tír is freagróirí ceanglais AML/CFT, nó nuair is ann do laigí i gcur chun feidhme ceanglais AML/CFT. Chun na rioscaí sin a mhaolú, ba cheart AMLA a bheith in ann moltaí a dhíriú ar institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais san Aontas chun iad a chur ar an eolas faoina thuairimí maidir le heasnaimh na n-institiúidí tríú tír sin is freagróirí. Ba cheart na moltaí sin a eisiúint i gcás ina gcomhaontaíonn AMLA agus maoirseoirí airgeadais san Aontas gur dócha go ndéanfaidh na sáruithe agus na laigí sna hinstitiúidí tríú tír is freagróirí difear do neamhchosaint ar riosca na ngaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí creidmheasa agus le hinstitúidí airgeadais san Aontas, agus ar choinníoll go raibh deis ag an institiúid tríú tír is freagróir agus ag a maoirseoir a dtuairimí a chur ar fáil. Chun dea-fheidhmiú chóras airgeadais an Aontais a chaomhnú, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais bearta leordhóthanacha a dhéanamh mar fhreagairt ar mholtaí ó AMLA, lena n-áirítear trí staonadh ó ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhéanamh nó leanúint de ghaolmhaireacht chomhfhreagrach mura rud é gur féidir leo bearta maolaitheacha leordhóthanacha a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arb í an ghaolmhaireacht chomhfhreagrach is cúis leo.
|
|
(82)
|
I gcomhthéacs na mbeart feabhsaithe díchill chuí, ní hionann formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach chun gaolmhaireachtaí gnó a bhunú, agus a thabhairt le fios, i ngach cás, go bhfuiltear ag fáil formheasa ón mbord stiúrthóirí. Ba cheart do dhuine, ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar neamhchosaint ar riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta an eintitis agus a bhfuil sinsearacht leordhóthanach aige chun cinntí a dhéanamh a dhéanfadh difear dá neamhchosaint ar riosca, an formheas sin a thabhairt.
|
|
(83)
|
Chun feidhmiú cuí chóras airgeadais an Aontais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun tríú tíortha, a léiríonn a n-easnaimh ina gcórais náisiúnta AML/CFT bagairt ar shláine mhargadh inmheánach an Aontais, a shainaithint. Is de chineál athraitheach atá bagairtí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta ar as críoch lasmuigh den Aontas a thagann siad agus éascaíonn forbairt leanúnach na teicneolaíochta agus na modhanna atá ar fáil ag na coirpigh iad, agus ar an ábhar sin ní mór oiriúnuithe tapa leanúnacha a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil a mhéid a bhaineann le tríú tíortha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar na rioscaí atá ann cheana agus cosc a chur le rioscaí nua a bheith ag teacht chun cinn. Ba cheart don Choimisiún, mar bhunús dá mheasúnú, faisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó shocraitheoirí caighdeán i réimse AML/CFT a chur san áireamh, mar shampla ráitis phoiblí FATF, meastóireacht fhrithpháirteach nó tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, agus a mheasúnuithe a oiriúnú do na hathruithe iontu, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún gníomhú laistigh de 20 lá tar éis easnaimh i gcóras AML/CFT tríú tír a fhionnadh ar bagairt iad ar shláine mhargadh inmheánach an Aontais.
|
|
(84)
|
Maidir le tríú tíortha atá ‘faoi réir glao ar ghníomhaíocht’ ag an socraitheoir caighdeán idirnáisiúnta ábhartha, eadhon FATF, feictear easnaimh straitéiseacha shuntasacha mharthanacha ina gcreataí dlíthiúla agus institiúideacha AML/CFT agus i gcur chun feidhme na gcreataí sin ar dócha go mbainfidh ardriosca leo do chóras airgeadais an Aontais. Le cineál marthanach na n-easnamh straitéiseach suntasach sin, lena léirítear an easpa tiomantais nó mainneachtain leanúnach an tríú tír dul i ngleic leo, léirítear leibhéal méadaithe bagartha a thagann ó na tríú tíortha sin, agus leis sin éilítear freagairt mhaolaitheach éifeachtach, chomhsheasmhach agus chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid an tacar iomlán de bhearta feabhsaithe díchill chuí atá ar fáil a chur i bhfeidhm i leith idirbhearta ócáideacha agus gaolmhaireachtaí gnó a bhfuil na tríú tíortha ardriosca sin bainteach leo d’fhonn na rioscaí foluiteacha a bhainistiú agus a mhaolú. Thairis sin, tugann an leibhéal ard riosca údar cuí leis na frithbhearta sonracha breise a chur i bhfeidhm, cibé acu ar leibhéal na n-eintiteas faoi oibleagáid nó na mBallstát. Sheachnódh an cur chuige sin éagsúlacht le linn do na frithbhearta ábhartha a bheith á gcinneadh, rud a d'fhágfadh iomláine chóras airgeadais an Aontais neamhchosanta ar rioscaí. I gcás ina sainaithníonn na Ballstáit rioscaí sonracha nach bhfuil maolaithe, d’fhéadfadh siad a bheith in ann frithbhearta breise a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith sin. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na rioscaí sin ábhartha don mhargadh inmheánach, d’fhéadfadh sé a bheith in ann an gníomh tarmligthe a thabhairt cothrom le dáta chun na frithbhearta breise is gá a áireamh chun na rioscaí sin a mhaolú. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil gá leis na frithbhearta sin agus go mbainfidís an bonn d’fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais, ba cheart an chumhacht a thabhairt dó a chinneadh go gcuirfeadh an Ballstát deireadh leis an bhfrithbheart sonrach. Sula ngníomhachtófar an nós imeachta le haghaidh an chinnidh sin, ba cheart don Choimisiún deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a thuairimí a chur isteach maidir le breithniú an Choimisiúin. Mar gheall ar a shaineolas teicniúil, is féidir le AMLA ionchur áisiúil a sholáthar don Choimisiún chun na frithbhearta iomchuí a shainaithint.
|
|
(85)
|
Tá laigí maidir le comhlíonadh i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT agus i gcur chun feidhme an chreata i dtríú tíortha atá faoi réir ‘faireachán méadaithe’ ag FATF soghabhálach lena ndúshaothrú ag coirpigh. Is dóigh gur riosca sin do chóras airgeadais an Aontais, agus caithfear an riosca sin a bhainistiú agus a mhaolú. Trí thiomantas a bheith á léiriú ag na tríú tíortha sin maidir le haghaidh a thabhairt ar laigí sainaitheanta, ach gan deireadh a chur leis an riosca an tráth céanna, tugtar údar le freagairt mhaolaitheach a úsáid ina leith, nach mbeadh chomh dian céanna leis an gceann is infheidhme maidir le tríú tíortha ardriosca. I gcás ina ngeallann na tríú tíortha sin aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm i leith idirbhearta ócáideacha agus gaolmhaireachtaí gnó le linn dóibh a bheith ag déileáil le daoine nádúrtha nó le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna tríú tíortha sin, idirbhearta a bheidh saincheaptha do na laigí sonracha a sainaithníodh i ngach tríú tír. Ach na bearta feabhsaithe díchill chuí a bheidh le cur i bhfeidhm a shainaithint de réir a chéile, d’áiritheofaí leis sin freisin, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, go mbeadh na bearta i gcomhréir leis an leibhéal riosca. Chun cur chuige comhsheasmhach agus comhréireach den sórt sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a shainaithint cé na bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha a bheidh de dhíth d’fhonn rioscaí tírshonracha a mhaolú. I bhfianaise shaineolas teicniúil AMLA, is féidir leis ionchur áisiúil a sholáthar don Choimisiún chun na bearta feabhsaithe díchill chuí iomchuí a shainaithint.
|
|
(86)
|
D’fhéadfadh bagairt shonrach thromchúiseach a bheith ag baint le tíortha nach sainaithnítear go poiblí a bheith faoi réir glaonna ar ghníomhaíocht nó faireacháin mhéadaithe ag FATF, ar bagairtí iad ar shláine chóras airgeadais an Aontais, arbh é is cúis leis sin, b'fhéidir, laigí sa chomhlíonadh nó easnaimh straitéiseacha shuntasacha mharthanacha ina gcóras AML/CFT. Chun na rioscaí sonracha sin a mhaolú, ar rioscaí iad nach féidir a mhaolú trí bhearta is infheidhme maidir le tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha orthu nó tíortha ar a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhú in imthosca eisceachtúla trí na tríú tíortha sin a shainaithint, bunaithe ar thacar soiléir critéar agus le tacaíocht ó AMLA. De réir an leibhéil riosca do chóras airgeadais an Aontais, ba cheart don Choimisiún a cheangal go gcuirfí i bhfeidhm na bearta feabhsaithe díchill chuí agus na frithbhearta tírshonracha uile, i ndáil le tríú tíortha ardriosca, nó bearta díchill chuí tírshonracha feabhsaithe, i ndáil le tríú tíortha ar a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh, mar shampla.
|
|
(87)
|
Chun sainaithint chomhsheasmhach na dtríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach iad ar chóras airgeadais an Aontais a áirithiú, ach gan iad a bheith sainaitheanta go poiblí mar thíortha atá faoi réir glaonna ar ghníomhaíocht nó faireachán méadaithe ó FATF, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an mhodheolaíocht chun tríú tíortha a shainaithint in imthosca eisceachtúla, a leagan amach. Ba cheart a áireamh sa mhodheolaíocht sin go háirithe conas a dhéanfar measúnú ar na critéir agus an próiseas don idirghníomhaíocht le tríú tíortha den sórt sin agus do rannpháirtíocht na mBallstát agus AMLA i gcéimeanna ullmhúcháin na sainaitheanta sin.
|
|
(88)
|
Ós rud é go bhféadfadh athruithe a bheith ann ar chreataí AML/CFT na dtríú tíortha a shainaithnítear faoin Rialachán seo nó ar a gcur chun feidhme, mar shampla mar thoradh ar thiomantas na tíre aghaidh a thabhairt ar na laigí sainaitheanta nó mar gheall ar bhearta AML/CFT ábhartha a ghlacadh chun dul i ngleic leo, rud a d’fhéadfadh cineál agus leibhéal na rioscaí a thagann uathu a athrú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar shainaithint na mbeart feabhsaithe díchill chuí sonrach sin chun a áirithiú go bhfuil siad comhréireach agus leordhóthanach fós.
|
|
(89)
|
Ní ó thríú tíortha amháin a thagann na bagairtí seachtracha féideartha ar chóras airgeadais an Aontais, ach is féidir leo teacht chun cinn freisin i ndáil le tosca riosca a bhaineann le custaiméirí nó táirgí, seirbhísí, idirbhearta nó bealaí seachadta sonracha a fheictear i ndáil le limistéar geografach sonrach lasmuigh den Aontas. Is gá dá bhrí sin treochtaí, rioscaí agus modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a bhféadfadh eintitis faoi oibleagáid an Aontais a bheith neamhchosanta orthu. Is é AMLA is fearr a bheidh in ann aon típeolaíocht sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a thagann chun cinn ó lasmuigh den Aontas a bhrath, chun a bhforbairt a fhaire d’fhonn treoraíocht a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid an Aontais maidir leis an ngá bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm atá dírithe ar na rioscaí sin a mhaolú.
|
|
(90)
|
D’fhéadfadh an earnáil airgeadais a bheith neamhchosanta ar rioscaí suntasacha dlí agus clú mar gheall ar ghaolmhaireachtaí le daoine aonair a mbíonn feidhmeanna poiblí tábhachtacha acu nó a mbíodh feidhmeanna poiblí tábhachtacha acu, laistigh den Aontas nó go hidirnáisiúnta, agus go háirithe daoine aonair ó thíortha ina bhfuil éilliú forleathan. Tugann an iarracht idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an éilliú údar freisin leis an ngá aird ar leith a thabhairt ar na daoine sin agus bearta feabhsaithe díchill chuí iomchuí a chur i bhfeidhm i leith daoine a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram orthu sa bhaile nó ar an gcoigríoch agus i leith daoine sinsearacha in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá bearta a shonrú ar cheart d’eintitis faoi oibleagáid iad a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta nó gaolmhaireachtaí gnó le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Chun an cur chuige rioscabhunaithe a éascú, ba cheart é a chur de chúram ar AMLA treoirlínte a eisiúint maidir le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal rioscaí atá bainteach le catagóir áirithe de dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh nó daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad.
|
|
(91)
|
Níl na rioscaí a bhaineann le daoine a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram orthu teoranta don leibhéal náisiúnta amháin; is féidir leo a bheith ann freisin ar leibhéil réigiúnacha nó bhardasacha. Is fíor sin go háirithe ar an leibhéal áitiúil i gcás limistéir dhlúthdhaonra, mar shampla cathracha, ar minic a bhainistíonn siad, in éineacht leis an leibhéal réigiúnach, cistí poiblí suntasacha agus rochtain ar sheirbhísí nó ceadanna criticiúla, agus riosca éillithe agus sciúrtha airgid ghaolmhair a bheith ann mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, maidir le ceannairí na n-údarás réigiúnach agus na n-údarás áitiúil, lena n-áirítear grúpálacha bardas agus réigiún cathrach, ina bhfuil 50 000 áitritheoir ar a laghad, is gá iad a áireamh i gcatagóir na ndaoine a gcuirtear nó ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha de chúram orthu. An tráth céanna, ba cheart a aithint go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann maidir le heagrú tíreolaíoch agus riaracháin na mBallstát, agus ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, tairseach níos ísle a leagan síos chun na húdaráis áitiúla ábhartha a chumhdach ar bhonn riosca. Nuair a chinnfidh na Ballstáit tairseacha níos ísle a shocrú, ba cheart dóibh na tairseacha níos ísle sin a chur in iúl don Choimisiún.
|
|
(92)
|
Is féidir le comhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar atá faoi rialú an stáit, nó na n-údarás réigiúnach nó na n-údarás áitiúil a bheith neamhchosanta ar rioscaí éillithe agus sciúrtha airgid ghaolmhair freisin. I bhfianaise méid buiséid fiontar den sórt sin agus na gcistí atá faoi bhainistíocht acu, tá na rioscaí sin thar a bheith ard i ndáil le comhaltaí feidhmiúcháin sinsearacha i bhfiontair atá faoi rialú an stáit. Is féidir le rioscaí teacht chun cinn freisin i ndáil le fiontair de mhéid shuntasach atá á rialú ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla. Mar thoradh air sin, ba cheart na feidhmeannaigh shinsearacha i bhfiontair atá faoi rialú údarás réigiúnach nó áitiúil a mheas mar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil i gcás ina gcáilíonn na fiontair sin mar ghnóthais nó grúpaí meánmhéide nó móra mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Mar sin féin, agus aitheantas á thabhairt do na difríochtaí eagraíochtúla geografacha agus riaracháin, agus do na cumhachtaí agus na freagrachtaí a bhaineann leis na fiontair sin agus lena bhfeidhmeannaigh shinsearacha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tairseach láimhdeachais bhliantúil níos ísle a shocrú ar bhonn riosca. Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh sin.
|
|
(93)
|
Chun daoine san Aontas atá faoi riteacht pholaitiúil a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit liostaí a eisiúint ina léirítear na feidhmeanna sonracha a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí suntasacha, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, le rialacháin náisiúnta agus le forálacha riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta de na feidhmeanna poiblí suntasacha san eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart é a chur de chúram ar an gCoimisiún liosta a thiomsú agus a eisiúint, liosta ba cheart a bheadh bailí ar fud an Aontais, maidir le daoine ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha ar a n-iontaoibh in institiúidí nó i gcomhlachtaí de chuid an Aontais. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le feidhmeanna poiblí suntasacha a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. an fhormáid atá le húsáid le haghaidh fógraí ó na Ballstáit a leagan amach, agus ba cheart é a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar na catagóirí d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a shainaithnítear leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil siad coitianta ar fud na mBallstát.
|
|
(94)
|
Nuair nach gcuirfear feidhm phoiblí shuntasach ar iontaoibh custaiméirí a thuilleadh, féadfaidh siad riosca ard a chruthú fós, mar shampla mar gheall ar an tionchar neamhfhoirmiúil a d’fhéadfaidís a fheidhmiú fós, nó toisc go bhfuil na feidhmeanna a bhí acu roimhe seo agus na feidhmeanna reatha atá acu nasctha. Tá sé fíor-riachtanach go gcuirfeadh eintitis faoi oibleagáid na rioscaí leanúnacha sin san áireamh agus go gcuirfidís beart feabhsaithe díchill chuí amháin nó níos mó i bhfeidhm go dtí go meastar nach bhfuil aon riosca eile ag baint leis na daoine aonair, agus in aon chás ar feadh nach lú ná 12 mhí tar éis an ama a scoirtear de chúram maidir le feidhm phoiblí shuntasach a chur orthu.
|
|
(95)
|
Ní minic a bhíonn gaolmhaireachtaí cliant ag cuideachtaí árachais le tairbhithe na bpolasaithe árachais. Ba cheart dóibh a bheith in ann cásanna lena mbaineann riosca níos airde a shainaithint, áfach, amhail nuair a ghabhann fáltais an pholasaí chun tairbhe duine atá faoi riteacht pholaitiúil. Chun a chinneadh an é sin an cás, ba cheart bearta réasúnacha a áireamh sa pholasaí árachais chun an tairbhí a shainaithint, amhail agus gur chliant nua é an duine sin. Ba cheart a bheith in ann na bearta sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná tráth na híocaíochta nó tráth shannadh an pholasaí.
|
|
(96)
|
D’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as dlúthghaolmhaireachtaí príobháideacha agus gairmiúla ar mhaithe le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Chuige sin, ba cheart feidhm a bheith ag bearta a bhaineann le daoine faoi riteacht pholaitiúil maidir lena mbaill teaghlaigh agus le daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad freisin. D’fhéadfadh go mbraitheann sainaithint chuí na mball teaghlaigh agus na ndaoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad ar struchtúr socheacnamaíoch agus cultúrtha thír an duine atá faoi riteacht pholaitiúil. Ina fhianaise sin, ba cheart an cúram a chur ar AMLA treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir a úsáidfear chun daoine ar cheart iad a mheas mar dhlúthchomhlaigh a shainaithint.
|
|
(97)
|
Áirítear le gaolta le baill teaghlaigh a bhféadfadh daoine atá faoi riteacht pholaitiúil mí-úsáid a bhaint astu, ní hamháin iad siúd le tuismitheoirí agus sliochtaigh ach d’fhéadfaí iad siúd le siblíní a bheith san áireamh freisin. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás catagóirí daoine atá faoi riteacht pholaitiúil agus a bhfuil poist shinsearacha rialtais láir acu. Agus aird á tabhairt, áfach, ar struchtúir éagsúla shocheacnamaíocha agus chultúrtha atá ann ar an leibhéal náisiúnta, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhféidearthacht go mbainfí mí-úsáid as gaolta siblíní, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann raon feidhme níos leithne a chur i bhfeidhm chun siblíní a ainmniú mar bhaill teaghlaigh daoine faoi riteacht pholaitiúil chun na rioscaí go mbainfí mí-úsáid as na gaolta sin a mhaolú go leordhóthanach. Nuair a chinneann na Ballstáit raon feidhme níos leithne a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh mionsonraí an raoin feidhme níos leithne sin a chur in iúl don Choimisiún.
|
|
(98)
|
Na ceanglais a bhaineann le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh agus daoine arb eol gur dlúthchomhlaigh iad, is ceanglais iad de chineál coisctheach agus ní de chineál coiriúil, agus níor cheart a thuiscint astu go bhfuil daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh nó a ndlúthchomhlaigh rannpháirteach i ngníomhaíocht choiriúil. Tá sé contrártha do théacs agus meon an Rialacháin seo diúltú do ghaolmhaireacht gnó a dhéanamh le duine díreach ar bhonn cinneadh gur duine é nó í atá faoi riteacht pholaitiúil nó ball teaghlaigh nó duine arb eol gur dlúthchomhlach é nó í le duine atá faoi riteacht pholaitiúil.
|
|
(99)
|
I bhfianaise leochaileacht scéimeanna cónaithe d’infheisteoirí i leith sciúradh airgid, coireanna cánach, éilliú agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus i leith na mbagairtí slándála suntasacha chomh maith a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo don Aontas ina iomláine, is iomchuí go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid dícheall cuí feabhsaithe sonrach, ar a laghad, maidir le custaiméirí ar náisiúnaigh tríú tír iad a chuir tús le próiseas chun iarratas a dhéanamh ar chearta cónaithe i mBallstát faoi chuimsiú na scéimeanna sin.
|
|
(100)
|
Le soláthar seirbhísí pearsantaithe bainistithe sócmhainní do dhaoine aonair a bhfuil ardleibhéal rachmais acu, d’fhéadfaí institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais nó soláthraithe seirbhísí iontaobhais agus cuideachta a bheith neamhchosanta ar rioscaí sonracha lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as cineál casta agus pearsantaithe na seirbhísí sin go minic. Is gá, dá bhrí sin, sraith de bhearta feabhsaithe díchill chuí a shonrú ar cheart iad sin, ar a laghad, a chur i bhfeidhm nuair a mheastar go bhfuil ardriosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint leis na gaolmhaireachtaí gnó sin. Agus é á chinneadh an bhfuil sócmhainní ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, ag custaiméir, cuirtear san áireamh sócmhainní airgeadais agus in-infheistithe lena n-áirítear airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim, bídís á gcoinneáil mar thaiscí nó i dtáirgí coigiltis, chomh maith le hinfheistíochtaí mar shampla stoic, bannaí agus cistí frithpháirteacha, fiú nuair a choinnítear iad faoi chomhaontuithe fadtéarmacha leis an eintiteas faoi oibleagáid sin. Ina theannta sin, ba cheart luach réadmhaoine an chustaiméara, seachas a áit chónaithe phríobháideach, a chur san áireamh. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, ní gá d’institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais, ná do sholáthraithe seirbhísí iontaobhais agus cuideachta, ríomh beacht rachmas iomlán an chliaint a dhéanamh ná a iarraidh. Ina ionad sin, ba cheart do na heintitis sin bearta a dhéanamh chun a shuí cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní ag a bhfuil luach EUR 50 000 000 ar a laghad, nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, ag cliant i sócmhainní airgeadais nó in-infheistithe nó réadmhaoine.
|
|
(101)
|
Chun nósanna imeachta maidir le sainaithint custaiméara arís agus arís eile a sheachaint, is iomchuí, faoi réir coimircí oiriúnacha, a cheadú d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ag brath ar fhaisnéis faoi chustaiméirí a bhailigh eintitis faoi oibleagáid eile. I gcás ina mbeidh eintiteas faoi oibleagáid ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid, ba cheart an fhreagracht deiridh as dícheall cuí do chustaiméirí a bheith ar an eintiteas faoi oibleagáid a roghnaíonn brath ar dhícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintiteas faoi oibleagáid eile. Ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid ar a rabhthas ag brath a fhreagracht féin a choinneáil freisin maidir le ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh, lena n-áirítear an ceanglas tuairisc a thabhairt faoi idirbheart amhrasacha agus taifid a choinneáil.
|
|
(102)
|
Le tabhairt isteach ceanglas comhchuibhithe AML/CFT san Aontas, lena n-áirítear maidir le beartais agus nósanna imeachta uileghrúpa, malartú faisnéise agus spleáchas, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid a oibríonn laistigh de ghrúpa an úsáid is mó is féidir a bhaint as na córais atá i bhfeidhm laistigh den ghrúpa sin i gcásanna a bhaineann leis na custaiméirí céanna. Leis na rialacha sin, ní hamháin go gceadaítear AML/CFT a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtúil laistigh den ghrúpa ach is féidir tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála ar leibhéal an ghrúpa freisin, mar shampla trína chur ar chumas eintiteas faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa a bheith ag brath ar thorthaí na bpróiseas arna nglacadh ag eintitis eile faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa chun a gceanglais maidir le sainaithint agus fíorú custaiméirí a chomhlíonadh.
|
|
(103)
|
Ionas go mbeadh sé éifeachtúil a bheith ag brath ar bhearta arna ndéanamh ag tríú páirtí, tá gá le soiléireacht bhreise maidir leis na coinníollacha ar dá réir a tharlóidh an spleáchas sin. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha faoinar féidir a bheith ag brath ar thríú páirtí, chomh maith le róil agus freagrachtaí na bpáirtithe faoi seach. Chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht chomhsheasmhach ar bhrath ar fud an Aontais, ba cheart do na treoirlínte sin soiléireacht a sholáthar freisin ar conas ba cheart do mhaoirseoirí na cleachtais sin a chur san áireamh agus comhlíonadh cheanglais AML/CFT a fhíorú nuair a ghabhann eintitis faoi oibleagáid i dtuilleamaí na gcleachtas sin.
|
|
(104)
|
Tugadh isteach coincheap na húinéireachta tairbhiúla chun an trédhearcacht maidir le struchtúir chorparáideacha chasta a mhéadú. Ní mór faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta agus leordhóthanach a rochtain maidir leis an úinéir tairbhiúil chun coirpigh a rianú a d’fhéadfadh, murach sin, a gcéannacht a cheilt laistiar de struchtúir anaithnide den sórt sin. Ceanglaítear ar na Ballstáit i láthair na huaire a áirithiú go bhfaighidh eintitis chorparáideach agus eintitis dhlítheanacha eile, chomh maith le hiontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla eile, go bhfaighidh siad agus go gcoinneoidh siad faisnéis leordhóthanach chruinn atá cothrom le dáta maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil. Tá éagsúlacht ag baint, áfach, leis an méid trédhearcachta a bhíonn á forchur ag na Ballstáit. Is iomaí bealach éagsúil a léirmhínítear na rialacha sin, agus mar gheall air sin úsáidtear modhanna difriúla chun a shainaithint cé hé an t-úinéir tairbhiúil i gcás eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil ar leith. Is é is cúis leis sin, inter alia, modhanna neamhréireacha chun úinéireacht indíreach a ríomh i gcás eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil, agus difríochtaí idir córais dlí na mBallstát. Cuireann sé sin isteach ar an trédhearcacht a bhí beartaithe a bhaint amach. Is gá dá bhrí sin na rialacha a shoiléiriú maidir le sainmhíniú comhsheasmhach a fháil ar úinéir tairbhiúil agus maidir lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh.
|
|
(105)
|
Agus na rialacha maidir le húinéireacht thairbhiúil a shainaithint i gcás eintiteas dlítheanach, chomh maith le socruithe dlíthiúla, á gcur i bhfeidhm, is féidir le ceisteanna cur chun feidhme teacht chun cinn nuair a bhíonn cásanna nithiúla roimh gheallsealbhóirí ábhartha, go háirithe i gcás struchtúir chorparáideacha chasta, i gcás inar ann do chritéir leasa úinéireachta agus rialaithe an tráth céanna, nó chun úinéireacht nó rialú indíreach a chinneadh. Chun tacú le heintitis dhlítheanacha, iontaobhaithe nó daoine ag a bhfuil post coibhéiseach i socruithe dlíthiúla comhchosúla agus eintitis eile faoi oibleagáid na rialacha sin a chur i bhfeidhm, agus i gcomhréir le sprioc chomhchuibhithe an Rialacháin seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann treoirlínte a ghlacadh ina leagtar amach conas atá rialacha le cur i bhfeidhm chun na húinéirí tairbhiúla a shainaithint i gcásanna éagsúla, lena n-áirítear trí shamplaí cásanna.
|
|
(106)
|
Chun na húinéirí tairbhiúla a shainaithint ar bhealach fiúntach ní mór a chinneadh cé acu a fheidhmítear nó nach bhfeidhmítear rialú ar bhealaí eile. Is gá cinneadh a dhéanamh an bhfuil ann do leas úinéireachta nó rialú trí leas úinéireachta ach ní leor é sin amháin agus ní eisiatar an gá chun na seiceálacha a dhéanamh chun na húinéirí tairbhiúla a chinneadh. An tástáil lena chinneadh cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn aon duine nádúrtha rialú trí bhealaí eile, ní tástáil iardain é sin nach ndéanfar ach amháin nuair nach féidir leas úinéireachta a chinneadh. Ba cheart an dá thástáil, is é sin an tástáil maidir le an bhfuil an do leas úinéireachta nó rialú trí leas úinéireachta agus an tástáil maidir le rialú trí bhealaí eile, a dhéanamh go comhuaineach.
|
|
(107)
|
Is iondúil gur féidir a shuí go bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag eintiteas corparáideach nuair is leis 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile. Ba cheart a chuimsiú le leas úinéireachta: cearta rialaithe agus cearta atá suntasach ó thaobh sochar a fháil, chomh maith leis an gceart sciar a fháil de bhrabúis nó d’acmhainní inmheánacha eile nó d’iarmhéid tar éis leachtú. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann, áfach, inarb airde an riosca go mbainfí mí-úsáid as catagóirí áirithe d’eintitis chorparáideacha chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, mar shampla mar gheall ar na hearnálacha ardriosca sonracha ina n-oibríonn na heintitis chorparáideacha sin. Sna cásanna sin, tá gá le bearta feabhsaithe trédhearcachta chun nach mbeidh sé tarraingteach do choirpigh na heintitis sin a chur ar bun nó sleamhnú isteach iontu trí úinéireacht nó rialú díreach nó indíreach. Chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann na leibhéil éagsúla riosca sin a mhaolú go leordhóthanach, is gá cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun na catagóirí sin d’eintitis chorparáideacha a shainaithint ar cheart dóibh a bheith faoi réir tairseacha níos ísle maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a shainaithníonn siad catagóirí d’eintitis chorparáideacha atá neamhchosanta ar ardrioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Sna fógraí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tairseach úinéireachta níos ísle a chur in iúl freisin a mheasann siad a d’fhéadfadh na rioscaí sin a mhaolú. Ba cheart an tsainaithint sin a bheith leanúnach agus ba cheart di a bheith ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais agus an mheasúnuithe riosca náisiúnta agus ar anailísí agus tuarascálacha ábhartha arna gcur i gcrích ag AMLA, Europol nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil ról acu i sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart an tairseach níos ísle sin a bheith íseal go leor chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí níos airde a bhaineann le mí-úsáid eintiteas corparáideach chun críoch coiriúil. Chuige sin, níor cheart an tairseach níos ísle sin a shocrú de ghnáth ar leibhéal níos mó ná 15 % de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann, áfach, ina mbeadh, ar bhonn measúnú riosca-íogair, tairseach níos airde níos comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint. Sna cásanna sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an tairseach a shocrú idir 15 % agus 25 % den leas úinéireachta.
|
|
(108)
|
De dheasca a chasta a bhíonn struchtúir úinéireachta agus rialaithe ilsrathacha, bíonn sé deacair na húinéirí tairbhiúla a shainaithint. Tá sé beartaithe leis an gcoincheap ‘struchtúr úinéireachta nó rialaithe’ cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil eintiteas dlítheanach faoi úinéireacht nó á rialú go hindíreach, nó a bhfuil an socrú dlíthiúil á rialú go hindíreach de bhua na ngaolmhaireachtaí idir eintitis dhlítheanacha nó socruithe ar fud sraitheanna iomadúla. Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ní mór na rialacha is infheidhme maidir leis na cásanna sin a shoiléiriú. Chun na críche sin, is gá a mheas go comhuaineach an bhfuil scairshealbhú díreach nó indíreach ina bhfuil 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile ag aon duine nádúrtha, agus an rialaíonn aon duine nádúrtha an scairshealbhóir díreach ag a bhfuil 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach. I gcás scairshealbhú indíreach, ba cheart na húinéirí tairbhiúla a shainaithint trí na scaireanna sa slabhra úinéireachta a iolrú. Chuige sin, ba cheart gach scair atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an duine nádúrtha chéanna a shuimiú. Chuige sin, ní mór scairshealbhú ar gach leibhéal úinéireachta a chur san áireamh. I gcás ina bhfuil 25 % de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach faoi úinéireacht scairshealbhóra ar eintiteas dlítheanach seachas eintiteas corparáideach é, ba cheart an úinéireacht thairbhiúil a chinneadh ag féachaint do struchtúr sonrach an scairshealbhóra, lena n-áirítear an rialaíonn aon duine nádúrtha é trí mhodhanna eile.
|
|
(109)
|
D’fhéadfadh sé a bheith níos deacra úinéir tairbhiúil eintitis chorparáidigh a chinneadh i gcásanna ina bhfuil scaireanna an eintitis chorparáidigh á gcoinneáil i socrú dlíthiúil, nó i gcás ina bhfuil siad á gcoinneáil ag fondúireacht nó eintiteas dlítheanach comhchosúil, i bhfianaise chineál agus chritéir sainaitheanta éagsúla na húinéireachta tairbhiúla idir eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla. Is gá, dá bhrí sin, rialacha soiléire a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin de struchtúr ilsrathach. Sna cásanna sin, ba cheart d’úinéirí tairbhiúla uile an tsocraithe dhlíthiúil nó an eintitis dhlítheanaigh atá comhchosúil mar shampla fondúireacht a bheith ina n-úinéirí tairbhiúla ar an eintiteas corparáideacha bhfuil a chuid scaireanna á gcoinneáil sa socrú dlíthiúil nó ag an bhfondúireacht.
|
|
(110)
|
Ní mór comhthuiscint ar choincheap an rialaithe agus sainmhíniú níos beaichte ar na modhanna rialaithe a bheith in ann chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart a thuiscint as rialú go bhfuil an feidhmchumas ag duine a thoil a bhrú ar eintiteas corparáideach agus cinntí á ndéanamh ag an eintiteas sin maidir le saincheisteanna substainteacha. Is é sciar tromlach na gceart vótála a bheith ag duine an gnáthmhodh rialaithe. Is féidir suíomh an úinéara thairbhiúil a shuí freisin trí rialú trí mhodhanna eile gan leas suntasach úinéireachta a bheith aige, nó gan aon leas úinéireachta a bheith aige. Ar an gcúis sin, chun a fhionnadh cé na daoine aonair uile is úinéirí tairbhiúla eintitis dhlítheanaigh iad, ba cheart rialú a shainaithint go neamhspleách ar leas úinéireachta. De ghnáth, is féidir gach aon mhodh a úsáid chun eintiteas a rialú, lena n-áirítear modhanna dlíthiúla agus neamhdhlíthiúla. D’fhéadfaí na modhanna sin a chur san áireamh chun a mheas an ndéantar an rialú trí mhodhanna eile, ag brath ar chás sonrach gach eintitis dhlítheanaigh.
|
|
(111)
|
D’fhéadfaí úinéireacht nó rialú indíreach a idirghabháil trí naisc iolracha i slabhra nó trí shlabhraí aonair nó idirnasctha iomadúla. D’fhéadfadh aon duine nádúrtha nó dhlítheanach nó socrú dlíthiúil a bheith i gceist le nasc i slabhra. D’fhéadfadh leas úinéireachta nó cearta vótála nó modhanna eile rialaithe a bheith i gceist leis na gaolmhaireachtaí idir na naisc. Sna cásanna sin, nuair atá leas úinéireachta agus rialú ann i gcomhthráth sa struchtúr úinéireachta, ní mór rialacha sonracha mionsonraithe maidir le sainaithint na húinéireachta tairbhiúla a bheith ann chun tacú le cur chuige comhchuibhithe maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint.
|
|
(112)
|
Chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, ba cheart an réimse is leithne is féidir d’eintitis dhlítheanacha agus de shocruithe dlíthiúla arna gcruthú nó arna gcur ar bun ar chríoch na mBallstát a chumhdach le rialacha maidir le húinéireacht thairbhiúil. Áirítear leis sin eintitis chorparáideacha, arb é is príomhthréith dóibh an fhéidearthacht leas úinéireachta a shealbhú iontu, chomh maith le heintitis dhlítheanacha eile agus socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite. I ngeall ar dhifríochtaí i gcórais dlí na mBallstát, cuimsítear leis na catagóirí leathana sin meascán de struchtúir eagraíochtúla éagsúla. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta de na cineálacha eintiteas dlítheanach ina sainaithnítear na húinéirí tairbhiúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint i gcás eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlítheanacha eile araon.
|
|
(113)
|
Mar gheall ar chineál sonrach eintiteas dlítheanach áirithe, mar shampla comhlachais, ceardchumainn, páirtithe polaitiúla nó eaglaisí, ní dhéantar na húinéirí tairbhiúla sin a shainaithint go fiúntach bunaithe ar leasanna úinéireachta nó ar bhallraíocht. Sna cásanna sin, áfach, is féidir go rialaíonn na hoifigigh bainistíochta sinsearaí an t-eintiteas dlítheanach ar bhealaí eile. Sna cásanna sin, ba cheart a thuairisciú gurb na hoifigigh sin na húinéirí tairbhiúla.
|
|
(114)
|
Chun a áirithiú go mbeifear in ann úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus eintiteas dlítheanach comhchosúil a shainaithint go comhsheasmhach, mar shampla fondúireachtaí, nó socruithe dlíthiúla comhchosúil, ní mór rialacha comhchuibhithe maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagan síos. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta de na cineálacha eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite i gcás ina sainaithnítear na húinéirí tairbhiúla de bhun shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla i gcás iontaobhais shainráite agus eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla comhchosúla. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann liosta a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar liosta é de shocruithe dlíthiúla agus d’eintitis dhlítheanacha atá á rialú ag dlí na mBallstát agus ag a bhfuil struchtúr nó feidhm atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite.
|
|
(115)
|
Tugann iontaobhais lánroghnacha rogha dá n-iontaobhaithe maidir le leithdháileadh shócmhainní an iontaobhais nó na sochar a dhíorthaítear uathu. Mar sin, ní chinntear aon tairbhithe ná aicme tairbhithe ón tús, ach cinntear an grúpa daoine óna bhféadfaidh na hiontaobhaithe na tairbhithe a roghnú nó daoine a bheidh ina dtairbhithe mura bhfeidhmeodh na hiontaobhaithe a lánrogha. Mar a tugadh faoi deara san athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar chaighdeáin FATF maidir le socruithe dlíthiúla, is féidir mí-úsáid a bhaint as an lánrogha sin agus úinéireacht thairbhiúil a dhoiléiriú, mura bhforchuirfí íosleibhéal trédhearcachta maidir le hiontaobhais lánroghnacha freisin, toisc nach mbeadh trédhearcacht i leith tairbhithe ach amháin dá bhfeidhmeofaí na hiontaobhaithe a lánrogha. Dá bhrí sin, chun trédhearcacht leordhóthanach agus chomhsheasmhach a áirithiú do gach cineál socraithe dhlíthiúil, tá sé tábhachtach, i gcás iontaobhais lánroghnacha, go mbaileofaí faisnéis faoi ábhair chumhacht an iontaobhaí, agus faoi na faighteoirí i gcás mainneachtana a gheobhadh na sócmhainní nó na sochair mura bhfeidhmeodh na hiontaobhaithe a lánrogha. Tá cásanna ann nach bhféadfadh ábhair chumhachta nó faighteoirí i gcás mainneachtana a shainaithint ina n-aonar, ach mar aicme. Sna cásanna sin, ba cheart faisnéis faoin aicme a bhailiú, chomh maith le faisnéis faoi na daoine aonair a roghnaítear as an aicme sin.
|
|
(116)
|
Tá éagsúlacht sna saintréithe a bhíonn ag iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla sna Ballstáit. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú, is iomchuí comhphrionsabail a leagan amach maidir le sainaithint na socruithe sin. Is iontaobhais a chuirtear ar bun ar thionscnamh an tsocraitheora iad iontaobhais shainráite. Maidir le hiontaobhais arna mbunú le dlí nó nár cuireadh ar bun mar thoradh ar rún sainráite an tsocraitheora, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. De ghnáth cuirtear iontaobhais shainráite ar bun i bhfoirm doiciméid ar nós gníomhas i scríbhinn nó ionstraim iontaobhais i scríbhinn agus is iondúil go gcomhlíonann siad riachtanas gnó nó pearsanta. Maidir le socruithe gan pearsantacht dhlítheanach atá comhchosúil ó thaobh struchtúir nó feidhmeanna de, is socruithe dlíthiúla iad atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite. Ní hé ainmniú an chineáil socraithe dhlíthiúil an toisc chinntitheach, ach comhlíonadh na ngnéithe bunúsacha den sainmhíniú ar iontaobhas sainráite, eadhon, rún an tsocraitheora na sócmhainní a chur faoi riar agus rialú duine áirithe chun críche sonraithe, ar críoch de chineál gnó nó pearsanta é de ghnáth, mar shampla leas na dtairbhithe. Chun a áirithiú go sainaithnítear úinéirí tairbhiúla na socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i bhfoirm liosta de na cineálacha socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite. Ba cheart measúnú a bheith ag gabháil leis an bhfógra sin lena dtugtar údar le socruithe dlíthiúla áirithe a shainaithint mar shocruithe atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite agus lena mínítear an fáth ar measadh go bhfuil socruithe dlíthiúla eile neamhchosúil ó thaobh struchtúir nó feidhme de le hiontaobhais shainráite. Agus an measúnú sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit na socruithe dlíthiúla uile a rialaítear faoina ndlí a chur san áireamh.
|
|
(117)
|
I ndáil le cineálacha eintiteas dlítheanach áirithe, mar shampla fondúireachtaí, iontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla, ní féidir tairbhithe aonair a shainaithint toisc go bhfuil siad fós le cinneadh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart, san fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, cur síos a áireamh ina ionad sin ar aicme na dtairbhithe agus a saintréithe. A luaithe a ainmneofar tairbhithe laistigh den aicme sin, is iad a bheidh ina n-úinéirí tairbhiúla. Ina theannta sin, tá cineálacha sonracha daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla ann i gcás inar ann do thairbhithe, ach nach bhfuil sé comhréireach iad a shainaithint i ndáil leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na daoine dlítheanacha sin nó leis na socruithe dlíthiúla sin. Is é sin an cás i ndáil le táirgí rialáilte mar shampla scéimeanna pinsin a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i ndáil le scéimeanna úinéireachta airgeadais nó rannpháirtíochta fostaithe, nó eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla a bhfuil cuspóir neamhbhrabúis nó carthanachta acu, ar choinníoll gurb íseal na rioscaí a bhaineann leis na daoine dlítheanacha agus na socruithe dlíthiúla sin. Sna cásanna sin, ba cheart é a bheith leordhóthanach aicme na dtairbhithe a shainaithint.
|
|
(118)
|
Maidir le scéimeanna pinsin a rialáiltear le Treoir (AE) 2016/2341, is táirgí rialáilte iad atá faoi réir dianchaighdeáin mhaoirseachta lena mbaineann rioscaí ísle maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Nuair a bhunaítear na scéimeanna pinsin sin i bhfoirm socraithe dhlíthiúil, is fostaithe agus oibrithe a bhraitheann ar na táirgí sin iad a dtairbhithe, atá nasctha lena gconarthaí fostaíochta, chun a sochair scoir a bhainistiú. I ngeall ar chineál sonrach an tsochair scoir, lena mbaineann riosca íseal go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, níor cheart é a bheith comhréireach a cheangal go sainaithneofaí gach tairbhí de na tairbhithe sin, agus ba cheart é a bheith leordhóthanach an aicme agus a saintréith a shainaithint chun oibleagáidí trédhearcachta a chomhlíonadh.
|
|
(119)
|
Chun a áirithiú go mbeifear in ann úinéirí tairbhiúla gnóthas comhinfheistíochta a shainaithint go comhsheasmhach, is gá rialacha comhchuibhithe maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagan síos. Gan beann ar cé acu is ann nó nach ann sa Bhallstát do na gnóthais comhinfheistíochta i bhfoirm socraithe dhlíthiúil gan pearsantacht dhlítheanach, i bhfoirm eintitis dhlítheanaigh a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, nó in aon fhoirm eile, ba cheart an cur chuige i leith shainaithint an úinéara thairbhiúil a bheith comhsheasmhach lena gcuspóir agus lena bhfeidhm.
|
|
(120)
|
Ina theannta sin, chun go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ann maidir leis an gcóras trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil, ní mór a áirithiú go mbailítear an fhaisnéis chéanna maidir le húinéirí tairbhiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Is iomchuí ceanglais bheachta a thabhairt isteach maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a bhailiú i ngach cás. Áirítear san fhaisnéis sin tacar íosta sonraí pearsanta maidir leis an úinéir tairbhiúil, faisnéis ar chineál agus méid an leasa thairbhiúil atá á choinneáil san eintiteas dlítheanach nó sa socrú dlíthiúil agus faisnéis maidir leis an eintiteas dlítheanach nó leis an socrú dlíthiúil, atá riachtanach chun go n-áiritheofar sainaithint iomchuí an duine nádúrtha arb é an t-úinéir tairbhiúil é agus na gcúiseanna ar sainaithníodh an duine nádúrtha sin mar úinéir tairbhiúil.
|
|
(121)
|
Chun creat trédhearcachta éifeachtach maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith ann, ní mór faisnéis a bhailiú trí bhealaí éagsúla. Áirítear leis an gcur chuige ilchineálach sin an fhaisnéis atá á coinneáil ag an eintiteas dlítheanach nó ag an iontaobhaí iontaobhais shainráite nó ag daoine a bhfuil post coibhéiseach acu féin i socrú dlíthiúil comhchosúil, an fhaisnéis a fhaigheann eintitis faoi oibleagáid i gcomhthéacs dícheall cuí do chustaiméirí, agus an fhaisnéis atá á coinneáil i gcláir lárnacha. Cuidíonn cros-seiceáil faisnéise idir na colúin sin lena áirithiú go bhfuil faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta i ngach colún. Chuige sin, agus ionas nach mbeidh neamhréireachtaí ann de dheasca cineálacha cur chuige éagsúla, tá sé tábhachtach na catagóirí sonraí sin ba cheart a bhailiú i gcónaí a shainaithint chun a áirithiú gur leor an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil. Áirítear leis sin faisnéis bhunúsach faoin eintiteas dlítheanach agus faoin socrú dlíthiúil a bhailiú, ar réamhchoinníoll é sin lena bhféadfaidh an t-eintiteas féin nó an socrú féin a struchtúr a thuiscint, bíodh sin trí úinéireacht nó trí rialú.
|
|
(122)
|
Nuair is cuid de struchtúr casta iad eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla, bíonn soiléireacht maidir lena struchtúr úinéireachta nó rialaithe ríthábhachtach chun a fhionnadh cé hiad na húinéirí tairbhiúla atá orthu. Chuige sin, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla go soiléir na gaolmhaireachtaí trína sealbhaítear nó trína rialaítear iad go hindíreach, lena n-áirítear na céimeanna idirmheánacha sin go léir idir na húinéirí tairbhiúla agus an t-eintiteas dlítheanach féin nó an socrú dlíthiúil féin, cibé acu atá na gaolmhaireachtaí sin i bhfoirm eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla eile nó i bhfoirm gaolmhaireachtaí ainmnitheacha. Tríd an struchtúr úinéireachta agus rialaithe a shainaithint, is féidir sainaithint a dhéanamh ar na bealaí ina mbunaítear úinéireacht eintitis dhlítheanaigh nó inar féidir é a rialú agus, dá bhrí sin, tá an tsainaithint sin fíor-riachtanach maidir le tuiscint chuimsitheach a fháil ar shuíomh an úinéara thairbhiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, cur síos ar struchtúr na gaolmhaireachta a áireamh i bhfaisnéis faoin úinéir thairbhiúil i gcónaí.
|
|
(123)
|
Mar bhonn taca faoi chreat éifeachtach maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla tá an t-eolas atá ag eintitis dhlítheanacha ar na daoine nádúrtha arb iad a n-úinéirí tairbhiúla iad. Dá réir sin, ba cheart do gach eintiteas dlítheanach san Aontas faisnéis leormhaith, chruinn agus cothrom le dáta faoi úinéireacht thairbhiúil a fháil agus a choinneáil. Ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil ar feadh 5 bliana agus ba cheart céannacht an duine atá freagrach as an bhfaisnéis sin a choinneáil a thuairisciú do na cláir lárnacha. Beidh an tréimhse choinneála sin coibhéiseach leis an tréimhse ar ar a feadh nach mór faisnéis a choinneáil a fhaightear trí chur i bhfeidhm cheanglais AML/CFT, mar shampla bearta díchill chuí do chustaiméirí. Chun a áirithiú go bhféadfar faisnéis a chros-seiceáil agus a fhíorú, mar shampla tríd an sásra maidir le tuairisciú neamhréireachta, tá údar maith lena áirithiú go n-ailínítear na tréimhsí ábhartha le haghaidh coinneáil sonraí.
|
|
(124)
|
Chun a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil cothrom le dáta, ba cheart don eintiteas dlítheanach an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta díreach tar éis aon athrú agus í a fhíorú go tréimhsiúil, mar shampla tráth a gcuirtear na ráitis airgeadais isteach nó tráth idirghníomhaíocht atriallach eile le húdaráis phoiblí. Ba cheart an sprioc-am chun an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta a bheith réasúnach i bhfianaise cásanna casta a d’fhéadfadh a bheith ann.
|
|
(125)
|
Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha gach beart is gá a dhéanamh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann áfach, cásanna nach féidir an duine ar leis nó a rialaíonn eintiteas a shainaithint. Sna cásanna eisceachtúla sin, ar choinníoll gur baineadh triail as gach modh sainaitheanta, ba cheart a bheith in ann tuairisc a thabhairt ar oifigigh bainistíochta sinsearaí in ionad na n-úinéirí tairbhiúla agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar d’eintitis faoi oibleagáid mar chuid den phróiseas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí nó nuair a bheidh an fhaisnéis á cur faoi bhráid an chláir lárnaigh. Cé go sainaithnítear iad sna cásanna sin, ní hiad na hoifigigh bainistíochta sinsearaí na húinéirí tairbhiúla. Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha taifid a choimeád de na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint, go háirithe nuair a bhraitheann siad ar an mbeart sin mar rogha dheiridh, rud lenar cheart údar cuí a thabhairt agus ar cheart é a dhoiciméadú.
|
|
(126)
|
Níor cheart deacrachtaí maidir leis an bhfaisnéis a fháil a bheith ina gcúis bhailí gan iarracht a dhéanamh i leith na sainaitheanta agus chun an bhainistíocht shinsearach a thuairisciú ina ionad sin. Dá bhrí sin, ba cheart eintitis dhlítheanacha a bheith in ann bunús a thabhairt i gcónaí lena n-amhras maidir le fírinneacht na faisnéise arna bailiú. Ba cheart an réasúnú sin a bheith comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an eintiteas dlítheanach agus le castacht a struchtúir úinéireachta. Go háirithe, ba cheart taifead na ngníomhaíochtaí a rinneadh a sholáthar go pras do na húdaráis inniúla nuair is gá agus, ar bhonn riosca-íogair, ba cheart a bheith in ann rúin ón mbord stiúrthóirí agus miontuairiscí a chruinnithe, comhaontuithe comhpháirtíochta, dintiúir iontaobhais, socruithe neamhfhoirmiúla lena gcinntítear cumhachtaí atá coibhéiseach le cumhachtaí aturnae nó le comhaontuithe conarthacha agus doiciméid eile a áireamh ann. I gcásanna inar léir nach ann d’úinéir tairbhiúil maidir le foirm agus struchtúr sonrach an eintitis dhlítheanaigh, ba cheart an réasúnú a thuiscint mar thagairt don fhíoras sin, eadhon. nach bhfuil úinéir tairbhiúil ag an eintiteas dlítheanach mar gheall ar a fhoirm agus a struchtúr sonrach. D’fhéadfadh nach mbeadh úinéirí tairbhiúla den sórt sin ann, i gcás, mar shampla, nach bhfuil aon leas úinéireachta san eintiteas dlítheanach, ná nach féidir eintiteas dlítheanach a rialú ar deireadh ar bhealach eile.
|
|
(127)
|
I bhfianaise na críche maidir le húinéireacht thairbhiúil a chinneadh, is é sin trédhearcacht éifeachtach maidir le heintitis dhlítheanacha a áirithiú, tá sé comhréireach eintitis áirithe a dhíolmhú ón oibleagáid a n-úinéir tairbhiúil a shainaithint. Ní féidir córas den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le heintitis nach bhfuil sainaithint agus clárú a n-úinéirí tairbhiúla úsáideach ina leith agus i gcás ina mbaintear amach leibhéal comhchosúil trédhearcachta ar bhealaí seachas trí úinéireacht thairbhiúil a fhionnadh. I ndáil leis sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar chomhlachtaí arna rialú ag dlí poiblí na mBallstát a n-úinéir tairbhiúil a chinneadh. Le Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), tugadh isteach diancheanglais trédhearcachta le haghaidh cuideachtaí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. In imthosca áirithe, féadfaidh na ceanglais trédhearcachta sin córas trédhearcachta atá coibhéiseach leis na rialacha trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach. Is amhlaidh atá i gcás ina bhfeidhmítear an rialú trí chearta vótála, agus nach n-áirítear ach daoine nádúrtha ar struchtúr úinéireachta nó rialaithe na cuideachta. Sna himthosca sin, ní gá ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí liostaithe sin. Níor cheart don díolúine d’eintitis dhlítheanacha ón oibleagáid a n-úinéir tairbhiúil féin a chinneadh agus an méid sin a chlárú difear a dhéanamh don oibleagáid atá ar eintitis faoi oibleagáid úinéir tairbhiúil custaiméara a shainaithint agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh acu.
|
|
(128)
|
Is gá a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta idir na cineálacha difriúla foirmeacha dlíthiúla agus ionas nach mbainfear mí-úsáid as iontaobhais shainráite agus as socruithe dlíthiúla, rudaí a bhíonn srathaithe i struchtúir chasta go minic chun doiléire bhreise a chur lena n-úinéireacht thairbhiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, d’iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite a riartar i mBallstát nó atá bunaithe nó a chónaíonn i mBallstát a bheith freagrach as faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta maidir leis an iontaobhas sainráite a fháil agus a choinneáil, agus as a stádas a nochtadh agus an fhaisnéis sin a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid atá ag tabhairt faoi dhícheall cuí do chustaiméirí. Ba cheart d’aon úinéir tairbhiúil eile de chuid an iontaobhais shainráite cúnamh a thabhairt don iontaobhaí chun an fhaisnéis sin a fháil.
|
|
(129)
|
Mar gheall ar chineál na socruithe dlíthiúla agus an easpa poiblíochta maidir lena struchtúir agus a gcuspóir, cuirtear dualgas ar leith ar na hiontaobhaithe nó ar na daoine i bpoist choibhéiseacha i socruithe dlíthiúla comhchosúla gach faisnéis ábhartha faoin socrú dlíthiúil a fháil agus a choinneáil. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart a bheith in ann an socrú dlíthiúil, na sócmhainní a chuirtear ann nó a riartar tríd, agus aon ghníomhaire nó soláthraí seirbhíse san iontaobhas, a shainaithint. Chun gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil a éascú maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, tá sé tábhachtach go gcoinneoidh iontaobhaithe an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus go gcoinneoidh siad í ar feadh tréimhse leordhóthanach tar éis dóibh scor dá ról mar iontaobhaithe nó a gcoibhéis. Is gá méid bunúsach faisnéise faoin socrú dlíthiúil a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid freisin chun a chur ar a gcumas cuspóir na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh a bhaineann leis an socrú dlíthiúil a fhionnadh go hiomlán, measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar na rioscaí gaolmhara, agus bearta comhchuimseacha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú.
|
|
(130)
|
I bhfianaise an struchtúir shonraigh a bhíonn ag socruithe dlíthiúla ar leith, agus i bhfianaise an ghá atá ann a áirithiú go mbeidh trédhearcacht leordhóthanach ann maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, ba cheart do shocruithe dlíthiúla atá cosúil le hiontaobhais shainráite a bheith faoi réir ceanglais úinéireachta tairbhiúla is coibhéiseach leo sin a bhfuil feidhm acu maidir le hiontaobhais shainráite.
|
|
(131)
|
Le socruithe i gcomhair ainmnithigh is féidir céannacht na n-úinéirí tairbhiúla a cheilt, toisc go bhféadfadh ainmnitheach gníomhú mar stiúrthóir nó scairshealbhóir de chuid eintitis dhlítheanaigh agus ní nochtar an t-ainmneoir i gcónaí. D’fhéadfaí, leis na socruithe sin, an úinéireacht thairbhiúil agus an struchtúr rialaithe a chur faoi cheilt, i gcás nach mian le húinéirí tairbhiúla a gcéannacht nó a ról laistigh díobh a nochtadh. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais trédhearcachta a thabhairt isteach ionas nach mbainfear mí-úsáid as socruithe den sórt sin agus gan ceadú do choirpigh iad féin a fholú laistiar de dhaoine a bhíonn ag gníomhú ar a son. Ní chinntear an ghaolmhaireacht idir an t-ainmní agus an t-ainmneoir trína fhionnadh an bhfuil éifeacht aige ar an bpobal nó ar thríú páirtithe. Cé go ndéanfadh scairshealbhóirí ainmnitheacha a bhfuil a n-ainm i dtaifid phoiblí nó oifigiúla rialú foirmiúil neamhspleách ar an gcomhlacht, ba cheart a cheangal orthu a chur in iúl an bhfuil siad ag gníomhú ar threoracha ó dhuine eile ar bhonn comhaontú príobháideach. Maidir le heintitis dhlítheanacha, ba cheart dá scairshealbhóirí ainmnitheacha agus dá stiúrthóirí ainmnitheacha faisnéis leordhóthanach a choimeád maidir le céannacht a n-ainmneora chomh maith le céannacht aon úinéara thairbhiúil eile de chuid an ainmneora agus iad a nochtadh chomh maith lena stádas i ndáil leis na heintitis dhlítheanacha. Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha an fhaisnéis chéanna a thuairisciú d’eintitis faoi oibleagáid, nuair a chuirtear bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm, agus do na cláir lárnacha.
|
|
(132)
|
Maidir leis na rioscaí a chruthaíonn eintitis dhlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha, a mbaintear mí-úsáid astu chun fáltais cistí a threorú isteach i gcóras airgeadais an Aontais, ní mór na rioscaí sin a mhaolú. Ós rud é go bhféadfadh sé nach leordhóthanach na caighdeáin maidir le húinéireacht thairbhiúil atá i bhfeidhm i dtríú tíortha lena gceadófaí an leibhéal céanna trédhearcachta agus infhaighteachta caoithiúla faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil mar atá san Aontas, ní mór modhanna leordhóthanacha a áirithiú chun úinéirí tairbhiúla eintiteas dlítheanach eachtrach nó socruithe dlíthiúla eachtracha a shainaithint in imthosca sonracha. Dá bhrí sin, eintitis dhlítheanacha arna gcruthú lasmuigh den Aontas agus ar iontaobhais shainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla arna riar lasmuigh den Aontas nó a bhfuil a n-iontaobhaithe nó a daoine ag a bhfuil post coibhéiseach ina gcónaí lasmuigh den Aontas nó bunaithe lasmuigh den Aontas ba cheart a cheangal orthu a n-úinéirí tairbhiúla a nochtadh i gcás ina n-oibríonn siad san Aontas trí ghaolmhaireacht gnó a chruthú le heintiteas faoi oibleagáid de chuid an Aontais, trí réadmhaoin a fháil san Aontas nó earraí ardluacha áirithe a fháil ó eintitis faoi oibleagáid atá lonnaithe san Aontas, nó trí chonradh a dhámhachtain dóibh tar éis nós imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí, agus seirbhísí, nó lamháltas. D’fhéadfadh éagsúlachtaí a bheith ann sa neamhchosaint ar riosca ar fud na mBallstát, lena n-áirítear riosca a bhraitheann ar chatagóir nó ar chineál na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid agus ar tharraingteacht na réadmhaoine ar a gcríoch i súile na gcoirpeach. Dá bhrí sin, i gcás ina sainaithníonn na Ballstáit cásanna lena mbaineann riosca níos airde, ba cheart dóibh bheith in ann bearta maolaitheacha breise a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.
|
|
(133)
|
Ba cheart na ceanglais chlárúcháin le haghaidh eintitis dhlítheanacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla eachtracha a bheith comhréireach leis na rioscaí a bhaineann lena n-oibríochtaí san Aontas. Ós rud é go bhfuil margadh inmheánach an Aontais oscailte, agus ós rud é go mbaineann eintitis dhlítheanacha eachtracha úsáid as na seirbhísí a thairgeann eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe san Aontas, a bhfuil baint ag go leor acu le rioscaí níos ísle maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta, is iomchuí an ceanglas clárúcháin a theorannú d’eintitis dhlítheanacha a bhaineann le hearnálacha ardriosca nó a oibríonn i gcatagóirí riosca níos airde nó a fhaigheann seirbhísí ó eintitis faoi oibleagáid a oibríonn in earnálacha lena mbaineann rioscaí níos airde. Le cineál príobháideach na socruithe dlíthiúla, agus na bacainní ar rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil i gcás socruithe dlíthiúla eachtracha, tugtar údar le ceanglas clárúcháin a chur i bhfeidhm gan beann ar an leibhéal riosca a bhaineann leis an eintiteas faoi oibleagáid a sholáthraíonn seirbhísí don socrú dlíthiúil, nó, i gcás inarb ábhartha, leis an earnáil ina n-oibríonn an socrú dlíthiúil. Ba cheart tagairt don mheasúnú riosca ar leibhéal an Aontais faoi Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640 a thuiscint mar thagairt don mheasúnú riosca arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/849 go dtí an chéad uair a eiseofar an tuarascáil faoi Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
(134)
|
Chun comhlíonadh a spreagadh agus chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú maidir le húinéireacht thairbhiúil, ní mór na ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhorfheidhmiú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm as na ceanglais sin a shárú. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun comhlíonadh a spreagadh. Ba cheart do na pionóis arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit éifeacht dhíspreagthach choibhéiseach a bheith acu ar fud an Aontais i gcás ina sáraítear ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil. Ba cheart a bheith in ann a áireamh le pionóis, mar shampla, fíneálacha i gcás eintitis dhlítheanacha agus iontaobhaithe nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil a fhorchuirtear i gcás mainneachtain faisnéis chruinn, leormhaith nó cothrom le dáta a shealbhú faoi úinéireacht thairbhiúil, baint anuas na n-eintiteas dlítheanach nach gcomhlíonann an oibleagáid maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a choinneáil nó maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chur isteach laistigh de sprioc-am ar leith, fíneálacha i gcás úinéirí tairbhiúla agus daoine eile nach dtéann i gcomhar le heintiteas dlítheanach nó iontaobhaí iontaobhais shainráite nó duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil, fíneálacha i gcás scairshealbhóirí ainmnitheacha agus stiúrthóirí ainmnitheacha nach gcomhlíonann an oibleagáid nochta, nó iarmhairtí dlí phríobháidigh i gcás úinéirí tairbhiúla nár nochtadh mar thoirmeasc ar bhrabúis a íoc nó toirmeasc ar fheidhmiú ceart vótála.
|
|
(135)
|
D’fhonn cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith ceanglais úinéireachta tairbhiúla a fhorfheidhmiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na catagóirí sáruithe atá faoi réir pionós agus na daoine atá faoi dhliteanas i leith na sáruithe sin a shainiú, chomh maith le táscairí maidir le leibhéal na tromchúise agus critéir chun leibhéal na bpionós a chinneadh. Thairis sin, chun tacú le cinneadh maidir leis an leibhéal sin, agus i gcomhréir le sprioc chomhchuibhithe an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoirlínte a ghlacadh ina leagtar amach na bunmhéideanna ar cheart feidhm a bheith acu maidir le gach catagóir sáraithe.
|
|
(136)
|
Ba cheart idirbhearta amhrasacha, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta a dhéanamh, agus faisnéis eile atá ábhartha don sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta, a thuairisciú don FIU, ar cheart dó feidhmiú mar aonad náisiúnta lárnach aonair chun amhras a tuairiscíodh a fháil agus a anailísiú agus chun torthaí a anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla. Ba cheart gach idirbheart amhrasach, lena n-áirítear iarrachtaí ar idirbhearta, a thuairisciú, gan beann ar mhéid an idirbhirt, agus ba cheart an tagairt d’amhras a thuiscint amhail agus go n-áirítear léi idirbhearta amhrasacha, gníomhaíochtaí amhrasacha, iompar amhrasach agus patrúin idirbheart amhrasacha. D’fhéadfadh faisnéis thairseachbhunaithe a bheith ar áireamh freisin san fhaisnéis thuairiscithe. Chun tacú le heintitis faoi oibleagáid agus amhras á bhrath acu, ba cheart do AMLA treoraíocht a eisiúint maidir le táscairí gníomhaíochta amhrasaí nó iompair amhrasaigh. I bhfianaise na timpeallachta riosca atá ag teacht chun cinn, ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an treoraíocht sin, agus níor cheart réamhbhreith a dhéanamh ar threoraíocht nó táscairí maidir le rioscaí agus modhanna sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithnítear ar an leibhéal náisiúnta arna n-eisiúint ag FIUnna. Maidir leis an nochtadh faisnéise a dhéanfaidh eintiteas faoi oibleagáid nó fostaí nó stiúrthóir d’eintiteas den sórt sin chuig an FIU de mheon macánta, níor cheart an nochtadh sin a mheas mar shárú i leith aon srian nochta faisnéise agus níor cheart an t-eintiteas faoi oibleagáid, a stiúrthóirí nó a fhostaithe a bheith faoi dhliteanas ar bith maidir leis.
|
|
(137)
|
Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid córais tuairiscithe chuimsitheacha a bhunú lena gcuimseofar gach amhras, gan beann ar luach ná ar thromchúis thuigthe na gníomhaíochta coiriúla lena mbaineann. Ba cheart dóibh a bheith ar an eolas faoina bhfuil súil ag FIUnna leis agus ba cheart dóibh, a mhéid is féidir, a gcórais bhraite agus a bpróisis anailíseacha a chur in oiriúint do na príomhrioscaí a mbíonn éifeacht acu ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe agus, i gcás inar gá, a n-anailís a dhíriú ar na príomhrioscaí sin.
|
|
(138)
|
Ba cheart idirbhearta a mheasúnú ar bhonn na faisnéise atá ar eolas nó ar cheart a bheith ar eolas ag an eintiteas faoi oibleagáid. Áirítear leis sin faisnéis ábhartha ó ghníomhairí, dáileoirí agus soláthraithe seirbhíse. I gcás nach eol nó nach léir don eintiteas faoi oibleagáid an bunchion preideacáide, comhlíontar an ról a bhaineann le hidirbhearta amhrasacha a shainaithint agus a thuairisciú ar bhealach níos éifeachtúla trí dhíriú ar amhras a bhrath agus tuairiscí a chur isteach go pras. Sna cásanna sin, ní gá don eintiteas faoi oibleagáid an cion preideacáide a shonrú agus idirbheart amhrasach á thuairisciú aige don FIU, murab eol dó é. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ba cheart í a áireamh sa tuairisc. Mar gheatóirí chóras airgeadais an Aontais, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann tuairisc a chur isteach freisin i gcás ina bhfuil a fhios acu nó ina bhfuil amhras orthu gur úsáideadh nó go n-úsáidfear cistí chun gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanamh, mar shampla earraí aindleathacha a cheannach, fiú mura léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil dóibh gur as foinsí aindleathacha a thagann na cistí a úsáideadh.
|
|
(139)
|
D’fhéadfadh difríochtaí in oibleagáidí maidir le tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha idir Ballstáit cur le deacrachtaí maidir le comhlíonadh chreat AML/CFT a bhíonn ag eintitis faoi oibleagáid a bhfuil láithreacht nó oibríochtaí trasteorann acu. Thairis sin, bíonn tionchar ag struchtúr agus inneachar na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha ar chumas an FIU anailís a dhéanamh agus ar chineál na hanailíse sin, agus freisin ar chumais an FIU dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú. Chun cuidiú le heintitis faoi oibleagáid a n-oibleagáidí um thuairisciú a chomhlíonadh agus feidhmiú níos éifeachtaí ghníomhaíochtaí anailíseacha agus chomhar an FIU a éascú, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonraítear teimpléad coiteann le haghaidh tuairisciú idirbheart amhrasach atá le húsáid mar bhunús aonfhoirmeach ar fud an Aontais.
|
|
(140)
|
Ba cheart FIUnna a bheith ábalta an fhaisnéis uile is gá a fháil go tapa ó aon eintiteas faoi oibleagáid a bhaineann le feidhmeanna an eintitis sin. Ní mór rochtain thapa gan srian a bheith acu ar fhaisnéis lena áirithiú gur féidir sreafaí airgid a rianú go cuí agus líonraí agus sreafaí aindleathacha a bhrath go luath. D’fhéadfadh sé go dteastódh ó FIUnna faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid bunaithe ar amhras sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, ar amhras é a spreag tuairisc chuig an FIU roimh ré ar idirbheart amhrasach, ach freisin bunaithe ar nithe eile mar shampla anailís a rinne an FIU féin, faisnéis a sholáthair údaráis inniúla nó faisnéis atá i seilbh FIU eile. Dá bhrí sin, ba cheart do FIUnna, i gcomhthéacs a gcuid feidhmeanna, a bheith ábalta faisnéis a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid, fiú gan tuairisc a fháil roimh ré. Go háirithe, is den ríthábhacht iad na taifid ar idirbhearta agus aistrithe airgid a dhéantar trí chuntas bainc, íocaíochta nó cripteashócmhainní le haghaidh obair anailíseach FIUnna. Mar sin féin, faoi láthair, mar gheall ar an easpa comhchuibhithe, soláthraíonn institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais taifid idirbheart do FIUnna i bhformáidí éagsúla nach féidir a úsáid go héasca le haghaidh anailíse. I bhfianaise chineál trasteorann ghníomhaíochtaí anailíseacha FIUnna, cuireann éagothromaíocht na bhformáidí agus na ndeacrachtaí a bhaineann le taifid ar idirbhearta a phróiseáil bac ar mhalartú faisnéise idir FIUnna agus ar fhorbairt anailísí airgeadais trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonraítear teimpléad coiteann le haghaidh soláthar taifead idirbheart ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais do FIUnna a bheidh le húsáid mar bhonn aonfhoirmeach ar fud an Aontais.
|
|
(141)
|
Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis ón FIU a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 5 lá oibre ó fhaightear an iarraidh sin nó laistigh d’aon sprioc-am níos giorra nó níos faide arna forchur ag an FIU. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá práinneach, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid freagra a thabhairt ar iarraidh an FIU laistigh de 24 uair an chloig. Ba cheart feidhm a bheith ag na sprioc-amanna sin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis atá bunaithe ar dhálaí atá sainithe go leordhóthanach. Ba cheart do FIU a bheith ábalta faisnéis a fháil ó eintitis faoi oibleagáid ar iarraidh arna déanamh ag FIU eile agus an fhaisnéis a mhalartú le FIU iarrthach. Is éagsúil cineál na n-iarrataí ar eintitis faoi oibleagáid. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil chun iarrataí casta a dhéanamh agus go mbeadh gá le sprioc-am fadaithe chun freagra a thabhairt orthu. Chuige sin, ba cheart do FIUnna a bheith in ann sprioc-amanna fadaithe a dheonú d’eintitis faoi oibleagáid, ar choinníoll nach mbeadh tionchar diúltach aige sin ar anailís an FIU.
|
|
(142)
|
I gcás eintitis áirithe faoi oibleagáid, ba cheart do na Ballstáit an fhéidearthacht a bheith acu comhlacht féinrialála iomchuí a ainmniú a chuirfear ar an eolas ar an gcéad ásc in ionad an FIU. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, is coimirce thábhachtach é, ionas go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe is infheidhme do dhlíodóirí, córas a bheith ann chun tuairisciú ar an gcéad ásc chuig comhlacht féinrialála. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna agus an tslí ina mbainfidh siad amach cosaint na rúndachta gairmiúla, na rúndachta agus na príobháideachta.
|
|
(143)
|
Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach aon fhaisnéis a fhaightear ó chliant dá gcuid nó faoi chliant dá gcuid a tharchur chuig an FIU nó chuig comhlacht féinrialála, le linn dóibh staid dhlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh, nó le linn dóibh an cliant sin a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, is cuma cé acu roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh a fhaightear an fhaisnéis sin. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an eisceacht sin i gcás ina bhfuil an gairmí dlí, an t-iniúchóir, an cuntasóir seachtrach nó an comhairleoir cánach rannpháirteach i sciúradh airgid nó i maoiniú sceimhlitheoireachta, ina soláthraítear an chomhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó i gcás ina bhfuil a fhios ag an ngairmí dlí, ag an iniúchóir, ag an gcuntasóir seachtrach nó ag an gcomhairleoir cánach go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Is féidir eolas agus cuspóir den sórt sin a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla. Níor cheart a mheas gur comhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta í comhairle dlí a lorgaítear i ndáil le himeachtaí breithiúnacha leanúnacha. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cásanna breise a shainaithint nach bhfuil feidhm ag an díolúine ón gceanglas tuairiscithe ina leith, ag féachaint don ardriosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cineálacha áirithe idirbheart. Agus na cásanna breise sin á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar Airteagail 7 agus 47 den Chairt go háirithe.
|
|
(144)
|
Go heisceachtúil, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann idirbhearta amhrasacha a dhéanamh sula gcuirfidh siad an FIU ar an eolas más rud é go bhfuil sé dodhéanta gan sin a dhéanamh nó más dócha go gcuirfeadh sé bac ar iarrachtaí chun dul sa tóir ar na tairbhithe in oibríocht amhrasta sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Níor cheart an eisceacht sin a agairt i ndáil le hidirbhearta lena mbaineann aon oibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag Ballstát an FIU chun cistí nó sócmhainní eile sceimhlitheoirí nó eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó cistí nó sócmhainní ar leo siúd a mhaoiníonn sceimhlitheoireacht a reo gan mhoill, i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó CSNA.
|
|
(145)
|
Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh rúndacht ann i ndáil le tuairisciú idirbheart amhrasach agus i ndáil le faisnéis ábhartha eile a sholáthar do FIUnna chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil sócmhainní a d’fhéadfadh a bheith nasctha le sciúradh airgid, leis na cionta preideacáide lena mbaineann nó le maoiniú sceimhlitheoireachta a reo agus a urghabháil. Ní thugann idirbheart a bheith amhrasach le fios go bhfuil gníomhaíocht choiriúil ar bun. Dá nochtfaí gur tuairiscíodh amhras, d’fhéadfadh sé sin smál a chaitheamh ar chlú na ndaoine atá páirteach san idirbheart agus feidhmiú na n-anailísí agus na n-imscrúduithe a chur i gcontúirt. Dá bhrí sin, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid agus a stiúrthóirí agus a bhfostaithe, nó daoine atá i bpost inchomparáide, gníomhairí agus dáileoirí san áireamh, an custaiméir lena mbaineann nó tríú páirtí a chur ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis á cur faoi bhráid an FIU, nó go gcuirfear faoi bhráid an FIU í, nó gur cuireadh faoi bhráid an FIU í, cibé acu go díreach nó tríd an gcomhlacht féinrialála, nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh, nó go bhféadfaí í a dhéanamh. Níor cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar nochtadh in imthosca sonracha a bhaineann, mar shampla, le nochtaí d’údaráis inniúla agus do chomhlachtaí féinrialála le linn dóibh feidhmeanna maoirseachta a dhéanamh, nó nochtaí chun críocha fhorfheidhmiú an dlí nó nuair a dhéantar na nochtaí idir eintitis faoi oibleagáid ar sa ghrúpa céanna iad.
|
|
(146)
|
Aistríonn coirpigh fáltais aindleathacha tríd an iliomad idirghabhálaithe chun brath a sheachaint. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go gceadaítear d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis a mhalartú, ní hamháin idir comhaltaí an ghrúpa, ach freisin i gcásanna áirithe idir institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais agus eintitis eile a fheidhmíonn laistigh de líonraí, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha cosanta sonraí. Nuair nach faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise a dhéantar é, níor cheart an nochtadh a cheadaítear idir catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid i gcásanna a bhaineann leis an idirbheart céanna a dhéanamh ach amháin maidir leis an idirbheart sonrach a dhéantar nó a éascaítear idir na heintitis sin faoi oibleagáid, agus ní maidir le hidirbhearta nasctha a rinneadh roimhe sin nó a dhéanfar ina dhiaidh sin.
|
|
(147)
|
Féadfaidh an malartú faisnéise idir na heintitis faoi oibleagáid agus, i gcás inarb infheidhme, idir údaráis inniúla, tuilleadh deiseanna a chur ar fáil chun sreafaí airgeadais aindleathacha a bhrath a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus fáltais ó choireacht. Ar an gcúis sin, ba cheart eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla a bheith in ann faisnéis a mhalartú faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise nuair a mheasann siad go bhfuil gá leis an gcomhroinnt sin chun a n-oibleagáidí agus a gcúraimí AML/CFT a chomhlíonadh. Ba cheart comhroinnt faisnéise a bheith faoi réir coimircí láidre maidir le rúndacht, cosaint sonraí, úsáid faisnéise agus nós imeachta coiriúil. Níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ag brath go hiomlán ar fhaisnéis a fhaightear tríd an malartú faisnéise chun teacht ar chonclúidí maidir leis an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an gcustaiméir nó leis an idirbheart nó chun cinntí a dhéanamh maidir le gaolmhaireacht gnó a bhunú nó a fhoirceannadh nó idirbheart a dhéanamh. Mar a aithnítear i dTreoir 2014/92/AE, is mó ná riamh ár spleáchas ar sholáthar uilíoch seirbhísí íocaíochta le haghaidh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus forbairt geilleagair nua-aimseartha atá cuimsitheach go sóisialta. Dá bhrí sin, níor cheart rochtain ar sheirbhísí airgeadais bunúsacha a dhiúltú ar bhonn na faisnéise a mhalartaítear idir eintitis faoi oibleagáid nó idir eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla nó AMLA.
|
|
(148)
|
Tá comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo faoi réir seiceálacha arna ndéanamh ag maoirseoirí. I gcás ina malartóidh eintitis faoi oibleagáid faisnéis faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, ba cheart a áireamh leis na seiceálacha sin comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos faoin Rialachán seo le haghaidh na malartuithe faisnéise sin. Cé gur cheart seiceálacha maoirseachta a bheith rioscabhunaithe, ba cheart iad a dhéanamh in aon chás sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise. D’fhéadfadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha eascairt as comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise ina ndéantar próiseáil sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) a dhéanamh sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta. I gcomhthéacs seiceálacha maoirseachta, ba cheart do mhaoirseoirí dul i gcomhairle, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis cosanta sonraí, arb iad na húdaráis sin amháin atá inniúil chun measúnú a dhéanamh ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí. Tá feidhm ag na forálacha cosanta sonraí agus na ceanglais uile a bhaineann le rúndacht faisnéise faoi idirbhearta amhrasacha atá sa Rialachán seo maidir le faisnéis a chomhroinntear faoi chuimsiú comhpháirtíochta. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos sonraí a choinneáil nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a oiriúnú chun ceanglais níos sonraí a sholáthar i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a mhalartaítear faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.
|
|
(149)
|
Cé go gcumasaíonn comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise malartú faisnéise oibríochtúla agus sonraí pearsanta faoi choimircí dochta, níor cheart na malartuithe sin a chur in ionad na gceanglas faoin Rialachán seo aon amhras a thuairisciú don FIU inniúil. Dá bhrí sin, nuair a shainaithníonn eintitis faoi oibleagáid gníomhaíochtaí amhrasacha ar bhonn faisnéis a fuarthas i gcomhthéacs comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, ba cheart dóibh an t-amhras sin a thuairisciú don FIU sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Is faoi réir rialacha níos déine a bhíonn faisnéis lena léirítear gníomhaíocht amhrasach, ar rialacha iad lena gcuirtear toirmeasc ar nochtadh na faisnéise sin, agus níor cheart í a chomhroinnt ach amháin nuair is gá chun sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac agus faoi réir coimircí lena gcosnaítear cearta bunúsacha, rúndacht obair FIU agus sláine imscrúduithe forfheidhmithe dlí.
|
|
(150)
|
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo. Aithnítear sna Ballstáit go léir gur ábhar spéise poiblí é comhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid aird ar leith a thabhairt ar na prionsabail lena gceanglaítear go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear le linn a n-oibleagáidí AML/CFT a chomhlíonadh cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta. Chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann próisis a ghlacadh lena gcumasaítear cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, mar a leagtar amach faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le cearta na ndaoine atá faoi réir na bpróiseas sin a choimirciú de bhreis ar aon cheanglais ábhartha eile a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint.
|
|
(151)
|
Tá sé ríthábhachtach creat AML/CFT a ailíniú le Moltaí FATF athbhreithnithe i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus cosaint ceart bunúsach mar a chumhdaítear sa Chairt. Baineann gnéithe áirithe de chur chun feidhme chreat AML/CFT le bailiú, anailísiú, stóráil agus comhroinnt sonraí. Níor cheart an phróiseáil sonraí pearsanta sin a cheadú, agus lánurraim á tabhairt an tráth céanna do chearta bunúsacha, ach amháin chun na gcríoch a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun dícheall cuí do chustaiméirí, faireachán, anailís agus tuairisciú leanúnach ar idirbhearta amhrasacha a dhéanamh, úinéir tairbhiúil duine dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil a shainaithint, duine faoi riteacht pholaitiúil a shainaithint agus comhroinnt faisnéise ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais agus ag eintitis eile faoi oibleagáid. Ba cheart bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eintitis faoi oibleagáid ina dhiaidh sin a bheith teoranta dá bhfuil riachtanach chun ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh agus níor cheart próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta ar bhealach nach bhfuil comhoiriúnach leis an gcuspóir sin. Ba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críoch tráchtála.
|
|
(152)
|
D’fhéadfadh rioscaí eascairt as próiseáil catagóirí áirithe de shonraí íogaire mar a shainmhínítear faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679, ar rioscaí iad do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha na ndaoine is ábhar do na sonraí sin. Chun na rioscaí a íoslaghdú go dtiocfadh as na sonraí sin a bheith á bpróiseáil ag eintitis faoi oibleagáid torthaí idirdhealaitheacha nó claonta ag a mbeadh tionchar díobhálach ar an gcustaiméir, amhail foirceannadh gaolmhaireachta gnó nó nach gcuirfí tús le gaolmhaireacht gnó, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid cinntí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu agus ar an mbonn sin amháin maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i gcás nach bhfuil baint ag an bhfaisnéis sin leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le hidirbheart nó gaolmhaireacht. Ar an gcaoi chéanna, chun a áirithiú go bhfuil déine an díchill chuí do chustaiméirí bunaithe ar thuiscint iomlánaíoch ar na rioscaí a bhaineann leis an gcustaiméir, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid cur i bhfeidhm leibhéal níos airde nó níos ísle de bhearta díchill chuí do chustaiméirí a bhunú ar shonraí íogaire atá ina seilbh acu faoin gcustaiméir agus ar na sonraí sin amháin.
|
|
(153)
|
De réir Mholtaí FATF athbhreithnithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis is gá a fhaightear trí bhearta díchill chuí do chustaiméirí nó trí na taifid ar idirbhearta a chothabháil ar feadh 5 bliana ar a laghad ionas go mbeidh siad in ann dul i gcomhar go hiomlán le húdaráis inniúla agus na hiarrataí uathu ar fhaisnéis a chomhlíonadh go pras chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Chun cineálacha éagsúla cur chuige a sheachaint agus chun na ceanglais a bhaineann le cosaint ar shonraí pearsanta agus deimhneacht dhlíthiúil a chomhlíonadh, ba cheart an tréimhse choinneála a shocrú ag 5 bliana tar éis do ghaolmhaireacht gnó nó d'idirbheart ócáideach teacht chun deiridh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nárbh fhéidir le húdaráis inniúla a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach dá scriosfaí an fhaisnéis ábhartha atá á coinneáil ag eintitis faoi oibleagáid de bhun dhul in éag na tréimhse coinneála. Sna cásanna sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh ar eintitis faoi oibleagáid faisnéis a choinneáil ar bhonn cás ar chás ar feadh tréimhse níos faide, ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná 5 bliana.
|
|
(154)
|
I gcás ina dtagraíonn coincheap na n-údarás inniúil d’údaráis imscrúdúcháin agus ionchúisimh, ba cheart é a thuiscint mar choincheap ina n-áirítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis na Ballstáit a bhíonn rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE.
|
|
(155)
|
Tá ról ríthábhachtach ag an scaipeadh faisnéise a dhéanann FIUnna maidir le gníomhaíochtaí coiriúla féideartha a bhrath faoi inniúlacht OIPE nó na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), nó ag an scaipeadh faisnéise a bhfuil Europol agus Eurojust in ann tacaíocht oibríochtúil a sholáthar ina leith ag céim luath i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach, agus is féidir leis an scaipeadh tacú le himscrúduithe agus ionchúisimh phrasa éifeachtacha. Ba cheart, san fhaisnéis a chomhroinneann FIUnna le OIPE agus OLAF, forais a áireamh maidir leis an amhras go ndearnadh nó go bhféadfadh sé go ndearnadh coir faoi inniúlachtaí OIPE agus OLAF faoi seach, agus ba cheart an fhaisnéis ábhartha uile atá á coinneáil ag an FIU agus lena bhféadfaí tacú le gníomhaíocht, lena n-áirítear faisnéis ábhartha airgeadais agus riaracháin, a bheith ag gabháil léi. Nuair a iarrann OIPE agus OLAF faisnéis ar FIUnna, tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeidh FIUnna in ann an fhaisnéis uile atá á coinneáil acu i ndáil leis an gcás a chomhroinnt. I gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ina n-ionstraimí dlí bunaidh, ba cheart do OIPE agus OLAF FIUnna a chur ar an eolas faoi na bearta a rinneadh i ndáil leis an bhfaisnéis a scaipeadh agus faoi aon torthaí ábhartha.
|
|
(156)
|
Chun riar cuí agus éifeachtach an cheartais a áirithiú i rith na tréimhse idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun go bhféadfaidh sé idirghníomhú go réidh leis an dlí nós imeachta náisiúnta, ba cheart faisnéis agus doiciméid a bhaineann le himeachtaí leanúnacha dlí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, arb imeachtaí iad atá ar feitheamh sna Ballstáit ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, a choinneáil ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an dáta sin, agus ba cheart é a bheith indéanta an tréimhse sin a fhadú go ceann 5 bliana eile.
|
|
(157)
|
Tá na cearta rochtana ar shonraí atá ag an ábhar sonraí infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche an Rialacháin seo. Dá mbeadh rochtain ag an ábhar sonraí, áfach, ar aon fhaisnéis a bhaineann le tuairisc ar idirbhearta amhrasacha, bhainfí an bonn go mór d’éifeachtacht chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Féadfaidh údar maith, dá bhrí sin, a bheith le heisceachtaí maidir leis an gceart sin, agus srianta leis an gceart sin, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679. Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí a iarraidh go ndéanfaidh údarás dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 seiceáil ar dhlíthiúlacht na próiseála agus tá sé de cheart aige leigheas breithiúnach a lorg dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán sin. Féadfaidh an t-údarás sin gníomhú freisin ar bhonn ex officio i gcás ina bhforáiltear dó faoi Rialachán (AE) 2016/679. Gan dochar do na srianta leis an gceart chun rochtain a fháil, ba cheart don údarás maoirseachta a bheith in ann an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go ndearna an t-údarás maoirseachta gach fíorú is gá, agus faoin toradh maidir le dlíthiúlacht na próiseála atá i gceist.
|
|
(158)
|
D’fhéadfadh eintitis faoi oibleagáid dul i muinín seirbhísí oibreoirí príobháideacha eile. Mar sin féin, maidir le creat AML/CFT, níor cheart feidhm a bheith ag an gcreat sin ach maidir le heintitis faoi oibleagáid, agus ba cheart an fhreagracht iomlán a fhágáil ar na heintitis faoi oibleagáid ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ionas nach dtabharfar roinnt seirbhísí isteach faoi raon feidhme an Rialacháin seo go neamhaireach, is gá a shoiléiriú, maidir leis na daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a thiontú ina sonraí leictreonacha agus a bhíonn ag gníomhú faoi chonradh le heintiteas faoi oibleagáid, agus daoine nach soláthraíonn ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile d’institiúidí creidmheasa nó d’institiúidí airgeadais chun cistí a tharchur, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, nó nach soláthraíonn ach córais imréitigh agus socraíochta, nach dtagann na daoine sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
|
|
(159)
|
Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach chruinn a fháil agus a choinneáil maidir le húinéireacht thairbhiúil agus rialú daoine dlítheanacha. Toisc go dtugann scaireanna iompróra an úinéireacht don duine ag a bhfuil an scairdheimhniú, féadfaidh an t-úinéir tairbhiúil a bheith anaithnid. Chun a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as scaireanna den sórt sin i gcomhair sciúradh airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, ba cheart do chuideachtaí – seachas iad sin a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargadh rialáilte nó a ndéantar a gcuid scaireanna a eisiúint mar urrúis idirghafa – gach scair iompróra reatha a thiontú ina scaireanna cláraithe iad a bhacadh, nó iad a thaisceadh le hinstitiúid airgeadais. Ina theannta sin, níor cheart ach barántais scaire iompróra i bhfoirm idirghafa a cheadú.
|
|
(160)
|
Fágann anaithnideacht cripteashócmhainní go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí mí-úsáide chun críoch coiriúil. Ní féidir aistrithe cripteashócmhainní a rianú nuair is trí chuntais cripteashócmhainní anaithnide nó ionstraimí eile um anaithnidiú a dhéantar iad, agus lena chois sin is deacra idirbhearta nasctha amhrasacha a shainaithint nó leibhéal leordhóthanach de dhícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm. Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais AML/CFT i bhfeidhm go héifeachtach maidir le cripteashócmhainní, ní mór toirmeasc a chur ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cuntais anaithnide cripteashócmhainní nó cuntais lena gceadaítear idirbhearta a anaithnidiú nó a ndoiléire a mhéadú a chur ar fáil nó a choinneáil, lena n-áirítear trí bhoinn lena gcuirtear leis an anaithnideacht. Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le soláthraithe crua-earraí agus bogearraí ná soláthraithe tiachóg féinóstáilte a mhéid nach bhfuil rochtain ná rialú acu ar na tiachóga cripteashócmhainní sin.
|
|
(161)
|
Tá úsáid íocaíochtaí móra in airgead tirim an-leochaileach i leith sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta; níor maolaíodh an leochaileacht sin go leordhóthanach leis an gceanglas atá ar dhaoine a thrádálann in earraí a bheith faoi réir rialacha maidir le frithsciúradh airgid le linn dóibh íocaíochtaí in airgead tirim dar méid EUR 10 000 nó níos mó a dhéanamh nó a fháil. An tráth céanna, baineann na difríochtaí i gcineálacha cur chuige sna Ballstáit éagsúla an bonn den chothrom iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach agus is iad na gnólachtaí atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfuil rialacha níos déine a bheidh thíos leis sin. Is gá dá bhrí sin teorainn a thabhairt isteach ar fud an Aontais ar íocaíochtaí móra in airgead tirim dar méid EUR 10 000. Ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann tairseacha níos ísle agus forálacha breise níos déine a ghlacadh a mhéid a shaothraíonn siad cuspóirí dlisteanacha ar mhaithe le leas an phobail. Ós rud é go bhfuil an creat AML/CFT bunaithe ar rialáil an gheilleagair gnó, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn maidir le híocaíochtaí idir daoine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú i bhfeidhm ghairmiúil. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcruthóidh an teorainn ar fud an Aontais bacainní go neamhbheartaithe do dhaoine nach n-úsáideann nó nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí baincéireachta, nó do ghnólachtaí an t-ioncam óna ngníomhaíochtaí a thaisceadh ina gcuntais, ba cheart íocaíochtaí nó taiscí a dhéantar ag áitribh institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta nó institiúidí ríomh-airgid a dhíolmhú freisin ó chur i bhfeidhm na teorann.
|
|
(162)
|
Maidir le híocaíochtaí in airgead tirim nó taiscí airgid thirim a dhéantar ag áitribh institiúidí creidmheasa, soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe ríomh-airgid a sháraíonn an tairseach le haghaidh íocaíochtaí móra in airgead tirim, níor cheart iad a mheas, mar réamhshocrú, mar tháscaire nó díol amhrais maidir le sciúradh airgid, a chionta preideacáide ná maoiniú na sceimhlitheoireachta. Cuireann tuairisciú na n-idirbheart sin ar chumas an FIU patrúin a bhaineann le gluaiseacht airgid thirim a mheasúnú agus a shainaithint agus, cé go gcuireann an fhaisnéis sin le hanailísí oibríochtúla nó straitéiseacha an FIU, fágann cineál na nochtaí tairseachbhunaithe go bhfuil siad éagsúil le tuairiscí ar idirbhearta amhrasacha. Chuige sin, ní chuirtear nochtaí tairseachbhunaithe in ionad an cheanglais maidir le hidirbhearta amhrasacha nó maidir le bearta feabhsaithe díchill chuí a chur i bhfeidhm i gcásanna ina bhfuil riosca níos airde ann. Ba cheart do FIUnna a bheith in ann a éileamh go ndéanfar na tuairiscí laistigh de sprioc-am sonrach, lena bhféadfaí tíolacadh tréimhsiúil ar bhonn comhiomlánaithe a áireamh.
|
|
(163)
|
D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhfágann cúiseanna force majeure, tubaistí nádúrtha, mar shampla, go bhfuil caillteanas forleathan rochtana ann ar shásraí íocaíochta cé is moite den airgead tirim. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm na teorann ar íocaíochtaí móra in airgead tirim a chur ar fionraí. Beart urghnách í an fhionraí sin agus níor cheart é a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá mar fhreagairt ar chásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. I gcás nach féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí airgeadais, ní foras bailí é sin chun an teorainn a chur ar fionraí i gcás inar féidir é a fhágáil ar Bhallstát nuair nár ráthaigh an Ballstát sin go mbeadh rochtain ag tomhaltóirí ar bhonneagar airgeadais ar fud a chríche ina iomláine.
|
|
(164)
|
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na costais, na tairbhí agus na tionchair a bhaineann leis an teorainn ar íocaíochtaí móra in airgead tirim a choigeartú ar leibhéal an Aontais d’fhonn an cothrom iomaíochta a dhéanamh níos cothroime fós do ghnólachtaí agus na deiseanna a bhíonn ag coirpigh airgead tirim a úsáid i gcomhair sciúradh airgid a laghdú. Ba cheart féachaint sa mheasúnú sin go háirithe ar an luach is oiriúnaí ar theorainn chomhchuibhithe ar íocaíochtaí in airgead tirim ar leibhéal an Aontais i bhfianaise na dteorainneacha atá cheana féin le híocaíochtaí in airgead tirim i roinnt Ballstáit, in-fhorfheidhmitheacht na teorann sin ar leibhéal an Aontais agus na n-éifeachtaí a bhíonn ag an teorainn sin ar dhlíthairiscint an euro.
|
|
(165)
|
Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar na costais, na tairbhí agus na tionchair a d’eascródh as an tairseach 25 % a ísliú maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint nuair a fheidhmítear rialú trí leas úinéireachta. Ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó Bhallstáit nó ó thríú tíortha a bhfuil tairseacha níos ísle tugtha isteach acu a chur san áireamh sa mheasúnú sin.
|
|
(166)
|
Maidir le rioscaí a bhaineann le hearraí ardluacha, d’fhéadfaí earraí eile is furasta a iompar a áireamh freisin, amhail baill éadaigh agus gabhálais éadaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le raon feidhme na n-eintiteas faoi oibleagáid a leathnú chun daoine a thrádálann in earraí ardluacha den sórt sin a áireamh. Ina theannta sin, ós rud é go dtugtar isteach leis an Rialachán seo den chéad uair ar leibhéal an Aontais nochtaí éigeantacha tairseachbhunaithe i ndáil le hearraí ardluacha áirithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, bunaithe ar an taithí a fuarthas i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar an ngá atá le raon feidhme na n-earraí atá faoi réir nochtaí tairseachbhunaithe a leathnú, agus leis an bhformáid le haghaidh na nochtaí sin a chomhchuibhiú i bhfianaise na húsáide a bhaineann FIUnna as nochtaí tairseachbhunaithe. Ar deireadh, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hearraí ardluacha i gcriosanna saorthrádála, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leathnú a dhéanamh ar raon feidhme na faisnéise atá le tuairisciú ag oibreoirí a thrádálann agus a stórálann earraí ardluacha sna criosanna saorthrádála sin.
|
|
(167)
|
Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais AML/CFT i bhfeidhm go comhsheasmhach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith tríú tíortha ardriosca, tríú tíortha ar a bhfuil laigí maidir le comhlíonadh agus tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad a shainaithint, chomh maith le frithbhearta nó bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha a shainaithint, rioscaí a eascraíonn as tríú tíortha den sórt sin a mhaolú;, cásanna breise de bhearta ardriosca a dhéanann difear do bhearta feabhsaithe díchill chuí an Aontais agus gaolmhara a shainaithint; catagóirí coitianta breise d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a shainaithint; catagóirí d’eintitis chorparáideacha lena mbaineann rioscaí níos airde agus na tairseacha níos ísle gaolmhara a shainaithint chun críche úinéireacht thairbhiúil a shainaithint trí leas úinéireachta; catagóirí na sáruithe ar cheanglais trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil atá faoi réir smachtbhannaí a shainiú agus na daoine faoi dhliteanas dóibh, na táscairí chun leibhéal tromchúise sáruithe a aicmiú agus na critéir a bheidh le cur san áireamh agus leibhéal na bpionós á shocrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (29). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
|
|
(168)
|
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag AMLA lena sonraítear na híoscheanglais i mbeartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa; lena n-áirítear íoschaighdeáin maidir le comhroinnt faisnéise, na critéir chun an máthairghnóthas a sainaithint agus na coinníollacha faoina gceanglaítear ar struchtúir a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialuithe coiteanna maidir le comhlíonadh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa a chur i bhfeidhm; lena sonraítear cineál na mbeart breise, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le déanamh ag grúpaí i gcás nach gceadaítear le dlí tríú tíortha beartais, nósanna imeachta agus rialuithe agus gníomhaíochtaí breise maoirseachta uileghrúpa a chur chun feidhme; lena sonraítear eintitis faoi oibleagáid, na hearnálacha agus na hidirbhearta lena mbaineann riosca níos airde agus idirbhearta ócáideacha ar luach íseal a dhéanamh agus gaolmhaireacht ghnó a shainaithint agus na critéir chun idirbhearta nasctha chun críche díchill chuí do chustaiméirí a shainaithint; agus lena sonraítear an fhaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
(169)
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an mhodheolaíocht a leagan amach chun tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad a shainaithint, an fhormáid a leagan amach chun liostaí na mBallstát d’fheidhmeanna poiblí suntasacha a bhunú agus a chur in iúl, agus cineálacha eintiteas dlítheanach agus cineálacha socruithe dlíthiúla atá cosúil le hiontaobhais shainráite arna rialú ag dlí na mBallstát a shainaithint. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin chun cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le frithbhearta náisiúnta breise sonracha.
|
|
(170)
|
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag AMLA a ghlacadh lena sonraítear an fhormáid atá le húsáid chun amhras a thuairisciú agus chun taifid idirbheart a sholáthar, agus an fhormáid atá le húsáid ag FIUnna chun faisnéis a thuairisciú do OIPE. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
(171)
|
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail arna n-aithint sa Chairt, go háirithe an ceart go ndéantar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéantar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh.
|
|
(172)
|
I gcomhréir le hAirteagal 21 den Chairt, ina ndéantar idirdhealú a thoirmeasc ar aon fhoras, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid measúnuithe riosca a dhéanamh i gcomhthéacs díchill chuí do chustaiméirí, gan idirdhealú a dhéanamh.
|
|
(173)
|
Nuair a bheidh tuarascáil á tarraingt suas ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an urraim do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail a aithnítear sa Chairt.
|
|
(174)
|
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin cosc a chur ar úsáid chóras airgeadais an Aontais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
|
|
(175)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2021 (31),
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R.METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H.LAHBIB
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II BEARTAIS, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE INMHEÁNACHA NA N-EINTITEAS FAOI OIBLEAGÁID
|
CAIBIDIL II BEARTAIS, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE INMHEÁNACHA NA N-EINTITEAS FAOI OIBLEAGÁID
|
|
CAIBIDIL III DÍCHEALL CUÍ DO CHUSTAIMÉIRÍ
|
CAIBIDIL III DÍCHEALL CUÍ DO CHUSTAIMÉIRÍ
|
|
CAIBIDIL IV TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE HÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL
|
CAIBIDIL IV TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE HÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL
|
|
CAIBIDIL V OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE
|
CAIBIDIL V OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE
|
|
CAIBIDIL VI COMHROINNT FAISNÉISE
|
CAIBIDIL VI COMHROINNT FAISNÉISE
|
|
CAIBIDIL VII COSAINT SONRAÍ AGUS TAIFID A CHOIMEÁD
|
CAIBIDIL VII COSAINT SONRAÍ AGUS TAIFID A CHOIMEÁD
|
|
CAIBIDIL VIII BEARTA CHUN RIOSCAÍ A DHÍORTHAÍONN Ó IONSTRAIMÍ ANAITHNIDE A MHAOLÚ
|
CAIBIDIL VIII BEARTA CHUN RIOSCAÍ A DHÍORTHAÍONN Ó IONSTRAIMÍ ANAITHNIDE A MHAOLÚ
|
|
CAIBIDIL IX FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL IX FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
|